Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1006

Cinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

ST/7438/2023/INIT

IO L 136, 24.5.2023, p. 55–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1006/oj

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 136/55


CINNEADH (AE) 2023/1006 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Aibreán 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (1) (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004 agus tugadh i gcrích é thar ceann an Aontais le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle (2).

(2)

De bhun Airteagal 8 den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinní A, B agus/nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus bearta rialaithe a bhaineann leis na ceimiceáin sin a shonrú.

(3)

Ba cheart aird chuí a thabhairt ar na moltaí ón gCoiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha, a bunaíodh i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún.

(4)

Ag a 11ú cruinniú, meastar go bhfuil Comhdháil na bPáirtithe chun cinntí maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a glacadh.

(5)

Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar dechlorane plus, meatocsaclór agus UV-328 a scaoileadh a thuilleadh, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin ar an leibhéal domhanda a laghdú nó a dhíothú agus tacú lena liostú sna hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí a ghlacfar ina gceangal ar an Aontas nó go bhféadaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas a beidh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha, agus aird chuí á tabhairt ar na moltaí ábhartha ón gCoiste um Athbhreithniú ar Thruailleán Orgánacha Mharthanacha:

(a)

tacú le dechlorane plus a liostú in Iarscríbhinn A maille leis na díolúintí sonracha arna moladh an gCoiste um Athbhreithniú Truailleán Orgánach Marthanach;

(b)

tacú le meatocsaclór a liostú in Iarscríbhinn A, gan aon díolúine shonrach;

(c)

tacú le UV-328 a liostú in Iarscríbhinn A maille leis na díolúintí sonracha arna moladh an Choiste um Athbhreithniú Truailleán Orgánach Marthanach.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, teacht ar chomhaontú maidir le mionchoigeartuithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, le linn cruinnithe maidir le comhordú ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)   IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.

(2)  Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 a bhaineann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).


Top