Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0982

Cinneadh (AE) 2023/982 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na Fionlainne, de Choiste na Réigiún

ST/6780/2023/INIT

IO L 134, 22.5.2023, pp. 39–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/982/oj

22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/39


CINNEADH (AE) 2023/982 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2023

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na Fionlainne, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Fionlainne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/144 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Annette BERGBO a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na Fionlainne Jesper JOSEFSSON, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Lagtingsledamot, Ålands lagting (Comhalta de Pharlaimint Åland), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Jesper JOSEFSSON, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, Lagtingsledamot, Ålands lagting (Comhalta de Pharlaimint Åland), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. FORSSMED


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).


Top