Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1305

    Cinneadh (CBES) 2023/1305 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)

    ST/9940/2023/INIT

    IO L 161, 27.6.2023, p. 68–69 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1305/oj

    27.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 161/68


    CINNEADH (CBES) 2023/1305 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 22 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/233/CBES (1) lena mbunaítear Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya).

    (2)

    An 18 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1009 (2), lena ndéantar sainordú EUBAM Libya a oiriúnú agus a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    (3)

    I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar an Misean, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh dhá bhliain a chur le EUBAM Libya go dtí an 30 Meitheamh 2025 agus gur cheart don Mhisean rannchuidiú sa tréimhse sin le feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis agus ghníomhaireachtaí ábhartha na Libia chun teorainneacha na Libia a bhainistiú, chun an choireacht trasteorann a chomhrac, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

    (4)

    Ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse a chumhdaítear leis an méid tagartha airgeadais dá bhforáiltear le Cinneadh (CBES) 2021/009 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Ba cheart don Chomhairle, níos faide anonn, cinneadh a dhéanamh maidir le méid tagartha don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

    (5)

    Ba cheart Cinneadh 2013/233/CBES a leasú dá réir sin.

    (6)

    Cuirfear EUBAM Libya i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar ghnóthú chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo Cinneadh 2013/233/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    ‘Airteagal 2

    Cuspóir

    Rannchuideoidh EUBAM Libya le feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis agus ghníomhaireachtaí ábhartha na Libia chun teorainneacha na Libia a bhainistiú, chun coireacht trasteorann a chomhrac, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac.’

    ;

    (2)

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 1a:

    ‘1.   Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfaidh EUBAM Libya an méid seo a leanas:

    (a)

    tacú le húdaráis agus gníomhaireachtaí na Libia atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear comhar laistigh de na gníomhaireachtaí, idir gníomhaireachtaí agus comhar idirnáisiúnta a éascú mar threoirphrionsabail maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha;

    (b)

    tacú le húdaráis agus gníomhaireachtaí na Libia atá rannpháirteach i gcomhrac na coireachta trasteorann, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus an sceimhlitheoireacht, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta sna réimsí sin;

    (c)

    comhar agus idir-inoibritheacht údaráis agus ghníomhaireachtaí na Libia sna réimsí téamacha sin a éascú agus tacú leo chun cabhrú leo bearnaí nó forluí a d’fhéadfadh a bheith ann i mbainistiú teorainneacha a mhaolú, aghaidh a thabhairt ar choireacht trasteorann, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac;

    (d)

    measúnuithe ar riachtanais shonracha a chur ar fáil agus tionscadail ghaolmhara a fhorbairt chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla an Mhisin.

    1a.   Agus a chúraimí á gcur i gcrích aige, cuirfidh EUBAM Libya comhairle theicniúil, gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta ar na leibhéil oibríochtúla agus theicniúla ar fáil agus cuirfidh sé tionscadail i gcrích, arna gcomhlánú de réir mar is iomchuí agus ar bhonn cás ar chás le hoiliúint speisialaithe. Thairis sin, cuirfidh EUBAM Libya comhairle straitéiseach ar fáil arna iarraidh sin d’údaráis na Libia.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí:

    ‘EUR 84 850 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EUBAM Libya a chumhdach ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

    Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EUBAM Libya a chumhdach ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025.’;

    (4)

    in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    ‘Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála measúnú straitéiseach ar EUBAM Libya agus a shainordú faoin 30 Meitheamh 2024. Déanfar Athbhreithniú Straitéiseach ar EUMAM Libya in am trátha sula rachaidh an Cinneadh seo in éag.

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meitheamh 2025.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 138, 24.5.2013, lch. 15.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2021/1009 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (IO L 222, 22.6.2021, lch. 18).


    Top