Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1210

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1210 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2023 lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi le doiciméad C(2023) 3940) (Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/3940

    IO L 159, 22.6.2023, p. 94–99 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1210/oj

    22.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 159/94


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1210 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Meitheamh 2023

    lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (tugadh fógra faoi le doiciméad C(2023) 3940)

    (Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) agus Airteagal 23(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Údaraíodh le Cinneadh 2011/891/AE ón gCoimisiún (2) bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as. Cumhdaíodh le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh ach ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh na n-úsáidí céanna atá ag cadás d’aon chineál eile, cé is moite de shaothrú.

    (2)

    An 16 Samhain 2020, is é Dow AgroSciences Distribution S.A.S., atá lonnaithe sa Fhrainc, a chuir isteach iarratas chuig an gCoimisiún, thar ceann Dow AgroSciences LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chun an t-údarú sin a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le hAirteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

    (3)

    I litir dar dáta an 22 Márta 2021, chuir Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, an Coimisiún ar an eolas go raibh a ainm athraithe ag Dow AgroSciences LLC go Corteva Agriscience LLC amhail ón 1 Eanáir 2021. Leis an litir sin, chuir Corteva Agriscience LLC an Coimisiún ar an eolas gurb é Corteva Agriscience Belgium BV, atá lonnaithe sa Bheilg, a ionadaí san Aontas ón 22 Márta 2021.

    (4)

    An 10 Samhain 2022, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach (3) i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan ar aon ghuais nua, teagmháil mhodhnaithe nó éiginnteacht eolaíoch nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar chadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23, measúnú a ghlac an tÚdarás in 2010 (4).

    (5)

    Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

    (6)

    An plean faireacháin le haghaidh na n-éifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí.

    (7)

    Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, agus chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe GHB614 nó atá comhdhéanta de le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan.

    (8)

    I gcomhthéacs a údaraithe tosaigh le Cinneadh 2011/891/AE, tá aitheantóir uathúil sannta do chadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23 (5), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún. Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid.

    (9)

    I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23 nó atá comhdhéanta de laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú.

    (10)

    Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (7).

    (11)

    Ní thugann tuairim an Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iarmhargaidh i ndáil le bia agus beatha a thomhailt, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, nó maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

    (12)

    Gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

    (13)

    Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (14)

    Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

    Cadás géinmhodhnaithe (Gossypium hirsutum) 281-24-236 × 3006-210-23, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t-aitheantóir uathúil DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.

    Airteagal 2

    Athnuachan an údaraithe

    An t-údarú chun na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

    (a)

    bianna agus comhábhair bia ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

    (b)

    beatha ina bhfuil pónaire cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

    (c)

    táirgí ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

    Airteagal 3

    Lipéadú

    1.   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘cadás’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.

    2.   Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe nó arb é sin atá iontu, cadás dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

    Airteagal 4

    Modh braite

    Beidh feidhm ag na modhanna a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 a bhrath.

    Airteagal 5

    Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil

    1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

    2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

    Airteagal 6

    Clár Comhphobail

    An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirfear isteach í i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

    Airteagal 7

    Sealbhóir an údaraithe

    Is é Corteva Agriscience LLC, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, an Bheilg, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

    Airteagal 8

    Bailíocht

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra ina leith.

    Airteagal 9

    Seolaí

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 An Bhruiséil, an Bheilg.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

    (2)  Cinneadh 2011/891/AE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2011 lena n-údaraítear táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe 281-24-236x3006-210-23 (DAS-24236-5x DAS-21Ø23-5), nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 344, 28.12.2011, lch. 51).

    (3)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2022. Scientific Opinion on the assessment of genetically modified cotton 281-24-236 × 3006-210-23 for renewal authorisation under Regulation (EC) No 1829/2003 (application EFSA-GMO-RX-019) [Tuairim Eolaíoch ar an measúnú ar chadás géinmhodhnaithe 281-24-236 × 3006-210-23 maidir le húdarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-RX-019)]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(11):7587, 12 lch.; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7587.

    (4)  Painéal OGM EFSA, 2010. Scientific Opinion on application (EFSA-GMO-NL-2005-16) for the placing on the market of insect resistant genetically modified cotton (Gossypium hirsutum L.) 281-24-236 × 3006-210-23 for food and feed uses, import and processing under Regulation (EC) No 1829/2003 from Dow AgroSciences [Tuairim Eolaíoch maidir le hiarratas (EFSA-GMO-NL-2005-16) maidir le cadás géinmhodhnaithe atá frithsheasmhach in aghaidh feithidí (Gossypium hirsutum L.) 281-24-236 × 3006-210-23 a chur ar an margadh, lena úsáid i mbia agus i mbeatha, lena allmhairiú agus lena phróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Dow AgroSciences]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2010; 8(6):1644, 32 lch.; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2010.1644.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

    (7)  Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe maidir le cur i láthair na dtorthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    (a)   Iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:

    Ainm:

    Corteva Agriscience LLC

    Seoladh:

    9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    arna ionadú san Aontas ag: Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 An Bhruiséil, An Bheilg.

    (b)   Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:

    (1)

    bianna agus comhábhair bia ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

    (2)

    beatha ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

    (3)

    táirgí ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 nó atá comhdhéanta de le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

    An cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 léiríonn sé na géinte cry1F agus cry1Ac, lena dtugtar frithsheasmhacht do lotnaidí léipidipteire áirithe, agus don ghéin pat, arna húsáid mar mharcóir inroghnaithe, lena dtugtar fulaingt do luibhicídí bunaithe ar glúfosanáit-amóiniam.

    (c)   Lipéadú:

    (1)

    Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘cadás’ a bheidh mar ainm an orgánaigh;

    (2)

    Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

    (d)   Modh braite:

    (1)

    Modh teagmhas-shonrach maidir le cadás géinmhodhnaithe DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5 a chainníochtú trí úsáid a bhaint as PCR fíor-ama;

    (2)

    Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx;

    (3)

    Ábhar Tagartha: Tá ERM-BF422 inrochtana tríd Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/.

    (e)   Aitheantóir uathúil:

    DAS-24236-5 × DAS-21Ø23-5.

    (f)   Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

    [Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].

    (g)   Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

    Ní gá.

    (h)   Plean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol:

    Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    [Nasc: plean a foilsíodh sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

    (i)   Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:

    Ní gá.

    Nóta: d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal trí chlár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.


    (1)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).


    Top