Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1302

    Cinneadh (CBES) 2023/1302 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

    ST/9426/2023/INIT

    IO L 161, 27.6.2023, p. 62–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1302/oj

    27.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 161/62


    CINNEADH (CBES) 2023/1302 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 3 Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/354/CBES (1), lenar leanadh ar aghaidh le EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2013.

    (2)

    An 27 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1018 (2) lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES agus lena gcuirtear síneadh leis ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    (3)

    An 28 Feabhra 2023, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh chomhordaithe ar EU BAM Rafah agus ar EUPOL COPPS, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur leis an dá mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2025, i bhfoirm dhá shíneadh, bliain an ceann.

    (4)

    Agus faisnéis a chuir Iosrael agus Údarás na Palaistíne ar fáil á cur san áireamh, ba cheart, ag an gcéim sin, síneadh bliana a chur le EUPOL COPPS, go dtí an 30 Meitheamh 2024.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/354/CBES a leasú dá réir.

    (6)

    Cuirfear EUPOL COPPS i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    ‘Is é EUR 11 360 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.’;

    (2)

    in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

    ‘Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2024.’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na gCríoch Palaistíneach (EUPOL COPPS) (IO L 185, 4.7.2013, lch. 12).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/1018 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2013/354 ón gComhairle a maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 170, 28.6.2022, lch. 76).


    Top