This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1048
Council Decision (CFSP) 2023/1048 of 30 May 2023 amending Decision 2014/145/CFSP concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Cinneadh (CBES) 2023/1048 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Cinneadh (CBES) 2023/1048 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/9575/2023/INIT
IO L 140I, 30.5.2023, p. 14–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 140/14 |
CINNEADH (CBES) 2023/1048 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2023
lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1). |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart beirt atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:
|
Daoine
|