Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0995

    Cinneadh (CBES) 2023/995 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO

    ST/9098/2023/INIT

    IO L 135, 23.5.2023, p. 123–130 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/995/oj

    23.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 135/123


    CINNEADH (CBES) 2023/995 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Bealtaine 2023

    lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1),

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 11 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2315.

    (2)

    Le hAirteagal 4(2), pointe (e), de Chinneadh (CBES) 2017/2315 foráiltear go bhfuil an Chomhairle chun liosta na dtionscadal atá le forbairt faoin mbuanchomhar struchtúrtha (PESCO) a bhunú, lena léirítear tacaíocht d’fhorbairt cumais agus tacaíocht shuntasach a sholáthar d’oibríochtaí agus do mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) ó thaobh na n-acmhainní agus cumas de.

    (3)

    An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (2) lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO.

    (4)

    An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Moladh a bhaineann le treochlár le haghaidh chur chun feidhme PESCO (3) (‘an Moladh’), freisin.

    (5)

    I mír 9 den Mholadh, sonraíodh gur cheart don Chomhairle liosta thionscadal PESCO a nuashonrú faoi mhí na Samhna 2018 chun an chéad tacar eile tionscadal a áireamh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/2315, lena bhforáiltear go háirithe go bhféadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) moladh a dhéanamh a bhaineann le sainaithint tionscadal PESCO agus a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn measúnuithe arna soláthar ag rúnaíocht PESCO, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh, tar éis comhairle mhíleata a fháil ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC).

    (6)

    An 25 Meitheamh 2018 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/909 (4) lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO.

    (7)

    An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1797 (5) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

    (8)

    An 16 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2008 (6) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

    (9)

    An 14 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Moladh lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú PESCO a chomhlíonadh (7).

    (10)

    An 31 Márta 2023, thug an tArdionadaí moladh don Chomhairle maidir le tograí tionscadail faoi chuimsiú PESCO a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

    (11)

    An 4 Aibreán 2023, chuir Rúnaíocht PESCO in iúl don Chomhairle gur chinn comhaltaí na dtionscadal ‘Cumas Tacaíochta Lámhaigh Indírí (EuroArtillery)’ deireadh a chur leis an tionscadal.

    (12)

    An 24 Aibreán 2023, chuir Rúnaíocht PESCO in iúl don Chomhairle gur chinn comhaltaí na dtionscadal ‘Lárionaid Tástála agus Mheastóireachta an Aontais’ agus ‘Comhroinnt Bunáiteanna’ deireadh a chur leis na tionscadail sin.

    (13)

    An 4 Bealtaine 2023, tháinig an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir leis na moltaí atá i gcomhairle mhíleata EUMC i ndáil leis an moladh ón Ardionadaí i dtaca le tograí tionscadail faoi chuimsiú PESCO a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

    (14)

    Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/340 a leasú agus a nuashonrú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/340 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear na tionscadail seo a leanas leis:

    ‘62.

    An tAertharlú Eorpach Cosanta - Acadamh Oiliúna (EDA-TA);

    63.

    Córais Chomhtháite Talún Gan Foireann 2 (iUGS 2);

    64.

    Braiteoirí Frithbhataire (CoBaS);

    65.

    Toirpéad Frith-Thoirpéid (ATT);

    66.

    Cosaint Bhonneagar Criticiúil Ghrinneall na Farraige (CSIP);

    67.

    Diúracán Gearr-Raoin ó Aer go hAer a bheidh ann amach anseo (FRSM);

    68.

    Héileacaptar Meánmhéide den chéad ghlúin eile (NGMH);

    69.

    Córas Cosanta Comhtháite Ilsrathach Aeir agus Diúracán (IMLAMD);

    70.

    Córas Éifeachtóirí agus Braiteoirí le haghaidh ceannais agus rialú san Artach (ACCESS);

    71.

    Bonneagar agus Líonraí Cumarsáide Stóinsithe (ROCOMIN);

    72.

    ROLE 2F.’;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;;

    (3)

    cuirtear Iarscríbhinn eile in ionad Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 331, 14. 12. 2017, lch. 57.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).

    (3)  Moladh ón gComhairle an 6 Márta 2018 maidir le treochlár i ndáil le cur chun feidhme PESCO (IO C 88, 8.3. 2018, lch. 1).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37).

    (5)  Cinneadh (CBES) 2018/1797 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 294, 21. 11. 2018, lch. 18).

    (6)  Cinneadh (CBES) 2021/2008 ón gComhairle an 16 Samhain 2021 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 407, 17.11.2021, lch. 37).

    (7)  Moladh ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirtíochta a gcuid gealltanas a chomhlíonadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) (2022/C 433/02) (IO C 433, 15.11.2022, lch. 6).


    IARSCRÍBHINN I

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta chomhaltaí na dtionscadal i ngach tionscadal ar leith a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/340:

    Tionscadal

    Comhaltaí na dTionscadal

    ‘62.

    An tAertharlú Eorpach Cosanta - Acadamh Oiliúna (EDA-TA)

    An Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an Phortaingéil

    63.

    Córais Chomhtháite Talún Gan Foireann 2 (iUGS 2)

    An Eastóin, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Fhionlainn, an tSualainn

    64.

    Braiteoirí Frithbhataire (CoBaS)

    An Fhrainc, an Ísiltír

    65.

    Toirpéad Frith-Thoirpéid (ATT)

    An Ghearmáin, an Ísiltír

    66.

    Cosaint Bhonneagar Criticiúil Ghrinneall na Farraige (CSIP)

    An Iodáil, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, an tSualainn

    67.

    Diúracán Gearr-Raoin ó Aer go hAer a bheidh ann amach anseo (FRSM)

    An Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an tSualainn

    68.

    Héileacaptar Meánmhéide den chéad ghlúin eile (NGMH)

    An Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil, an Fhionlainn

    69.

    Córas Cosanta Comhtháite Ilsrathach Aeir agus Diúracán (IMLAMD)

    An Iodáil, an Fhrainc, an Ungáir, an tSualainn

    70.

    Córas Éifeachtóirí agus Braiteoirí le haghaidh ceannais agus rialú san Artach (ACCESS)

    An Fhionlainn, an Eastóin, an Fhrainc, an tSualainn

    71.

    Bonneagar agus Líonraí Cumarsáide Stóinsithe (ROCOMIN)

    An tSualainn, an Eastóin, an Fhrainc

    72.

    ROLE 2F

    An Spáinn, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Fhionlainn, an tSualainn’


    IARSCRÍBHINN II

    Cuirtear Iarscríbhinn II thíos in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/340:

    ‘IARSCRÍBHINN II

    LIOSTA NUASHONRAITHE COMHDHLÚITE DE CHOMHALTAÍ NA dTIONSCADAL AR LEITH

    Tionscadal

    Comhaltaí na dTionscadal

    1.

    Ceannasaíocht Leighis Eorpach (EMC)

    An Ghearmáin, an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSualainn

    2.

    Raidió Bogearraí-Shainithe Slán Eorpach (ESSOR)

    An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Fhionlainn

    3.

    Líonra na Mol Lóistíochta san Eoraip agus oibríochtaí tacaíochta (NetLogHubs)

    An Ghearmáin, an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic

    4.

    An tSoghluaisteacht Mhíleata

    An Ísiltír, an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn

    5.

    An Lárionad Deimhniúcháin Oiliúna Eorpach um Airm Eorpacha

    An Iodáil, an Ghréig

    6.

    Feidhm Oibríochtúil Fuinnimh (EOF)

    An Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Iodáil, an tSlóivéin

    7.

    Pacáiste chun Cumas Míleata Fóirithinte a Imlonnú i gcás Tubaistí (DM-DRCP)

    An Iodáil, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Ostair

    8.

    Córais Mhuirí (leath-)Uathrialaitheacha um Fhrithbhearta Mianach (MAS MCM)

    An Bheilg, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin

    9.

    Faireachas agus Cosaint Cuanta agus Mhuirí (HARMSPRO)

    An Iodáil, an Ghréig, an Pholainn, an Phortaingéil

    10.

    Uasghrádú Faireachais Mhuirí

    An Ghréig, an Bhulgáir, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir

    11.

    An tArdán le haghaidh Comhroinnt Faisnéise faoi Fhreagairt Cibearbhagairtí agus Cibirtheagmhas)

    An Ghréig, Éire, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Phortaingéil

    12.

    Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil

    An Liotuáin, an Bheilg, an Eastóin, an Chróit, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin

    13.

    Córas Ceannais agus Comhordaithe (C2)

    Straitéiseach um Misin agus Oibríochtaí CBSC (EUMILCOM)

    An Spáinn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Phortaingéil

    14.

    Feithicil troda choisithe armúrtha /

    Feithicil ionsaithe amfaibiach /

    Feithicil armúrtha éadrom (AIFV/AAV/LAV)

    An Iodáil, an Ghréig, an tSlóvaic

    15.

    Lárionad Oibríochtaí EUFOR um Fhreagairt Géarchéimeanna (EUFOR CROC)

    An Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Ísiltír, an Ostair

    16.

    Oiliúint ar phíolótú héileacaptar faoi theocht ard agus ar airde mhór (Oiliúint H3)

    An Ghréig, an Iodáil, an Rómáin

    17.

    Scoil faisnéise chomhpháirteach an Aontais (JEIS)

    An Ghréig, an Chipir

    18.

    Córas Comhtháite Talún Gan Foireann (iUGS)

    An Eastóin, an Bheilg, an tSeicia, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Laitvia, an Ísiltír, an Pholainn, an Fhionlainn

    19.

    Córais Diúracán Láthair Chatha Talún AE thar an líne amhairc (BLOS)

    An Fhrainc, an Bheilg, an Chipir, an tSualainn

    20.

    Pacáiste Cumais Idirghabhála Fo-Uisce Modúlach In-imscartha (DIVEPACK)

    An Bhulgáir, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, an Rómáin

    21.

    Córais Eorpacha Aerárthaí Cianrialaithe Meánairde Fad-Aga - MALE RPAS (Eurodrone)

    An Ghearmáin, an tSeicia, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil

    22.

    Héileacaptair Ionsaithe

    TIGER Marc III de chuid na hEorpa

    An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn

    23.

    Córas in aghaidh Aerárthaí Gan Foireann (C-UAS)

    An Iodáil, an tSeicia, tSualainn

    24.

    Ardán Aerloinge Ard-Atmaisféir na hEorpa (EHAAP) – Síorchumas Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR)

    An Iodáil, an Fhrainc

    25.

    Post Ceannais (CP) In-imscartha Aonuaire do Cheannas agus Rialú (C2) Oirbheartaíoch na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta (SOF) i gcás Oibríochtaí Beaga Comhpháirteacha (SJO) – (SOCC) i gcás SJO

    An Ghréig, an Chipir

    26.

    Clár um Chumas Cogaíochta Leictreonaí agus um Idir-inoibritheacht don Fhaisnéis, Faireachas agus Taiscéalaíocht (JISR) amach anseo

    An tSeicia, an Ghearmáin, an Liotuáin

    27.

    Faireachas Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN) mar Sheirbhís (CBRN SaaS)

    An Ostair, an Fhrainc, an Chróit, an Ungáir, an tSlóivéin

    28.

    Aonad um Chomhordú na Tacaíochta (GMSCE) Geoimeitéareolaíche agus Aigéineolaíochta (GeoMETOC)

    An Ghearmáin, an Bheilg, an Ghréig, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin

    29.

    Réiteach Radaloingseoireachta an Aontais (EURAS)

    An Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Pholainn

    30.

    An Líonra Míleata Eorpach um Fheasacht ar Fhaireachas Spáis (EU SSA-N)

    An Iodáil, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír

    31.

    An Lárionad Comhtháite Eorpach Oiliúna agus Ionsamhlúcháin (EUROSIM)

    An Ungáir, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Pholainn, an tSlóivéin

    32.

    Acadamh agus Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Earnáil na Cibearchosanta (AE CAIH)

    An Phortaingéil, an Spáinn, an Rómáin

    33.

    Lárionad oiliúna leighis d'fhórsaí oibríochtaí speisialta (SMTC)

    An Pholainn, an Ungáir

    34.

    Raon Oiliúna le haghaidh cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN) (CBRNDTR)

    An Rómáin, an Fhrainc, an Iodáil

    35.

    Líonra an Aontais Eorpaigh de Lárionaid Tumadóireachta (EUNDC)

    An Rómáin, an Bhulgáir, an Fhrainc

    36.

    Córas Frith-Fhomhuireáin Muirí Gan Foireann (MUSAS)

    An Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn

    37.

    Coirbhéad Patróil Eorpach (EPC)

    An Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Rómáin

    38.

    Ionsaí Leictreonach Aerbheirthe (AEA)

    An Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn

    39.

    An Lárionad Comhordúcháin Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC)

    An Ghearmáin, an Spáinn, an Ungáir, an Ísiltír

    40.

    Rabhadh agus Tascradh Tráthúil le Faireachas ón Spás ar Limistéir Imlonnaithe (TWISTER)

    An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Fhionlainn

    41.

    Ábhair agus comhpháirteanna le haghaidh iomaíochas teicneolaíoch an Aontais (MAC-EU)

    An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Phortaingéil, an Rómáin

    42.

    Cumas Comhoibríoch Cogaíochta AE (ECoWAR)

    An Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Pholainn, an Rómáin, an tSualainn

    43.

    Córas Eorpach um Chomhtháthú Domhanda Ollstruchtúr na gCóras Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS) (GLORIA)

    An Iodáil, an Fhrainc, an Rómáin

    44.

    Lárionad Ionsamhlúcháin agus Tástála um Príomhthainc Chatha (MBT-SIMTEC)

    An Ghréig, an Fhrainc, an Chipir

    45.

    Comhpháirtíocht Mhíleata an Aontais Eorpaigh (AE MP)

    An Fhrainc, an Eastóin, an Iodáil, an Ostair

    46.

    Eilimintí Sár-Riachtanacha an Tionlacain Eorpaigh (4E)

    An Spáinn, an Iodáil, an Phortaingéil

    47.

    Feithicil Dhromchla Leath-Uathrialaitheach Mheánmhéide (M-SASV)

    An Eastóin, an Fhrainc, an Laitvia, an Rómáin

    48.

    Aeriompar Straitéiseach do Lasta Ollmhór (SATOC)

    An Ghearmáin, an tSeicia, an Fhrainc, an Ísiltír

    49.

    RPAS Beag den Chéad Ghlúin Eile (NGSR)

    An Spáinn, an Ghearmáin, an Ungáir, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin

    50.

    Stáisiún Nasctha Rótarárthaigh do Ladrainn (RDSD)

    An Iodáil, an Fhrainc

    51.

    Mionarmáin Inscálaithe (SSW)

    An Iodáil, an Fhrainc

    52.

    Aerchumhacht

    An Fhrainc, an Ghréig, an Chróit

    53.

    Lasta Oirbheartaíochta Meánmhéide amach anseo (FMTC)

    An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an tSualainn

    54.

    Cónaidhmeanna Cibear-Raonta (CRF)

    An Eastóin, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Fhionlainn

    55.

    Samhaltú Uathoibrithe, Sainaithint agus Measúnú Damáiste ar Thír-Raon Uirbeach (AMIDA-UT)

    An Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an Ostair

    56.

    Mol Comhchoiteann d’Íomhánna Rialtasacha (CoHGI)

    An Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Rómáin,

    57.

    Sócmhainní Spáis a Chosaint (DoSA)

    An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ostair an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin

    58.

    An tAertharlú Eorpach Cosanta - Acadamh Oiliúna (EDA-TA)

    An Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an Phortaingéil

    59.

    Córais Chomhtháite Talún Gan Foireann 2 (iUGS 2)

    An Eastóin, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Fhionlainn, an tSualainn

    60.

    Braiteoirí Frithbhataire (CoBaS)

    An Fhrainc – an Ísiltír

    61.

    Toirpéad Frith-Thoirpéid (ATT)

    An Ghearmáin – an Ísiltír

    62.

    Cosaint Bhonneagar Criticiúil Ghrinneall na Farraige (CSIP)

    An Iodáil, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, an tSualainn

    63.

    Diúracán Gearr-Raoin ó Aer go hAer a bheidh ann amach anseo (FRSM)

    An Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an tSualainn

    64.

    Héileacaptar Meánmhéide den chéad ghlúin eile (NGMH)

    An Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil, an Fhionlainn

    65.

    Córas Comhtháite Ilsrathach um Chosaint Aeir agus Diúracán (IMLAMD)

    An Iodáil, an Fhrainc, an Ungáir, an tSualainn

    66.

    Córas Éifeachtóirí agus Braiteoirí le haghaidh ceannais agus rialú san Artach (ACCESS)

    An Fhionlainn, an Eastóin, an Fhrainc, an tSualainn

    67.

    Bonneagar agus Líonraí Cumarsáide Stóinsithe (ROCOMIN)

    An tSualainn, an Eastóin, an Fhrainc

    68.

    ROLE 2F

    An Spáinn, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Fhionlainn, an tSualainn

    ’.

    Top