This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1137
Council Decision (CFSP) 2023/1137 of 8 June 2023 on an assistance measure under the European Peace Facility to support the Nigerien Armed Forces
Cinneadh (CBES) 2023/1137 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire
Cinneadh (CBES) 2023/1137 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire
ST/7666/2023/REV/1
IO L 149, 9.6.2023, pp. 85–88
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 14/07/2024; Arna aisghairm le 32024D1982
|
9.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 149/85 |
CINNEADH (CBES) 2023/1137 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2023
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1) ón gComhairle, bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Tá ról an-tábhachtach ag Poblacht na Nígire i gcroíthionscnaimh thábhachtacha réigiúnacha, Eorpacha agus idirnáisiúnta darb aidhm an tsíocháin agus an fhorbairt a neartú sa tSaiheil, lena n-áirítear Straitéis Chomhtháite an Aontais sa tSaiheil, an Chomhghuaillíocht don tSaiheil agus an Chomhpháirtíocht um Shlándáil agus Cobhsaíocht sa tSaiheil (P3S), chomh maith le Comhaontas na Saiheile. Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta le déanaí, lena n-áirítear an tAontas, chun tacú le Poblacht na Nígire agus an sceimhlitheoireacht á comhrac aici. |
|
(3) |
An 10 Meitheamh 2022, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Phoblacht na Nigéire ar an Aontas cúnamh a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigeriennes – FAN) maidir le trealamh tábhachtach a sholáthar chun feabhas a chur ar acmhainneacht neastacaíochta aeir Aerfhórsa na Nígire (Armée de l’air du Niger – AAN). An 4 Aibreán 2023, fuarthas iarraidh athbhreithnithe ó Phoblacht na Nígire i bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe ar riachtanais a rinne an tAontas i mí Feabhra 2023. |
|
(4) |
Ceapadh an Cinneadh seo ón gComhairle maidir le beart cúnaimh faoi SES chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire d’fhonn Cinneadh (CBES) 2023/1136 ón gComhairle (2) a chomhlánú. Ba cheart an dá Chinneadh sin a chur chun feidhme go comhuaineach, ach ba cheart iad a riar ar leithligh. |
|
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe go ndéantar Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3) a chomhlíonadh, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES. |
|
(6) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh (‘an beart cúnaimh’) a rachaidh chun tairbhe Phoblacht na Nígire (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES).
2. Is é cuspóir an bhirt cúnaimh acmhainneacht Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigériennes – FAN) a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht Phoblacht na Nígire a chosaint agus chun cosaint níos fearr a thabhairt don phobal sibhialta, lena n-áirítear i gcoinne na bagartha sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid, agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha á chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na gníomhaíochtaí seo a leanas chun soláthar trealaimh mhíleata d’Fhórsaí Armtha na Nígire a chomhlánú, trína áirithiú go ndéantar é a úsáid, a chothabháil, a stóráil agus a fhaire ar bhealach leordhóthanach:
|
(a) |
trealamh: trealamh lóistíochta agus troscán bunúsach do Bhunáit Tillabéri an Choimisiúin Náisiúnta um Chearta an Duine (Commission Nationale des Droits Humains – CNDH). |
|
(b) |
gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a théann chun tairbhe d’Aerfhórsa na Nígire (Armée de l’air du Niger — AAN) agus don Choimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine sna réimsí seo a leanas:
|
|
(c) |
bonneagar: uasghrádú iosta ordanáis Bhunáit Aeir 101 suite in Niamey. |
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 297 002 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh Aerfhórsa na Nígire an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht faoin mbeart cúnaimh a fhionraí agus a fhoirceannadh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Défense Conseil International - DCI Group a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Fairfidh an tArdionadaí go mbeidh na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh ag an tairbhí. Úsáidfear an faireachán sin chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sárú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus chun cuidiú le sáruithe mar sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag Aerfhórsa na Nígire.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar sheachadadh, lena mbeidh deimhnithe seachadta le síniú ag na fórsaí is úsáideoirí deiridh nuair a dhéanfar an úinéireacht a aistriú; |
|
(b) |
tuairisciú, lena dtabharfaidh an tairbhí tuairisc bhliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis na seirbhísí agus an bonneagar arna soláthar faoin mbeart cúnaimh, go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cigireachtaí ar an láthair, lena ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó. |
3. Ar an mbeart cúnaimh a bheith críochnaithe, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh air chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha gach sé mhí don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Luxembourg, an 8 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MALMER STENERGARD
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1136 an 8 Meitheamh 2023 ón gComhairle maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire le trealamh míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (féach leathanach 81 den Iris Oifigiúil).
(3) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).