Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1318

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1318 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit

    C/2023/4095

    IO L 163, 29.6.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1318/oj

    29.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 163/7


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1318 ÓN gCOIMISIÚN

    an 28 Meitheamh 2023

    lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (1), agus go háirithe Airteagal 19(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tar éis Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 ón gCoimisiún (2) a ghlacadh, shainaithin an Coimisiún earráid, is í sin an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leagtar amach don Ríocht Aontaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis.

    (2)

    Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 a cheartú.

    (3)

    Ba cheart an Cinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe ionas gur féidir na céimeanna nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 73b agus 73g de Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (4) a chur i gcrích roimh an 9 Meán Fómhair 2023, an dáta a thiocfaidh deireadh le tréimhse chomhlíontachta an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/1953, sa ró le haghaidh na Ríochta Aontaithe, an dara colún, cuirtear an figiúr ‘296 123 996’ in ionad an fhigiúir ‘298 936 220’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit (IO L 269, 17.10.2022, lch. 17).

    (3)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).


    Top