This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1206
Council Decision (EU) 2023/1206 of 20 June 2023 appointing an alternate member, proposed by the Republic of Estonia, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2023/1206 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2023/1206 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
ST/10314/2023/COR/1
IO L 159, 22.6.2023, p. 74–74
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025
|
22.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/74 |
CINNEADH (AE) 2023/1206 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2023
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 2 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/508 (2), lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Tiit TERIK a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na hEastóine Tiit TERIK, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól, Tallinna Linnavolikogu liige (comhalta de Chomhairle Cathrach Thaillinn), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Tiit TERIK, ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól, Tallinna Linnavolikogu liige (comhalta de Chomhairle Cathrach Thaillinn), (athrú sainordaithe), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
R. POURMOKHTARI
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2023/508 ón gComhairle an 2 Márta 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L 70, 8.3.2023, lch. 49).