This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1323
Council Decision (EU) 2023/1323 of 27 June 2023 on the signing, on behalf of the Union, of the Free Trade Agreement between the European Union and New Zealand
Cinneadh (AE) 2023/1323 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn
Cinneadh (AE) 2023/1323 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn
ST/6599/2023/INIT
IO L 166, 30.6.2023, p. 48–49
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 166/48 |
CINNEADH (AE) 2023/1323 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Meitheamh 2023
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 22 Bealtaine 2018, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún comhaontú saorthrádála a chaibidliú leis an Nua-Shéalainn. |
(2) |
An 30 Meitheamh 2022, tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.