Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1138

    Cinneadh (CBES) 2023/1138 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

    ST/8298/2023/INIT

    IO L 149, 9.6.2023, p. 89–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1138/oj

    9.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 149/89


    CINNEADH (CBES) 2023/1138 ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1).

    (2)

    An 26 Aibreán 2023, chuir Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1267(1999), Rún 1989(2011) agus Rún 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

    (3)

    An 3 Bealtaine 2023, cuireadh na daoine sin le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle (2).

    (4)

    Ós rud é go raibh duine de na daoine sin ainmnithe cheana féin faoi Airteagal 2, mír 2, agus Airteagal 3, mír 3, de Chinneadh (CBES) 2016/1693, ba cheart an duine sin a bhaint den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. MALMER STENERGARD


    (1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá comhlachaithe leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2023, lch. 9).


    IARSCRÍBHINN

    Scriostar an iontráil seo a leanas ón Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 faoin gceannteideal ‘A. Daoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3’:

    ‘9.

    Sultan Aziz AZAM (a.k.a. Aziz Azam, Sultan Aziz, Sultan Azziz Azzam, Sultan Aziz Ezzam); dáta breithe: 1985; áit bhreithe: An Afganastáin; náisiúntacht: Afganastánach.’.

    Top