Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1037

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1037 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2023 maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na bliana airgeadais 2022 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023)3274)

C/2023/3274

IO L 139, 26.5.2023, pp. 73–80 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1037/oj

26.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/73


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1037 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2023

maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na bliana airgeadais 2022

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023)3274)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 104 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 51 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116 go leanfaidh Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99 agus 100, Airteagal 102(2) agus Airteagail 110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (3) go leanfaidh Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagail 5, 6, 7, Airteagail 21 go 25, Airteagail 27, 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 30(2), (3) agus (4), Airteagail 31 go 40 agus Airteagail 42 go 47 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (4) d’fheidhm a bheith acu, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 go leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 40, an dara mír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (5) go leanfaidh Airteagail 5, 5a, Airteagail 7(3) agus (4), Airteagal 10, Airteagal 11(1), an dara fo-mhír, Airteagal 11(2), Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagail 41(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (6) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú agus le híocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(5)

De bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ní mór don Choimisiún, ar bhonn na gcuntas bliantúil a chuireann na Ballstáit isteach, mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun na cuntais a imréiteach agus tuairim iniúchóireachta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus na dtuarascálacha a shuíonn na comhlachtaí deimhniúcháin, ní mór dó cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin a imréiteach roimh an 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais i gceist.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear tús leis an mbliain airgeadais ar an 16 Deireadh Fómhair de bhliain N-1 agus tagann deireadh léi an 15 Deireadh Fómhair i mbliain N. Agus cuntais á n-imréiteach le haghaidh na bliana airgeadais 2022, ba cheart caiteachas a thabhaigh na Ballstáit idir an 16 Deireadh Fómhair 2021 agus an 15 Deireadh Fómhair 2022 a chur san áireamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/128.

(7)

Le hAirteagal 33(2), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, foráiltear go bhfuil na méideanna atá in-aisghabhála ó gach Ballstát nó atá iníoctha leis na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán sin, go bhfuil siad le leagan síos trí na híocaíochtaí míosúla le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann a asbhaint ón gcaiteachas a aithnítear le haghaidh na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 33(1). Tá an Coimisiún leis an méid sin a asbhaint ón íocaíocht mhíosúil a bhaineann leis an gcaiteachas a ndéantar difear dó sa dara mí tar éis an chinnidh maidir le himréiteach cuntas nó tá an Coimisiún leis an méid sin a chur leis an íocaíocht sin.

(8)

Sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid agus chuir sé torthaí na seiceálacha in iúl do na Ballstáit, mar aon leis na leasuithe atá molta aige.

(9)

I gcás na ngníomhaireachtaí íocaíochta uile, cuireann na cuntais bhliantúla agus na doiciméid tionlacain ar a chumas don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le cruinneas, iomláine agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a chuirtear faoina bhráid.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014, cuirfear aon sárú a dhéantar ar sprioc-amanna íocaíochta san áireamh, ar a dhéanaí, sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas. Rinneadh difear do chuid den chaiteachas a dhearbhaigh Ballstáit áirithe le linn na bliana airgeadais 2022 tar éis na sprioc-amanna is infheidhme. Dá bhrí sin, leis an gCinneadh seo ba cheart na laghduithe ábhartha a cheartú.

(11)

De bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, rinne an Coimisiún roinnt íocaíochtaí míosúla le haghaidh na bliana airgeadais 2022 a laghdú nó a chur ar fionraí cheana toisc nár cloíodh le huasteorainneacha airgeadais, nó mar gheall ar easnaimh sna córais rialaithe. Leis an gCinneadh seo, ba cheart don Choimisiún na méideanna sin a laghdaíodh nó a cuireadh ar fionraí a chur san áireamh chun íocaíochtaí nó aisíocaíochtaí míchuí nó míthráthúla a sheachaint, íocaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceartú airgeadais níos déanaí. Féadfar scrúdú a dhéanamh ar na méideanna atá i gceist i gcás inarb iomchuí, faoi imeachtaí imréitigh comhréireachta de bhun Airteagal 52 den Rialachán sin.

(12)

Laghdaigh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla ábhartha cheana le haghaidh na bliana airgeadais 2022 i gcás na méideanna atá dlite don CERT mar thoradh ar chinntí maidir le himréiteach comhréireachta agus airgeadais, de bhun Airteagail 51 agus 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, arna bhforghníomhú ag an gCoimisiún sa bhliain airgeadais 2022. Cuirtear aon mhéid den sórt sin san áireamh leis an gCinneadh seo.

(13)

De bhun Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann 50 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn ó neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí a íoc, mura ndéantar an aisghabháil laistigh de 4 bliana ó dháta an iarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar na Ballstáit tábla a chur i gceangal leis na cuntais bhliantúla nach mór dóibh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, ar tábla deimhnithe é lena léirítear na méideanna atá le híoc acu faoi Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Rialacha maidir le cur i bhfeidhm oibleagáid na mBallstát chun na méideanna atá le haisghabháil a thuairisciú, leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 iad. Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, leagtar amach an tsamhail den tábla nach mór do na Ballstáit a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi na méideanna atá le haisghabháil. Ar bhonn na dtáblaí a líonann na Ballstáit isteach, ba cheart don Choimisiún na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn ó neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí atá níos sine ná 4 nó 8 mbliana faoi seach a chinneadh.

(14)

De bhun Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan iarracht a dhéanamh aisghabháil a dhéanamh. Ní féidir cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá na costais a tabhaíodh cheana, nó na costais is dócha a thabhófar, níos mó ná an méid atá le haisghabháil, nó má tá an aisghabháil dodhéanta mar gheall ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht, ar dócmhainneacht í a chláraítear agus a aithnítear faoin dlí náisiúnta. Má dhéantar an cinneadh laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ba cheart 100 % d’iarmhairtí airgeadais an neamh-aisghabhála a íoc as buiséad an Aontais. Na méideanna ar chinn an Ballstát gan iad a aisghabháil agus na forais leis an gcinneadh, léirítear iad sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 54(4) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart na méideanna sin a ghearradh ar na Ballstáit lena mbaineann agus mar gheall air sin, íoctar as buiséad an Aontais iad.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le rialacha an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Imréitítear leis seo cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a mhéid a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) i leith na bliana airgeadais 2022.

Leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna atá in-aisghabhála ó gach Ballstát de bhun an Chinnidh seo nó atá iníoctha leo, lena n-áirítear méideanna a eascraíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a bhféadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le rialacha an Aontais.

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).


IARSCRÍBHINN I

Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta

Bliain airgeadais 2022 - CERT

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis

MS

 

2022 – Caiteachas/Ioncam Sannta le haghaidh na nGníomhaireachtaí Íocaíochta a bhfuil na cuntais ina leith

Iomlán a + b

Laghduithe agus fionraíochtaí le haghaidh na bliana airgeadais ina hiomláine 1)

An méid atá le gearradh de réir Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) 1306/2013

Iomlán lena n-áirítear laghduithe agus fionraí

Íocaíochtaí a dhéantar leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát (-) nó atá le híoc leis (+) 2)

réitithe

scartha

= caiteachas/ioncam sannta a dearbhaíodh sa dearbhú bliantúil

= iomlán an chaiteachais/an ioncaim shannta sna dearbhuithe míosúla

 

 

a

b

c=a+b

d

e

f=c+d+e

g

h=f-g

AT

EUR

711 124 945,28

0,00

711 124 945,28

-69 142 843,52

0,00

641 982 101,76

641 982 101,76

0,00

BE

EUR

563 469 110,23

0,00

563 469 110,23

-3 355 470,80

0,00

560 113 639,43

560 304 381,02

- 190 741,59

BG

BGN

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

0,00

BG

EUR

817 224 556,93

0,00

817 224 556,93

-9 999 812,85

0,00

807 224 744,08

807 666 231,95

- 441 487,87

CY

EUR

53 554 003,69

0,00

53 554 003,69

- 292 064,80

0,00

53 261 938,89

53 252 507,36

9 431,53

CZ

CZK

0,00

0,00

0,00

0,00

-60 832,27

-60 832,27

0,00

-60 832,27

CZ

EUR

869 951 444,06

0,00

869 951 444,06

-13 409 662,73

0,00

856 541 781,33

856 541 781,08

0,25

DE

EUR

4 785 423 691,21

0,00

4 785 423 691,21

-2 061 589,16

- 254 798,01

4 783 107 304,04

4 783 372 432,35

- 265 128,31

DK

DKK

0,00

0,00

0,00

0,00

-1 191,47

-1 191,47

0,00

-1 191,47

DK

EUR

829 480 010,17

0,00

829 480 010,17

-7 602 930,95

0,00

821 877 079,22

820 222 855,84

1 654 223,38

EE

EUR

193 550 993,08

0,00

193 550 993,08

- 644 142,44

0,00

192 906 850,64

192 822 050,67

84 799,97

ES

EUR

5 666 189 224,46

0,00

5 666 189 224,46

-18 819 069,18

- 981 775,27

5 646 388 380,01

5 649 483 252,09

-3 094 872,08

FI

EUR

532 007 917,30

0,00

532 007 917,30

-5 541 621,71

-36 310,08

526 429 985,51

526 444 909,04

-14 923,53

FR

EUR

7 473 864 122,77

0,00

7 473 864 122,77

-89 296 720,07

-15 710 912,61

7 368 856 490,09

7 385 172 632,53

-16 316 142,44

EL

EUR

2 005 280 173,71

0,00

2 005 280 173,71

-41 991 902,42

- 767 853,27

1 962 520 418,02

1 963 352 174,10

- 831 756,08

HR

HRK

0,00

0,00

0,00

0,00

- 501 432,22

- 501 432,22

0,00

- 501 432,22

HR

EUR

381 911 249,22

0,00

381 911 249,22

-1 154 543,99

0,00

380 756 705,23

381 161 087,48

- 404 382,25

HU

HUF

0,00

0,00

0,00

0,00

-27 341 782,00

-27 341 782,00

0,00

-27 341 782,00

HU

EUR

1 330 221 833,99

0,00

1 330 221 833,99

-6 915 926,40

0,00

1 323 305 907,59

1 323 305 907,59

0,00

IE

EUR

1 198 385 813,17

0,00

1 198 385 813,17

-2 145 652,57

-5 171,71

1 196 234 988,89

1 193 847 604,02

2 387 384,87

IT

EUR

4 174 468 850,41

0,00

4 174 468 850,41

123 024 548,00

-2 638 256,04

4 294 855 142,37

4 297 018 706,30

-2 163 563,93

LT

EUR

577 952 498,08

0,00

577 952 498,08

319 221,81

-1 023,01

578 270 696,88

578 271 719,89

-1 023,01

LU

EUR

33 840 844,26

0,00

33 840 844,26

49 506,44

-4 555,22

33 885 795,48

33 810 839,19

74 956,29

LV

EUR

318 687 850,75

0,00

318 687 850,75

-11 497,83

- 316,45

318 676 036,47

318 676 352,92

- 316,45

MT

EUR

5 019 919,40

0,00

5 019 919,40

- 283,11

0,00

5 019 636,29

5 019 636,29

0,00

NL

EUR

705 886 328,90

0,00

705 886 328,90

-1 102,62

0,00

705 885 226,28

705 869 191,61

16 034,67

PL

PLN

0,00

0,00

0,00

0,00

-1 267 717,12

-1 267 717,12

0,00

-1 267 717,12

PL

EUR

3 403 049 489,21

0,00

3 403 049 489,21

95 710,65

0,00

3 403 145 199,86

3 403 174 261,25

-29 061,39

PT

EUR

876 061 261,75

0,00

876 061 261,75

-32 162 068,39

- 238 453,89

843 660 739,47

843 033 925,20

626 814,27

RO

RON

0,00

0,00

0,00

0,00

-10 768 075,58

-10 768 075,58

0,00

-10 768 075,58

RO

EUR

1 949 712 389,54

0,00

1 949 712 389,54

-92 026 338,46

0,00

1 857 686 051,08

1 856 480 122,17

1 205 928,91

SE

SEK

0,00

0,00

0,00

0,00

-38 548,93

-38 548,93

0,00

-38 548,93

SE

EUR

704 598 300,44

0,00

704 598 300,44

-33 101 942,66

0,00

671 496 357,78

671 716 657,22

- 220 299,44

SI

EUR

139 976 886,43

0,00

139 976 886,43

-7 111 401,19

0,00

132 865 485,24

132 865 485,25

-0,01

SK

EUR

430 357 281,48

0,00

430 357 281,48

-18 191 798,11

-5 401,69

412 160 081,68

411 995 979,07

164 102,61


MS

 

Caiteachas 3)

Ioncam sannta 3)

Airteagal 54(2) (=e)

Iomlán (=h)

08 02 06 01

6200

6200

i

j

k

l = i+j+k

AT

EUR

0,00

0,00

0,00

0,00

BE

EUR

0,00

- 190 741,59

0,00

- 190 741,59

BG

BGN

0,00

0,00

0,00

0,00

BG

EUR

0,00

- 441 487,87

0,00

- 441 487,87

CY

EUR

9 431,53

0,00

0,00

9 431,53

CZ

CZK

0,00

0,00

-60 832,27

-60 832,27

CZ

EUR

0,25

0,00

0,00

0,25

DE

EUR

0,00

-10 330,30

- 254 798,01

- 265 128,31

DK

DKK

0,00

0,00

-1 191,47

-1 191,47

DK

EUR

1 654 223,38

0,00

0,00

1 654 223,38

EE

EUR

84 799,97

0,00

0,00

84 799,97

ES

EUR

0,00

-2 113 096,81

- 981 775,27

-3 094 872,08

FI

EUR

112 829,88

-91 443,33

-36 310,08

-14 923,53

FR

EUR

0,00

- 605 229,83

-15 710 912,61

-16 316 142,44

EL

EUR

0,00

-63 902,81

- 767 853,27

- 831 756,08

HR

HRK

0,00

0,00

- 501 432,22

- 501 432,22

HR

EUR

0,00

- 404 382,25

0,00

- 404 382,25

HU

HUF

0,00

0,00

-27 341 782,00

-27 341 782,00

HU

EUR

0,00

0,00

0,00

0,00

IE

EUR

2 417 792,76

-25 236,18

-5 171,71

2 387 384,87

IT

EUR

1 390 225,25

- 915 533,14

-2 638 256,04

-2 163 563,93

LT

EUR

0,00

0,00

-1 023,01

-1 023,01

LU

EUR

79 511,51

0,00

-4 555,22

74 956,29

LV

EUR

0,00

0,00

- 316,45

- 316,45

MT

EUR

0,00

0,00

0,00

0,00

NL

EUR

16 034,67

0,00

0,00

16 034,67

PL

PLN

0,00

0,00

-1 267 717,12

-1 267 717,12

PL

EUR

0,00

-29 061,39

0,00

-29 061,39

PT

EUR

865 268,16

0,00

- 238 453,89

626 814,27

RO

RON

0,00

0,00

-10 768 075,58

-10 768 075,58

RO

EUR

1 673 638,52

- 467 709,61

0,00

1 205 928,91

SE

SEK

0,00

0,00

-38 548,93

-38 548,93

SE

EUR

0,00

- 220 299,44

0,00

- 220 299,44

SI

EUR

0,00

-0,01

0,00

-0,01

SK

EUR

207 271,53

-37 767,23

-5 401,69

164 102,61

1)

Is éard atá sna laghduithe agus sna fionraithe na cinn a chuirtear san áireamh sa chóras íocaíochta, lena gcuirtear na ceartúcháin go háirithe i dtaobh sprioc-amanna íocaíochta nach n-urramaítear agus laghduithe eile i gcomhthéacs Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

2)

Maidir leis an méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó atá le híoc leis a ríomh, is éard atá sa mhéid a chuirtear san áireamh iomlán an dearbhaithe bhliantúil le haghaidh an chaiteachais imréitithe (col. a) nó, iomlán na ndearbhuithe míosúla le haghaidh an chaiteachais scartha (col. b). Ráta malairte infheidhme: Airteagal 11(1), an chéad fhomhír,an dara habairt de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún.

3)

Roinnfear BL 08 02 06 01 idir na ceartúcháin dhiúltacha a bheidh ina n-ioncam sannta in BL 62 00 agus na ceartúcháin dhearfacha i bhfabhar BS a áireofar anois ar thaobh an chaiteachais 08 02 06 01 de réir Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

NB: Ainmníocht 2023: 08 02 06 01, 6200.


IARSCRÍBHINN II

Imréiteach chuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta

Bliain airgeadais 2022 - CERT

Ceartúcháin de réir Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013  (*1)

Ballstát

Airgeadra

San Airgeadra náisiúnta

In Euro

AT

EUR

 

 

BE

EUR

 

 

BG

BGN

 

 

CY

EUR

-

19 409,26

CZ

CZK

182 675,76

-

DE

EUR

 

 

DK

DKK

 

 

EE

EUR

-

-

ES

EUR

 

 

FI

EUR

 

 

FR

EUR

 

 

EL

EUR

 

 

HR

HRK

 

 

HU

HUF

-

-

IE

EUR

 

 

IT

EUR

 

 

LT

EUR

-

934,53

LU

EUR

 

 

LV

EUR

-

-

MT

EUR

-

-

NL

EUR

 

 

PL

PLN

81 714,61

-

PT

EUR

 

 

RO

RON

 

 

SE

SEK

 

 

SI

EUR

-

-

SK

EUR

-

-


(*1)  Méideanna atá le gearradh ar na Ballstáit mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an Ionstraim Shealadach le haghaidh Forbairt Tuaithe (ISFT) arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) (Rialachán (CE) Uimh. 27/2004 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2004 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe idirthréimhseacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle maidir le maoiniú arna dhéanamh ag an Rannóg Ráthaíochta CETRT ar bhearta forbartha tuaithe i bPoblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic (IO L 5, 9.1.2004, lch. 36))


Top