This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1039
Commission Implementing Decision (EU) 2023/1039 of 24 May 2023 on the clearance of the accounts of the paying agencies of the United Kingdom concerning debts arising from expenditure financed by the European Agricultural Guarantee Fund (EAGF) under the 2014-2020 programming period and the 2007-2013 programming period for financial year 2022 (notified under document C(2023) 3272) (Only the English text is authentic)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1039 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2023 maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe maidir le fiacha a eascraíonn ó chaiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoin gclárthréimhse 2014-202 agus faoin gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3272) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1039 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2023 maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe maidir le fiacha a eascraíonn ó chaiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoin gclárthréimhse 2014-202 agus faoin gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3272) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
C/2023/3272
IO L 139, 26.5.2023, p. 88–91
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/88 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1039 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Bealtaine 2023
maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe maidir le fiacha a eascraíonn ó chaiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoin gclárthréimhse 2014-202 agus faoin gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3272)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 104 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 51 de, i gcomhar le hAirteagail 131 agus 138 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Comhaontú um Tharraingt Siar’),
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,
De bharr an mhéid a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116 go leanfaidh Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99 agus 100, Airteagal 102(2) agus Airteagail 110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le fiacha a eascraíonn as caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoin gclárthréimhse 2014-2020 agus faoin gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (3) go leanfaidh Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagail 5, 6, 7, Airteagail 21 go 25, Airteagail 27, 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 30(2), (3) agus (4), Airteagail 31 go 40 agus Airteagail 42 go 47 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (4), d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le fiacha a eascraíonn as caiteachas arna mhaoiniú le(CERT) faoin gclárthréimhse 2014-2020 agus faoin gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 go leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 le haghaidh na bliana airgeadais 2022. |
(4) |
De bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ní mór don Choimisiún, ar bhonn na gcuntas bliantúil a chuireann an Ríocht Aontaithe faoina bhráid, mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun na cuntais a imréiteach agus tuairim iniúchóireachta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus na dtuarascálacha a leagann na comhlachtaí deimhniúcháin síos, ní mór dó cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin a imréiteach roimh an 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais i gceist. |
(5) |
De bhun Airteagal 138(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá sé d’oibleagáid ar an Ríocht Aontaithe leanúint d’fheidhmiú an chórais rialaithe agus bainistíochta a áirithiú chun fiacha a aithint, a chlárú agus a aisghabháil, ar fiacha iad a easraíonn ó chaiteachas arna mhaoiniú le CERT faoin gclárthréimhse 2014-2020 agus faoin gchlárthréimhse 2007-2013, i gcomhréir le hAirteagal 54 le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear tús leis an mbliain airgeadais ar an 16 Deireadh Fómhair den bhliain N-1 agus tagann deireadh léi an 15 Deireadh Fómhair den bhliain N. Agus cuntais á n-imréiteach le haghaidh na bliana airgeadais 2022, ba cheart aithint, clárú agus aisghabháil fiach a rinne an Ríocht Aontaithe idir an 16 Deireadh Fómhair 2021 agus an 15 Deireadh Fómhair 2022 a chur san áireamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128. |
(7) |
Sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe faoina bhráid agus chuir sé torthaí na seiceálacha in iúl don Ríocht Aontaithe, mar aon leis na leasuithe atá molta aige. |
(8) |
Maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe, ‘Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs’ [An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe], ‘The Scottish Government Rural Payments and Inspections Directorate’ [Stiúrthóireacht Rialtas na hAlban um Íocaíochtaí agus Iniúchóireachtaí Tuaithe], ‘Welsh Government’ [Rialtas na Breataine Bige] agus ‘Rural Payments Agency’ [An Ghníomhaireacht um Íocaíochtaí Tuaithe], cuireann na cuntais bhliantúla agus na doiciméid tionlacain ar a chumas don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a chuirtear faoina bhráid. |
(9) |
De bhun Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Ríocht Aontaithe íoc as 50 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí, mura n-aisghabhtar iad laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe tábla a chur i gceangal leis na cuntais bhliantúla nach mór di a chur faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, ar tábla deimhnithe é lena léirítear na méideanna atá le híoc ag an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Rialacha maidir le cur i bhfeidhm oibleagáid na Ríochta Aontaithe chun na méideanna atá le haisghabháil a thuairisciú, leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 iad. Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, leagtar amach an tsamhail den tábla nach mór don Ríocht Aontaithe a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi na méideanna atá le haisghabháil. Ar bhonn na dtáblaí a líonann an Ríocht Aontaithe isteach, ba cheart don Choimisiún na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí atá níos sine ná 4 nó 8 mbliana faoi seach a chinneadh. |
(10) |
De bhun Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chinneadh gan iarracht a dhéanamh aisghabháil a dhéanamh. Ní féidir cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá na costais a tabhaíodh cheana, nó na costais is dócha a thabhófar, níos mó ná an méid atá le haisghabháil, nó má tá an aisghabháil dodhéanta mar gheall ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht, ar dócmhainneacht í a chláraítear agus a aithnítear faoin dlí náisiúnta. Má dhéantar an cinneadh laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ba cheart 100 % d’iarmhairtí airgeadais an neamh-aisghabhála a íoc as buiséad an Aontais. Na méideanna ar chinn an Ríocht Aontaithe gan iad a aisghabháil agus na forais leis an gcinneadh, léirítear iad sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 54(4) den Rialachán sin i gcomhar le hAirteagal 102(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(iv) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart na méideanna sin a ghearradh ar an Ríocht Aontaithe agus mar gheall air sin, íoctar as buiséad an Aontais iad. |
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le rialacha an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Imréitítear leis seo cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe, ‘Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs’ [An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe], ‘The Scottish Government Rural Payments and Inspections Directorate’ [Stiúrthóireacht Rialtas na hAlban um Íocaíochtaí agus Iniúchóireachtaí Tuaithe], ‘Welsh Government’ [Rialtas na Breataine Bige] agus ‘Rural Payments Agency’ [An Ghníomhaireacht um Íocaíochtaí Tuaithe] a mhéid a bhaineann le fiacha a eascraíonn as caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020 agus peirspictíochtaí airgeadais a bhí ann roimhe sin, i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022.
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna atá in-aisghabhála ón Ríocht Aontaithe nó atá iníoctha léi, lena n-áirítear méideanna a easraíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le rialacha an Aontais.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).
IARSCRÍBHINN
Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta
Bliain airgeadais 2022 - CERT
An méid atá le haisghabháil ón Ríocht Aontaithe nó atá le híoc léi
|
|
2022 – Caiteachas/Ioncam Sannta le haghaidh na ngníomhaireachtaí íocaíochta a bhfuil na cuntais ina leith |
Iomlán a + b |
An méid atá le gearradh de réir Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir le CERT |
Iomlán |
An méid atá le haisghabháil ón Ríocht Aontaithe (-) nó atá le híoc léi (+) (1) |
|
réitithe |
scartha |
||||||
= caiteachas/ioncam sannta a dearbhaíodh sa dearbhú bliantúil |
= iomlán an chaiteachais/an ioncaim shannta sna dearbhuithe míosúla |
||||||
|
|
a |
b |
c=a+b |
d |
e=c+d |
f=e |
UK |
GBP |
0,00 |
0,00 |
0,00 |
-19 336,80 |
-19 336,80 |
-19 336,80 |
UK |
EUR |
-1 474 812,20 |
0,00 |
-1 474 812,20 |
0,00 |
-1 474 812,20 |
-1 474 812,20 |
|
|
Caiteachas (2) |
Ioncam sannta (2) |
Airteagal 54(2) (=d) |
Iomlán (=f) |
0802 06 01 |
6200 |
6200 |
|||
g |
h |
i |
j=g+h+i |
||
UK |
GBP |
0,00 |
0,00 |
-19 336,80 |
-19 336,80 |
UK |
EUR |
0,00 |
-1 474 812,20 |
0,00 |
-1 474 812,20 |
NB: Ainmníocht 2023 : 0802 06 01 , 6200 . |
(1) Maidir leis an méid atá le haisghabháil ón Ríocht Aontaithe nó atá le híoc léi a ríomh, is éard atá sa mhéid a chuirtear san áireamh iomlán an dearbhaithe bhliantúil le haghaidh an chaiteachais imréitithe (col. a) nó, iomlán na ndearbhuithe míosúla le haghaidh an chaiteachais deighilte (col. b). Ráta malairte infheidhme: Airteagal 11(1), an chéad fhomhír,an dara habairt de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún.
(2) Roinnfear BL 08 02 06 01 idir na ceartúcháin dhiúltacha a bheidh ina n-ioncam sannta in BL 62 00 agus na ceartúcháin dhearfacha i bhfabhar na Ríochta Aontaithe a áireofar anois ar thaobh an chaiteachais 08 02 06 01 de réir Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.