Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1076

Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement

ST/5523/2023/REV/1

IO L 143I, 2.6.2023, pp. 4–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj

Related international agreement

2.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 143/4


CINNEADH (AE) 2023/1076 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Meitheamh 2023

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(6) an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) an chéad ionstraim idirnáisiúnta arb é is aidhm di deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban, lena n-áirítear cailíní faoi bhun 18 mbliana d’aois, mar bhunchúis le neamhionannas leanúnach idir fir agus mná, trí chreat cuimsitheach de bhearta dlíthiúla agus beartais a bhunú chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus íospartaigh an fhoréigin sin a chosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Aibreán 2014. I gcomhréir le hAirteagal 75 den Choinbhinsiún, féadfaidh an tAontas a bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún.

(2)

I gcomhréir le Cinntí (AE) 2017/865 (2) agus (AE) 2017/866 (3) ón gComhairle, síníodh an Coinbhinsiún an 13 Meitheamh 2017 thar ceann an Aontais maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus maidir le tearmann agus non-refoulement, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)

Cruthaítear leis an gCoinbhinsiún creat dlíthiúil cuimsitheach ilghnéitheach chun mná a chosaint ar gach cineál foréigin. Féachann sé le foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus foréigean teaghlaigh a chosc, a ionchúiseamh agus a dhíothú. Clúdaíonn sé raon leathan beart, idir bhailiú sonraí agus múscailt feasachta agus bearta dlíthiúla maidir le cineálacha éagsúla foréigin in aghaidh na mban a choiriúlú. Áirítear ann bearta chun íospartaigh a chosaint agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar, agus tugtar aghaidh ann ar ghné an fhoréigin inscnebhunaithe in ábhair a bhaineann le tearmann agus imirce. Bunaítear leis an gCoinbhinsiún sásra faireacháin sonrach chun a áirithiú go gcuirfidh na Páirtithe a fhorálacha chun feidhme go héifeachtach.

(4)

Rannchuideoidh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin thar ceann an Aontais le comhionannais idir mná agus fir a bhaint amach i ngach réimse, ar príomhchuspóir agus luach lárnach de chuid an Aontais é atá le baint amach ina ghníomhaíochtaí uile i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le hAirteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní hamháin gur cion coiriúil é an foréigean in aghaidh na mban ach is sárú é freisin ar a gcearta daonna agus is fíorchineál idirdhealaithe é, atá daingnithe i neamhionannas inscne agus a rannchuidíonn lena gcoinneáil ar bun agus lena dtreisiú. Trí ghealltanas a thabhairt maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin, deimhníonn an tAontas a rannpháirtíocht chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac ar a chríoch agus ar fud an domhain, agus treisíonn sé a ghníomhaíocht pholaitiúil reatha agus an creat dlíthiúil substaintiúil atá ann cheana i réimse an dlí nós imeachta choiriúil, atá ábhartha go háirithe do mhná agus do chailíní.

(5)

Cumhdaíonn an Coinbhinsiún ábhair a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus ábhair eile a thagann faoi inniúlacht na mBallstát.

(6)

Níor cheart don Aontas aontú don Choinbhinsiún ach amháin a mhéid a bhaineann leis na hábhair a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, eadhon a mhéid a d’fhéadfadh forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú. Mar atá cúrsaí faoi láthair, tá feidhm aige sin, go háirithe, maidir le forálacha áirithe den Choinbhinsiún a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus maidir le forálacha an Choinbhinsiúin maidir le tearmann agus non-refoulement. Coimeádann na Ballstáit a n-inniúlacht sa mhéid nach ndéanann an Coinbhinsiún difear do chomhrialacha ná nach n-athraíonn sé a raon feidhme. Tá aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún i ndáil le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach gan dochar d’inniúlacht na mBallstát a mhéid a bhaineann le daingniú an Choinbhinsiúin, maidir le hábhair a thagann faoina n-inniúlachtaí náisiúnta.

(7)

Ag céim chur chun feidhme an Choinbhinsiúin, beidh an tAontas freagrach as forálacha an Choinbhinsiúin a thagann faoina inniúlacht eisiach a chur chun feidhme, ach is iad na Ballstáit a dhaingnigh an Coinbhinsiún amháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a thagann faoina n-inniúlacht náisiúnta.

(8)

Is ionann na bunúis dlí dá dtagraítear sa Chinneadh seo agus léiriú ábhartha, mar atá cúrsaí faoi láthair, ar mhéid inniúlacht an Aontais i ndáil leis an gCoinbhinsiún, agus ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit.

(9)

Baineann an Cinneadh seo le forálacha an Choinbhinsiúin maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement a mhéid a d’fhéadfadh na forálacha sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a athrú. Ní bhaineann sé le hinstitiúidí ná le riarachán poiblí an Aontais a dtugtar aghaidh orthu le cinneadh ar leith ón gComhairle atá le glacadh i gcomhthráth leis an gCinneadh seo.

(10)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(12)

Dréachtaíodh Cód Iompraíochta lena leagtar síos na socruithe inmheánacha maidir le feidhmiú chearta agus oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoin gCoinbhinsiún (‘an Cód Iompair’) idir an Chomhairle, na Ballstáit ar páirtithe iad sa Choinbhinsiún agus an Coimisiún. Cumhdaítear leis na socruithe sin, inter alia, ról an Choimisiúin mar chomhlacht comhordaithe de réir bhrí Airteagal 10 den Choinbhinsiún maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí faoi seach na mBallstát ná d’uathriail institiúidí an Aontais in ábhair a bhaineann lena n-oibríochtaí faoi seach; módúlachtaí an tsásra faireacháin lena n-áirítear tuairisciú don Ghrúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (GREVIO); rannpháirtíocht an Aontais i gcruinnithe na gcomhlachtaí a cruthaíodh leis an gCoinbhinsiún, go háirithe Coiste na bPáirtithe dá dtagraítear in Airteagal 67 den Choinbhinsiún; seasaimh choiteanna nó chomhordaithe de chuid an Aontais a mhionsaothrú do na cruinnithe sin; chomh maith leis an dlúthchomhar ag na cruinnithe sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceisteanna a bhaineann le labhairt agus le socruithe vótála. Dá bhrí sin, tá an Cód Iompair seo ceaptha mar uirlis inmheánach phraiticiúil chun cur ar chumas an Aontais agus a Bhallstát ionadaíocht sheachtrach atá comhleanúnach, cuimsitheach agus aontaithe a bhaint amach maidir leis an gCoinbhinsiún.

(13)

Ba cheart an Coinbhinsiún a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, déantar Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) a fhormheas thar ceann an Aontais (4) i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

2.   Beidh aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún gan dochar d’inniúlacht an Bhallstáit a mhéid a bhaineann le daingniú an Choinbhinsiúin ar ábhair a thagann faoina n-inniúlachtaí náisiúnta.

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a bhfuil sé de chumhacht aige/acu taisceadh a dhéanamh, thar ceann an Aontais, chun an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 75(2) agus (4) den Choinbhinsiún.

Airteagal 3

Gníomhóidh an Coimisiún mar chomhlacht comhordaithe an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 10 den Choinbhinsiún agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí tuairiscithe faoi Chaibidil IX maidir le hábhair a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát ná d’uathriail institiúidí an Aontais in ábhair a bhaineann lena n-oibríochtaí faoi seach.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 1 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.CARLSON


(1)  Toiliú an 10 Bealtaine 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)].

(2)  Cinneadh (AE) 2017/865 ÓN gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla (IO L 131, 20.5.2017, lch 11).

(3)  Cinneadh (AE) 2017/866 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le tearmann agus non-refoulement (IO L 131, 20.5.2017, lch 13).

(4)  Féach leathanach 7 den Iris Oifigiúil seo.


Top