EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1304

Cinneadh (CBES) 2023/1304 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána

ST/9494/2023/INIT

IO L 161, 27.6.2023, p. 66–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1304/oj

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 161/66


CINNEADH (CBES) 2023/1304 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1), 41(2), 42(4) agus 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2022, chomhaontaigh an Chomhairle gur cheart uasteorainn fhoriomlán airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána (‘an tSaoráid’) a mhéadú EUR 2 000 milliún (i bpraghsanna 2018) in imeacht na mblianta ó 2024 go 2027. Agus an méadú sin á cur chun feidhme, tá uasteorainn na n-íocaíochtaí a comhaontaíodh do 2023 le hurramú. D’admhaigh an Chomhairle freisin go bhféadfadh sé gur ghá uasteorainn fhoriomlán airgeadais na Saoráide go dtí 2027 a mhéadú a thuilleadh de bharr athruithe sa timpeallacht slándála idirnáisiúnta. Is í an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, a chinnfidh ar aon mhéadú breise atá le déanamh agus leagfar síos i leasú ar Chinneadh (CBES) 2021/509 (1) ón gComhairle é. Níl an méadú foriomlán iomlán ar uasteorainn airgeadais na Saoráide go dtí 2027 le dul thar EUR 5 500 milliún (i bpraghsanna 2018).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 15 Nollaig 2022, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gné dhomhanda na Saoráide agus ba dhíol sásaimh di an comhaontú sa Chomhairle an 12 Nollaig 2022 chun a hinbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú.

(3)

An 13 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/577 (2), lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509.

(4)

An 20 Márta 2023, shocraigh an Chomhairle a marana a dhéanamh ar mhéadú breise EUR 3 500 milliún (i bpraghsanna 2018) a dhéanamh ar uasteorainn fhoriomlán airgeadais na Saoráide. Agus an méadú sin á chur chun feidhme, déanfar raon feidhme agus intuarthacht fhoriomlán na Saoráide Eorpaí Síochána agus a riachtanais maoiniúcháin fhadtéarmaigh le haghaidh bearta cúnaimh lena soláthraítear trealamh marfach agus neamh-mharfach araon, agus le haghaidh misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta. Sa bhreis air sin, tá cur chun feidhme an mhéadaithe sin leis an uasteorainn le haghaidh íocaíochtaí a comhaontaíodh do 2023, a urramú. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

1.   EUR 12 040 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san uasteorainn airgeadais do chur chun feidhme na Saoráide don tréimhse 2021–2027.

2.   Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheidh an miondealú ar an uasteorainn airgeadais in aghaidh na bliana.

3.   Úsáidfear an uasteorainn airgeadais ar bhealach lena gcaomhnófar raon feidhme geografach domhanda na Saoráide agus cumas an Aontais géarchéimeanna agus coinbhleachtaí a chosc agus freagairt orthu go pras, go príomha ach ní go heisiach i réimsí ina bhfuil na bagairtí slándála is práinní agus is criticiúla don Aontas, agus na tosaíochtaí straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 9(1) á gcomhlíonadh. Déanfaidh an Coiste um an tSaoráid dá dtagraítear in Airteagal 11 cinneadh maidir le húsáid na huasteorann airgeadais trí na méideanna foriomlána atá beartaithe le haghaidh bearta cúnaimh agus na méideanna foriomlána atá beartaithe d’oibríochtaí arna gcistiú faoin tSaoráid a shainiú, chun a hinbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú. Déanfaidh an Coiste um an tSaoráid athbhreithniú ar na méideanna foriomlána sin de réir mar is gá i gcomhréir leis an treoshuíomh straitéiseach arna sholáthar ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála de bhun Airteagal 9(2).’

;

(2)

in Airteagal 73, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘10.   Déanfaidh an Coiste um an tSaoráid cinneadh maidir leis an uasteorainn airgeadais a úsáid de bhun Airteagal 2(3) faoin 30 Meán Fómhair 2023.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

‘IARSCRÍBHINN I

UASTEORAINNEACHA AIRGEADAIS BLIANTÚLA

Údarófar na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha na méideanna seo a leanas, gan dochar d’Airteagal 17(3) agus (3a) agus faoi réir Airteagal 73(2):

Praghsanna reatha, i milliúin euro

 

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Praghsanna reatha

399

591

980

2 785

2 380

2 425

2 480

’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/577 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána (IO L 75, 14.3.2023, lch. 23).


Top