Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0936

    Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/12/2023/REV/1

    IO L 125, 11.5.2023, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/936/oj

    11.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 125/1


    CINNEADH (AE) 2023/936 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Bealtaine 2023

    maidir le Bliain Eorpach na Scileanna

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 149 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá lucht saothair oilte ríthábhachtach chun aistrithe glasa agus digiteacha atá cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta a áirithiú, agus chun iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe an Aontais a neartú i bhfianaise suaití seachtracha díobhálacha amhail paindéim COVID-19 nó iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Le scileanna níos oiriúnaí agus níos comhoiriúnaí, cruthaítear deiseanna nua agus cumhachtaítear do dhaoine aonair páirt iomlán a ghlacadh i margadh an tsaothair, sa tsochaí agus sa daonlathas, leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus tairbhiú díobh agus a gcearta a fheidhmiú.

    (2)

    Ar fud an Aontais, tuairiscíonn fostóirí go bhfuil sé deacair oibrithe a fháil ag a bhfuil na scileanna is gá. D’aithin an tÚdarás Eorpach Saothair, ina thuarascáil dar teideal ‘Report on labour shortages and surpluses’ (‘Tuarascáil maidir le ganntanais agus barrachais sa lucht saothair’], agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, ina thuarascáil dar teideal ‘Cybersecurity skills development in the EU’ (‘Forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas’], go raibh 28 ngairm mar ghairm ina raibh ganntanas scileanna in 2021, lena n-áirítear sna hearnálacha cúraim sláinte, fáilteachais, tógála agus seirbhíse, agus sainaithníodh ganntanas speisialtóirí TF agus slándála, go háirithe saineolaithe cibearshlándála, agus oibrithe a bhfuil cúlra eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice. De réir a chéile, is é an srian is mó ar aistrithe glasa agus digiteacha rathúla an easpa oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu. D’fhéadfadh ganntanas lucht saothair, i gcásanna áirithe, a bheith mar thoradh ar phoist neamhtharraingteacha agus ar dhrochdhálaí oibre. Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, trí thairiscintí post ar ardchaighdeán agus trí bheartais choinneála, ar mhaithe le margadh saothair dea-fheidhmiúil. I roinnt mhaith Ballstát, meastar go gcuirfear dlús le haosú déimeagrafach sa deacáid amach romhainn de réir mar a rachaidh glúin an ‘bhabaíbhorrtha’ ar scor, rud a threiseoidh an gá atá le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán na ndaoine fásta uile atá in aois oibre, beag beann ar a mbunadh, trí infheistíochtaí leanúnacha a dhéanamh ina gcuid scileanna chomh maith le níos mó daoine a ghníomhachtú, go háirithe mná agus daoine óga, go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) toisc go bhfuil dúshláin shonracha roimh na grúpaí sin a chuireann bac ar a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Chuideodh straitéisí éifeachtúla cuimsitheacha scileanna agus rochtain mhéadaithe ar dheiseanna oideachais agus oiliúna do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus comhrac in aghaidh steiréitíopaí, go háirithe steiréitíopaí inscne, le fostaíocht a mhéadú agus le ganntanas scileanna a laghdú. D’fhonn aistriú atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta a áirithiú, is féidir bearta den sórt sin a chomhlánú le réitigh do dhaoine nach bhfuil in ann athsciliú agus uas-sciliú.

    (3)

    Tá infhaighteacht foirne oilte agus bainisteoirí a bhfuil taithí acu, agus a mbíonn ról riachtanach acu i bhfás inbhuanaithe an Aontais, fós ar an bhfadhb is tromchúisí don cheathrú cuid de 25 mhilliún fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) de chuid an Aontais, arb iad cnámh droma gheilleagar agus rathúnas an Aontais iad, arb ionann iad agus 99 % de na gnólachtaí uile agus a fhostaíonn 83 mhilliún duine. Aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe digiteach’ an ról fíor-riachtanach atá ag FBManna maidir le hiomaíochas agus rathúnas an Aontais.

    (4)

    De dheasca easpa lucht saothair atá oilte go leormhaith agus ráta íseal rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí oiliúna daoine fásta in aois oibre, laghdaítear deiseanna i margadh an tsaothair agus a fhágann go mbíonn neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha ann ar dúshlán mór don Aontas iad. Léiríonn an easpa lucht saothair atá oilte go leormhaith agus ráta íseal rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí oiliúna an acmhainneacht neamhshaothraithe shuntasach atá ann maidir le hathsciliú agus uas-sciliú chun cuidiú le maolú a dhéanamh ar ghanntanais lucht saothair atá ag méadú in earnálacha amhail an mhonaraíocht agus seirbhísí, agus go háirithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fáilteachas agus monarú trealaimh ríomhaireachta agus leictreonaigh, agus earnáil an chúraim. Mar sin féin, níor tháinig aon mhéadú ar rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach san Aontas le deacáid anuas agus níor éirigh le 21 Bhallstát sprioc 2020 an Aontais a bhaint amach. I gcás go leor daoine fásta in aois oibre, amhail iad siúd atá i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, fostaithe FBManna, daoine dífhostaithe, daoine neamhghníomhacha agus daoine ar bheagán scileanna, is rómhinic nach mbíonn deiseanna forbartha scileanna le fáil acu. Trí na deiseanna athscilithe agus uas-scilithe do na grúpaí sin agus do gach duine fásta in aois oibre a mhéadú, rannchuideofaí freisin le sprioc fostaíochta an Aontais 78 % a bhaint amach le haghaidh daoine fásta idir 20 agus 64 bliana d’aois arbh é 73,1 % an ráta fostaíochta dóibh in 2021 Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do dhaoine fásta a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu agus do dhaoine dífhostaithe i gcomhréir leis na moltaí ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le conairí uas-scilithe: deiseanna nua do dhaoine fásta (3) agus moltaí an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú i margadh an tsaothair (4).

    (5)

    Sonraítear i bprionsabal Uimh. 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Colún’) go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán agus cuimsitheach chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Déantar tagairt le Prionsabal Uimh. 4 den Cholún do thacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, chun seasamh leis an gceart atá gach duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta, lena n-áirítear an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. I bPrionsabal Uimh. 5 den Cholún maidir le fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe, luaitear go bhfuil an ceart ag oibrithe, beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, cóir chothrom chomhionann a fháil maidir le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint. In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.

    (6)

    Cuirtear i dtábhacht i bPrionsabal Uimh. 3 den Cholún go bhfuil ag gach duine, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, an ceart chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna, lena n-áirítear fostaíocht, oideachas agus oiliúint. Ba cheart Bliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme ar bhealach atá cuimsitheach agus a chuireann comhionannas do chách chun cinn go gníomhach. Tugtar le fios i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna ghlacadh ag an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh an 4 Márta 2021, gur féidir fás fostaíochta níos cuimsithí a bhaint amach trí rannpháirtíocht na ngrúpaí sin atá faoi ghannionadaíocht faoi láthair a mhéadú.

    (7)

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’ (‘An Clár Oibre Scileanna don Eoraip’), iarrtar go mbeidh réabhlóid scileanna ann chun téarnamh an gheilleagair a áirithiú, iomaíochas domhanda agus cothroime shóisialta na hEorpa a neartú agus chun deiseanna a thapú sna haistrithe glasa agus digiteacha do chách. Is é is aidhm don Chlár Oibre Scileanna don Eoraip gníomhaíocht chomhchoiteann maidir le scileanna a chothú, a áirithiú go bhfuil ábhar na hoiliúna ailínithe leis na riachtanais sa mhargadh saothair atá ag síorathrú, agus deiseanna oiliúna a mheaitseáil ar bhealach níos fearr le toilmhianta daoine chun glacadh deiseanna oiliúna den sórt sin a spreagadh ar fud an daonra atá in aois oibre. Ba dhíol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa cuspóirí agus gníomhaíochtaí an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip i Rún uaithi an 11 Feabhra 2021 (5).

    (8)

    An 25 Meitheamh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach, ina cuid conclúidí, príomhspriocanna an Aontais de Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021, agus ar an gcaoi sin an sprioc a áirithiú, faoi 2030, gurb é 78 % ar a laghad an ráta fostaíochta agus go mbeidh ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile rannpháirteach san oiliúint gach bliain.

    (9)

    An 14 Meán Fómhair 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin ina hAitheasc ar Staid an Aontais go mbeartódh an Coimisiún go ndéanfaí Bliain Eorpach na Scileanna de 2023. Tharraing sí aird ar fhadhb na nganntanas lucht saothair in earnálacha áirithe agus chuir sí i dtábhacht a thábhachtaí atá infheistíochtaí san oideachas gairmiúil agus san uas-sciliú. Chuir sí i dtábhacht freisin nach mór na scileanna cearta a mhealladh chun an Aontais mar chuid den réiteach, arna thacú le haitheantas na gcáilíochtaí do náisiúnaigh tríú tír a bhrostú agus a éascú. Trí bhíthin Bhliain Eorpach na Scileanna, féachann an Coimisiún leis an móiminteam a mhéadú agus cur chun feidhme an iliomad gníomhaíochtaí atá déanta aige cheana féin a chothú chun athsciliú agus uas-sciliú san Aontas a neartú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair. Tá Bliain Eorpach na Scileanna, trí bhíthin an athscilithe agus an uas-scilithe, ceaptha tacú le fás inbhuanaithe gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais agus é mar aidhm léi borradh a chur faoina iomaíochas, agus cur le poist ar ardchaighdeán a chruthú.

    (10)

    An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais seoladh idirphlé struchtúrtha ar an leibhéal is airde chun gealltanais maidir le scileanna digiteacha agus oideachas digiteach a neartú. Cheap na Ballstáit comhordaitheoirí náisiúnta don phróiseas sin. Le Bliain Eorpach na Scileanna, cuirfear leis an bpróiseas idirphlé struchtúrtha sin, tríd an mbéim a leagtar inti a leathnú i gcomhréir le cuspóirí an Chinnidh seo.

    (11)

    Tagann Bliain Eorpach na Scileanna sna sála ar Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a rinne iarracht daoine óga a chumhachtú, onóir agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus dul i dteagmháil leo, lena n-áirítear daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, le peirspictíocht iar-phaindéim COVID-19, d’fhonn tionchar fadtéarmach dearfach a bheith ann ar dhaoine óga. Leag Bliain Eorpach na hÓige 2022 béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le scileanna chun fostaíocht ar ardchaighdeán a aimsiú do dhaoine óga agus chun a ndeiseanna fostaíochta a leathnú.

    (12)

    Trí mheoin athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn ar fud an Aontais, is féidir le Bliain Eorpach na Scileanna tionchar dearfach níos leithne a imirt ar an tsochaí agus ar an daonlathas, ós rud é go gciallaíonn lucht saothair níos oilte freisin saoránaigh níos gníomhaí agus níos rannpháirtí. Tugann athsciliú agus uas-sciliú na scileanna is gá d’oibrithe chun tairbhe a bhaint as deiseanna fostaíochta ar chaighdeán níos fearr, chun feabhas a chur ar a ndea-bhail ag an obair, agus chun dul chun cinn a dhéanamh ina bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil, agus ag an am céanna cuireann sé borradh faoi iomaíochas an gheilleagair agus rannchuidíonn sé le poist ar ardchaighdeán a chruthú.

    (13)

    Ós rud é gur fearr a thuigeann fostóirí, oibrithe, ionadaithe fostóirí agus oibrithe, comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta, comhlachais tráchtála agus páirtithe leasmhara eile cad iad na scileanna atá ag teastáil ina n-éiceachórais thionsclaíocha, ní mór a ngníomhaíocht chomhchoiteann maidir le forbairt scileanna a neartú mar chuid den réiteach. Mar sin tá ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta maidir le riachtanais scileanna i margadh an tsaothair a thuar. Leis an gComhshocrú um Scileanna arna sheoladh ag an gCoimisiún in 2020 mar an chéad ghníomhaíocht faoin gClár Oibre Scileanna don Eoraip, tugtar le chéile fostóirí, na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, seirbhísí fostaíochta poiblí agus páirtithe leasmhara eile maidir le príomhscileanna, idir pháirtithe leasmhara príobháideacha agus pháirtithe leasmhara poiblí. Go dtí seo, tá níos mó ná 700 eagraíocht tar éis clárú leis an gComhshocrú um Scileanna agus bunaíodh 12 chomhpháirtíocht mhórscála in earnálacha straitéiseacha a thagann faoina réimse freagrachtaí, agus gheall siad go gcuirfidh siad 6 mhilliún deis oiliúna chun cinn. Baineann comhaltaí an Chomhshocraithe um Scileanna tairbhe as seirbhísí tiomnaithe chun torthaí nithiúla a bhaint amach. Tá tábhacht ag baint leis na gnéithe réigiúnacha agus áitiúla freisin, go háirithe i réigiúin teorann, áit a dteastaíonn bearta spriocdhírithe chun teacht ar oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu chun tacú le margaí saothair trasteorann éifeachtacha. Ar an gcaoi chéanna, tá dúshláin ar leith roimh limistéir atá faoi mhíbhuntáiste agus iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, toisc go bhfuil rochtain ar mhargadh an tsaothair agus deiseanna athscilithe agus uas-scilithe teoranta.

    (14)

    Leis an Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (6) bunaítear mar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha an chreata ‘Foghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách’, mar aon le gníomhaíochtaí nithiúla arb é is aidhm dóibh scileanna fháil nó a nuashonrú, eadhon athsciliú agus uas-sciliú, le linn an tsaoil oibre.

    (15)

    Leis na Moltaí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (7) agus cur chuige Eorpach maidir le micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (8), cuidítear le daoine dul ar chonairí foghlama nó leanúint dá gconairí foghlama ar bhealach níos solúbtha agus níos spriocdhírithe. Leis an Rún ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 (9), cuirtear deiseanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla chun cinn lena bhféadfar an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí uile is gá a sholáthar chun Aontas a chruthú a bheidh cuimsitheach, inbhuanaithe, cóir go sóisialta agus níos athléimní. Leagtar béim ann ar fhoghlaim aosach mar chuid thábhachtach den fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá an fhoghlaim, gairmthreoir ardcháilíochta agus deiseanna féinmheasúnaithe scileanna i measc na mbeart a theastaíonn chun tacú le daoine agus iad ar a gconairí foghlama.

    (16)

    Is é is aidhm do na beartais ghníomhacha neartaithe maidir leis an margadh saothair a mholtar sa Mholadh ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don Fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (10) tacú le haistrithe chuig fostaíocht nua le linn an téarnaimh ó ghéarchéim COVID-19 agus meaitseáil níos fearr a dhéanamh ar scileanna i margadh an tsaothair, le tacaíocht ó sheirbhísí fostaíochta a bhfuil acmhainneacht riaracháin leordhóthanach acu.

    (17)

    Leis an Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (11), tacaítear le nuachóiriú na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna chun an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn ó dhaoine óga agus ó dhaoine fásta a thabhairt dóibh ionas go mbeidh rath orthu sa mhargadh saothair agus sa tsochaí atá ag síorathrú, chun bainistiú a dhéanamh ar an téarnamh agus ar na haistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus digiteach, tráth an athraithe dhéimeagrafaigh agus le linn na dtimthriallta eacnamaíocha uile. Cuireann sé gairmoideachas agus gairmoiliúint chun cinn mar spreagadh féideartha don nuálaíocht agus don fhás, rud atá solúbtha ó thaobh athruithe sa mhargadh saothair de lena gcuirtear scileanna ar fáil do ghairmeacha ar éileamh ard agus chun cuimsitheacht agus comhdheiseanna a chothú. Tá sé riachtanach go méadófaí tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna trí bhíthin feachtais chumarsáide agus for-rochtana, trí ionaid barr feabhais gairme, trí éiceachórais speisialta do ghairmoideachas agus gairmoiliúint, agus trí chomórtais scileanna, amhail Euroskills.

    (18)

    Beidh scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais agus athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair ag teastáil i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar nua-aimseartha, atá tíosach ar acmhainní, ciorclach, cuimsitheach, athléimneach agus iomaíoch, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘an Comhaontú Glas don Eoraip’, lena leagtar síos an bealach i dtreo aeráidneodrachta don Aontais faoi 2050. Aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘Oiriúnach do 55: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach’ nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tá an lucht saothair oilte is gá ag an Aontas chun a bheith iomaíoch i rith an ama agus tugann sé aird ar ghníomhaíochtaí suaitheanta an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip chun na scileanna is gá do na haistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt do dhaoine.

    (19)

    Chun aistrithe glasa agus digiteacha leanúnach thionscal an Aontais agus na riachtanais ghaolmhara sa mhargadh saothair a bhaint amach, ní mór infheistíocht a dhéanamh chun córais láidre VET a fhorbairt ar fud an Aontais, agus scileanna agus inniúlachtaí réitigh fadhbanna le haghaidh teicneolaíochtaí nua á gcur chun cinn, amhail táirgeadh agus innealra cliste, róbataic sofaisticiúil, néalríomhaireacht, intleacht shaorga, próiseáil sonraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla.

    (20)

    Tá méadú ag teacht ar úsáid uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha i ngach réimse den saol agus is féidir léi deighilt dhigiteach a chruthú. Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach ní hamháin le haghaidh rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, ach le haghaidh cáilíocht saoil agus aosú gníomhach freisin. San Aontas, tá leibhéal bunúsach eolais dhigitigh de dhíth i gcomhair níos mó ná 90 % de na róil ghairmiúla, agus níl bunscileanna digiteacha ag thart ar 42 % de shaoránaigh an Aontais, 37 % d’oibrithe san áireamh. Bunaítear le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) an cuspóir a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 80 % de dhaonra an Aontais faoi 2030, agus leagtar síos sprioc de 20 milliún saineolaí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bheith fostaithe faoi 2030, agus é mar aidhm aige cóineasú inscne a bhaint amach freisin. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, leagtar béim freisin ar an easpa acmhainneachta atá ag cláir speisialaithe oideachais agus oiliúna chun oiliúint a chur ar shaineolaithe breise TFC. Thairis sin, i dteachtaireacht uaidh an 30 Meán Fómhair 2020 leag an Coimisiún béim sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 ar an ngá atá le modhanna teicneolaíochta a úsáid chun inrochtaineacht deiseanna foghlama a éascú agus chun solúbthacht na ndeiseanna foghlama a neartú, lena n-áirítear athsciliú agus uas-sciliú.

    (21)

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a fhorbairt do théarnamh na hEorpa’ iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur i gcrích do chách agus chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an oiliúint bord ar bhord leis na haistrithe glasa agus digiteacha agus go gcuideoidh siad leis na haistrithe sin a bhaint amach. Cuirtear i bhfios go láidir ann go bhfuil lucht saothair oilte ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh rath ar na haistrithe sin, chun tacú le hiomaíochas thionscal an Aontais, agus le poist ar ardchaighdeán a chruthú. Ina theannta sin, aithnítear ann a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí láidre idir an tAontas, na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus comhar idir éiceachórais thionsclaíocha agus laistigh díobh. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: i bplean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir ról cinntitheach a bheith ag an ngeilleagar sóisialta ós rud é gur tacaí tábhachtach é d’aistrithe glasa agus digiteacha atá cothrom go sóisialta agus cuimsitheach agus mar phríomhspreagadh don nuálaíocht shóisialta, lena n-áirítear i réimse an athscilithe agus an uas-scilithe.

    (22)

    Trí náisiúnaigh tríú tír oilte a mhealladh, is féidir cuidiú le dul i ngleic le ganntanais scileanna agus lucht saothair an Aontais. Tá Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) ar cheann de na príomhrudaí a baineadh amach chun tallann ardoilte a mhealladh i margadh an tsaothair. Sa teachtaireacht uaidh an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, leagann an Coimisiún béim láidir freisin ar imirce lucht saothair agus ar lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 dar teideal ‘Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas’ an creat dlíthiúil agus gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin a threisiú. Moltar an Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (14) agus Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a athmhúnlú, d’fhonn na nósanna imeachta maidir le hoibrithe tríú tír de gach leibhéal scile a ligean isteach san Aontas a shimpliú, agus chun feabhas a chur ar a gcearta agus a gcosaint ar dhúshaothrú saothair. Leanfaidh an Coimisiún de Linn Tallann an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe chun meaitseáil saothair a éascú le náisiúnaigh tríú tír agus tá sé ag obair chun comhpháirtíochtaí tallainne saincheaptha a sheoladh le príomhthíortha comhpháirtíochta sonracha chun borradh a chur faoi shoghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair agus faoi fhorbairt tallainne ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus ar bhealach ciorclach. Ina theannta sin, leanann an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le ranníocaíochtaí don chistiú domhanda don oideachas, lena ndírítear go háirithe ar oiliúint múinteoirí, ar oideachas cailíní agus ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint. Tá an obair sin, faoi scáth na teachtaireachta comhpháirtí ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí an 1 Nollaig 2021 maidir leis an ‘Global Gateway’, comhlántach le cuspóirí an togra seo.

    (23)

    Tá muinín as cáilíochtaí agus trédhearcacht cáilíochtaí, cibé acu a fuarthas na cáilíochtaí san Aontas nó i dtríú tír, ríthábhachtach chun a n-aitheantas a éascú. Is túsphointe iad uirlisí an Aontais, amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, Europass, an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tíortha, Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh Foghlama, Tairseach EURES agus creataí inniúlachta ábhartha de chuid an Aontais chun cuidiú le trédhearcacht agus inchomparáideacht scileanna agus cáilíochtaí a mhéadú. I gcás margaí saothair dea-fheidhmiúla, ní mór scileanna a thuiscint agus a luacháil, cibé acu a fuarthas na scileanna i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Is céimeanna ríthábhachtacha iad sainaithint agus doiciméadacht scileanna a neartú tuilleadh, chomh maith le treoir chun scileanna a dhéanamh infheicthe, i dtreo thrédhearcacht agus iniomparthacht na scileanna uile, lena n-áirítear scileanna idirdhisciplíneacha amhail scileanna teanga, smaointeoireacht chriticiúil, fiontraíocht, cruthaitheacht, inniúlachtaí idirchultúrtha, obair foirne agus litearthacht sna meáin.

    (24)

    In go leor Ballstát, ní leor na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha san athsciliú agus san. Ní chuireann a lán gnóthas, go háirithe FBManna, oiliúint ar fáil dá bhfoireann ná ní mhaoiníonn na cuideachtaí oiliúint dóibh, agus tá níos lú rochtain nó easpa rochtana fiú ag daoine aonair a bhfuil obair neamhthipiciúil ar bun acu ar oiliúint arna hurrú ag fostóir. D’fhéadfadh neamhionannais den sórt sin an bonn a bhaint ó leas agus sláinte daoine aonair, iomaíochas eacnamaíoch a laghdú, deiseanna a scrios agus bacainní ar an nuálaíocht a chruthú agus d’fhéadfadh sé go bhfágfaí daoine áirithe chun deiridh sna haistrithe glasa agus digiteacha chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach d’iomaíochas na ngnóthas acmhainní a thiomnú chun a chinntiú go bhfuil fostaithe in ann oibriú leis na teicneolaíochtaí is déanaí. Tá gá le creat cumasúcháin lena ndéanfar infheistíochtaí airgeadais fostóirí i scileanna a scaoileadh agus a dhreasú agus lena dtabharfar infheictheacht do luach eacnamaíoch an athscilithe agus an uas-scilithe. Mar shampla, tá sé mar aidhm ag an bPacáiste Fóirithinte do FBManna rochtain ar mhaoiniú agus ar scileanna a éascú. Foráiltear le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) go bhfuil na Ballstáit le háirithiú, i gcás ina gceanglaítear ar fhostóir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe chun go mbeidh siad in ann an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, go bhfuil an oiliúint sin le cur ar fáil saor in aisce do na hoibrithe, go bhfuil an oiliúint sin le háireamh mar am oibre agus, i gcás inar féidir, go bhfuil s í le déanamh le linn uaireanta oibre.

    (25)

    San am a chuaigh thart, chonaic an tAontas méaduithe móra ar na hinfheistíochtaí poiblí san oideachas agus san oiliúint tosaigh. Go dtí seo, áfach, níor tháinig méaduithe comhfhreagracha ar infheistíochtaí ná forbairt ar chur chuige iomlánaíoch chun tacú le forbairt leanúnach scileanna tríd an saol oibre ar fad. Iarrtar ar na Ballstáit sna conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020‘samhlacha a d‘fhéadfadh a bheith ann do mhaoiniú poiblí agus príobháideach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a scrúdú agus scileanna a fhorbairt ar leibhéal an duine aonair’, agus iarrtar ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

    (26)

    Tá tacaíocht mhór airgeadais ar fáil ón Aontas chun athsciliú agus uas-sciliú a dhéanamh, cuir i gcás, trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Aistriú Cóir, clár InvestEU (InvestEU), an Clár don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, Fís Eorpach, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), an Ciste don Nuachóiriú agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda. Is é CSE+ an phríomhuirlis chistiúcháin atá ag an Aontas i gcónaí lenar féidir infheistíocht a dhéanamh i níos mó scileanna agus i scileanna níos fearr atá ag an lucht saothair, go háirithe trí thacú le hinstitiúidí agus le seirbhísí measúnú a dhéanamh ar riachtanais agus ar dhúshláin scileanna agus iad a dhéanamh amach roimh ré, lena dtacaítear le deiseanna athscilithe agus uas-scilithe d’oibrithe a chuireann an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ar fáil. Is é aidhm atá ag Ráthaíocht don Aos Óg go bhfaighidh daoine óga tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de 4 mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Tá gné shuntasach scileanna ag baint le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí a áirítear i bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát faoi RRF, a bhfuil nasc aici go minic le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, go háirithe tacaíocht don fhostaíocht le haghaidh daoine óga. Sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a d’fhormhuinigh an Coimisiún agus an Chomhairle go dtí seo, tá thart ar 20 % den chaiteachas sóisialta tiomnaithe do ‘fhostaíocht agus scileanna’.

    (27)

    Ba é an Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) an chéad ionstraim den phacáiste tearnaimh NextGenerationEU chun íocaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le téarnamh na mBallstát. Chuidigh sé le poist a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna sna réigiúin is mó a bhí i ngátar. Oibrithe a chailleann a bpost mar gheall ar theagmhais athstruchtúraithe ar mhórscála, féadfaidh siad tairbhiú freisin de thacaíocht ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun poist nua a aimsiú, cuir i gcás trí oideachas agus oiliúint bhreise agus trí threoir ghairme agus comhairle shaincheaptha.

    (28)

    Aithnítear i Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir gurb é atá in athsciliú agus uas-sciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist ionstraim a bhfuil gá léi chun aistriú glas atá cothrom agus cuimsitheach a áirithiú agus chun iarmhairtí díobhálacha an aistrithe sin a mhaolú. Sa mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (18), leagtar amach treoraíocht shonrach chun cuidiú leis na Ballstáit pacáistí beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme maidir le gnéithe ábhartha fostaíochta agus sóisialta, lena n-áirítear beartais athscilithe agus uas-scilithe. Thairis sin, leis an moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (19), cuirtear beartais agus cláir chun cinn chun a áirithiú go sealbhóidh foghlaimeoirí de gach aois an t-eolas agus na scileanna chun tairbhiú de mhargadh saothair atá ag athrú, chun maireachtáil go hinbhuanaithe agus chun gníomhú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.

    (29)

    Le InvestEU, faoina ionú infheistíochta sóisialta agus scileanna, tacaítear leis an éileamh ar scileanna agus le soláthar scileanna, agus feabhas á chur ar thacair scileanna nó úsáid scileanna faighteoirí deiridh agus margaí infheistíochta scileanna á gcothú. Le InvestEU, tacaítear freisin le hinfheistíochtaí ginearálta san oideachas, san oiliúint agus i seirbhísí gaolmhara. Ina theannta sin, leis an scéim um aistriú cóir faoi InvestEU, tacaítear le hinfheistíochtaí, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí sin atá dírithe ar thacú le hathsciliú agus uas-sciliú oibrithe, i réigiúin atá faoi réir plean formheasta um aistriú cóir, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1056, agus tionscadail a théann chun tairbhe do na réigiúin sin, ar choinníoll go bhfuil siad ríthábhachtach maidir le haistrithe glasa agus digiteacha na gcríoch sin.

    (30)

    Le saineolas saincheaptha tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil de chuid an Choimisiúin, is féidir cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe a dhéanamh atá nasctha le straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha maidir le scileanna, rud a fhágann go dtiocfaidh feabhas marthanach ar na deiseanna athscilithe agus uas-scilithe atá ar fáil ó chistí sealadacha an Aontais. Is féidir leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, arna éascú ag an gCoimisiún, tacú leis an bpróiseas freisin.

    (31)

    Is é is aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ go mbeidh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, ar bhonn comhionann le daoine eile san Aontas agus i dtríú tíortha, agus tacú le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Laistigh den straitéis a mholtar, geallann an Coimisiún Eorpach go n-áiritheoidh sé gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh in oiliúint agus scileanna nua a fhoghlaim, mar riachtanas bunúsach le haghaidh fostaíochta agus neamhspleáchais.

    (32)

    Ar leibhéal an Aontais, dhéanfaí an leithdháileadh airgeadais is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme a shainaithint laistigh de bhuiséad na gclár ranníocaíochta i gcomhréir le creataí airgeadais ilbhliantúla 2014-2020 agus 2021-2027. Gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar údarás buiséadach, ba cheart gurb é an aidhm a bheadh ann cistiú EUR 9,3 milliún ar a laghad le haghaidh costais oibríochtúla a chur ar fáil chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme. Le cláir agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart an tacaíocht airgeadais a sholáthar do Bhliain Eorpach na Scileanna. Le maoiniú Bhliain Eorpach na Scileanna, níor cheart go ndéanfaí dochar do mhaoiniú tionscadal i gcláir reatha an Aontais agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige leagáid fhadmharthanach a áirithiú do Bhliain Eorpach na Scileanna.

    (33)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (34)

    Chun cur chun feidhme tapa Bhliain Eorpach na Scileanna a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Ainmneofar an tréimhse ón 9 Bealtaine 2023 go dtí an 8 Bealtaine 2024 mar ‘Bliain Eorpach na Scileanna’.

    Airteagal 2

    Cuspóirí

    I gcomhréir le prionsabail Uimh. 1, 4 agus 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus rannchuidiú á dhéanamh leis na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna don Eoraip agus le príomhspriocanna an Aontais a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é cuspóir foriomlán Bhliain Eorpach na Scileanna meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn tuilleadh i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Trí mheon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn tuilleadh, beidh sé d’aidhm ag mBliain Eorpach na Scileanna borradh a chur faoi iomaíochas ghnóthais de chuid an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus rannchuidiú le poist ar ardchaighdeán a chruthú, d’fhonn acmhainneacht iomlán na n-aistrithe glasa agus digiteacha a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir go sóisialta, agus, ar an gcaoi sin, rochtain chothrom ar fhorbairt scileanna a chur chun cinn agus neamhionannais agus leithscaradh a laghdú san oideachas agus san oiliúint agus rannchuidiú le foghlaim leanúnach agus dul chun cinn gairme, daoine a chumhachtú chun rochtain a fháil ar phoist ar ardchaighdeán agus páirt iomlán a ghlacadh sa gheilleagar agus sa tsochaí. Go sonrach, le gníomhaíochtaí Bhliain Eorpach na Scileanna, cuirfear beartais scileanna agus infheistíochtaí chun cinn sa chaoi nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus sa téarnamh eacnamaíoch, agus chun aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar ghanntanas lucht saothair trí bhearnaí agus mí-oiriúint scileanna a dhúnadh do lucht saothair cumhachtaithe agus don tsochaí, atá in ann deiseanna na n-aistrithe glasa agus digiteacha a thapú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (1)

    infheistíocht mhéadaithe, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí a chur chun cinn ar gach leibhéal, inter alia i measc fostóirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe FBManna, i ngach cineál athscilithe agus uas-scilithe, oideachais agus oiliúna chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an lucht saothair san Aontas atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear chun tacú le daoine a bheith ag aistriú ó phost go post, leis an aosú gníomhach, agus chun tacú leo tairbhe a bhaint as na deiseanna nua a eascraíonn as an aistriú leanúnach eacnamaíoch.

    (2)

    ábharthacht agus soláthar scileanna agus a neartú trí dhlúthchomhar a dhéanamh le comhpháirtithe sóisialta trasearnála agus earnála, seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, gnóthais, eintitis na sochaí sibhialta, soláthraithe seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis agus soláthraithe oideachais agus oiliúna agus trí chomhar a chur chun cinn eatarthu, agus trí chineálacha cur chuige comhleanúnacha a fhorbairt le gach brainse rialtais ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus trí aithint scileanna agus cáilíochtaí a éascú;

    (3)

    freastal ar mhianta, riachtanais agus scileanna daoine, lena n-áirítear na scileanna a shealbhaítear le linn na soghluaisteachta, le riachtanais agus deiseanna mhargadh an tsaothair, go háirithe iad siúd a thairgtear leis na aistrithe glasa agus digiteacha, le hearnálacha nua atá ag teacht chun cinn agus leis na croí-earnálacha a bhfuil téarnamh de dhíth orthu ó phaindéim COVID-19, ag áirithiú go ndíreofar go háirithe ar níos mó daoine a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, go háirithe mná agus daoine óga, iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais, ná oiliúna (NEETanna), daoine ar bheagán oiliúna, oibrithe scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí éagsúla, daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, chomh maith le daoine easáitithe ón Úcráin.

    (4)

    daoine ó thríú tíortha a mhealladh a bhfuil na scileanna a bhfuil gá leo sna Ballstáit acu, trí dheiseanna foghlama a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inar gá, oideachas agus oiliúint teanga, forbairt scileanna agus soghluaisteacht, agus trí aithint cáilíochtaí a éascú.

    Airteagal 3

    Cineálacha beart

    1.   Áireofar ar na cineálacha beart atá le déanamh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais, agus, ag cur leis na féidearthachtaí atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le tríú tíortha, amhail:

    (a)

    comhdhálacha ar líne agus i bpearsa, pléití fóraim agus imeachtaí breise chun an díospóireacht a chur chun cinn maidir le ról agus rannchuidiú na mbeartas scileanna chun fás eacnamaíoch iomaíoch, inbhuanaithe a bhaint amach i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh, na n-aistrithe glasa agus digiteacha, agus ar an gcaoi sin tacú le saoránacht ghníomhach rannpháirteach, agus páirtithe leasmhara ábhartha a shlógadh chun rochtain ar dheiseanna oideachais, oiliúna agus foghlama a áirithiú;

    (b)

    meithleacha, cruinnithe teicniúla agus imeachtaí eile chun plé agus foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chuige is féidir le páirtithe leasmhara san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus sa tríú hearnáil a dhéanamh, lena n-áirítear samplaí dea-chleachtais, treoirlínte agus doiciméid tacaíochta eile a eascraíonn as na himeachtaí sin a ullmhú, a fhoilsiú agus a scaipeadh;

    (c)

    tionscnaimh lena ndírítear, inter alia, ar dhaoine aonair, fostóirí, go háirithe FBManna, comhlachais tráchtála agus tionscail, comhpháirtithe sóisialta, údaráis phoiblí chomh maith le soláthraithe oideachais agus oiliúna chun soláthar, maoiniú agus glacadh na ndeiseanna athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn agus chun na tairbhí agus na féidearthachtaí a bhaineann le lucht saothair oilte a uasmhéadú;

    (d)

    feachtais faisnéise, chumarsáide chuimsithí agus múscailte feasachta maidir le tionscnaimh de chuid an Aontais le haghaidh athsciliú agus uas-sciliú agus foghlaim leanúnach, cur chun feidhme agus cur i gcrích tionscnamh den sórt sin ar an láthair agus a nglacadh ag tairbhithe féideartha a chur chun cinn;

    (e)

    idirphlé a mhéadú leis na comhpháirtithe sóisialta, agus le grúpaí agus líonraí páirtithe leasmhara atá ann cheana, lena n-áirítear trí ardáin sheanbhunaithe ar líne ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus trí dheiseanna rannpháirtíochta páirtithe leasmhara atá nasctha leis an mBliain Eorpach a áirithiú;

    (f)

    dearadh straitéisí agus oiliúna maidir le scileanna náisiúnta, earnála agus cuideachta-shonracha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta agus trí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta;

    (g)

    uirlisí faisnéise scileanna a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh, de réir mar is gá, agus a gcur i bhfeidhm á gcur chun cinn agus á scaipeadh ag an am céanna chun riachtanais scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a shainaithint, go háirithe riachtanais atá nasctha leis na haistrithe glasa agus digiteacha, leis na croí-earnálacha a bhfuil gá acu le téarnamh ó phaindéim COVID-19, leis an ngéarchéim fuinnimh agus le tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

    (h)

    cur chun feidhme agus leanúint de chur chun cinn uirlisí agus ionstraimí ar mhaithe le trédhearcacht mhéadaithe cáilíochtaí, lena n-áirítear cáilíochtaí arna ndámhachtain lasmuigh den Aontas, agus chun foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú;

    (i)

    cláir, deiseanna cistiúcháin, tionscadail, gníomhaíochtaí agus líonraí atá ábhartha do pháirtithe leasmhara poiblí, príobháideacha agus neamhrialtasacha a chur chun cinn, a bhfuil baint acu le deiseanna athscilithe agus uas-scilithe, foghlaim agus gairmoideachas agus gairmoiliúint a cheapadh, a scaipeadh agus a chur chun feidhme.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí eile a shainaithint a d’fhéadfadh cur le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus a cheadaíonn tagairtí do Bhliain Eorpach na Scileanna a úsáid i gcur chun cinn na ngníomhaíochtaí sin a mhéid a rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Féadfaidh institiúidí eile an Aontais agus na Ballstáit gníomhaíochtaí eile den sórt sin a shainaithint agus iad a mholadh don Choimisiún.

    Airteagal 4

    Comhordú ar an leibhéal náisiúnta

    Is freagracht de chuid na mBallstát é rannpháirtíocht i mBliain Eorpach na Scileanna a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Chuige sin, ainmneoidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta nó comhlacht comhordaithe, i gcomhréir le himthosca agus cleachtais náisiúnta, a mbeidh inniúlacht aige i réimse na mbeartas saothair agus scileanna. Beidh an comhordaitheoir náisiúnta nó an comhlacht comhordaithe ina phointe teagmhála don chomhar ar leibhéal an Aontais agus déanfaidh sé comhordú, ar bhealach iomlánaíoch, ar ghníomhaíochtaí Bhliain Eorpach na Scileanna sna Ballstáit faoi seach, rud a chumasóidh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha.

    Airteagal 5

    Comhordú ar leibhéal an Aontais

    1.   Beidh cur chuige trasnaí ann maidir le comhordú Bhliain Eorpach na Scileanna ar leibhéal an Aontais d’fhonn sineirgí a chruthú idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais i réimse na scileanna.

    2.   Beidh an Coimisiún ag brath ar shaineolas agus ar chúnamh na nGníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais maidir le Bliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme, go háirithe an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, an tÚdarás Eorpach Saothair, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil.

    3.   Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe de chomhordaitheoirí náisiúnta nó d’ionadaithe na gcomhlachtaí comhordúcháin chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chomhordú. Feidhmeoidh na cruinnithe sin mar dheis malartaithe faisnéise maidir le cur chun feidhme Bhliain Eorpach na Scileanna ar an leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta. Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin mar bhreathnóirí.

    4.   Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le comhlachtaí margaidh saothair, le foghlaimeoirí, agus le hionadaithe ó eagraíochtaí nó ó chomhlachtaí atá gníomhach i réimse na scileanna, an oideachais, na hoiliúna agus na foghlama leanúnaí, chun cuidiú le Bliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

    Airteagal 6

    Comhar ar an leibhéal idirnáisiúnta

    Chun críche Bhliain Eorpach na Scileanna, comhoibreoidh an Coimisiún, i gcás inar gá, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla, go háirithe leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, chomh maith le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta eile, agus infheictheacht rannpháirtíocht an Aontais á háirithiú ag an am céanna.

    Airteagal 7

    Faireachán agus meastóireacht

    Faoin 31 Bealtaine 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán na dtionscnamh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus arna gcur chun feidhme sna Ballstáit agus ar fud an Aontas ina iomláine. Áireofar sa tuarascáil sin smaointe le haghaidh iarrachtaí coiteanna breise i réimse na scileanna chun leagáid fhadmharthanach Bhliain Eorpach na Scileanna a chruthú.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 123.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.

    (3)   IO C 484, 24.12.2016, lch. 1.

    (4)   IO C 67, 20.2.2016, lch. 1.

    (5)   IO C 465, 17.11.2021, lch. 110.

    (6)   IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

    (7)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 26.

    (8)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 10.

    (9)   IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.

    (10)   IO L 80, 8.3.2021, lch. 1

    (11)   IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

    (12)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais na Deacáide Digití 2030 (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

    (13)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).

    (14)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarma iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44)

    (15)  Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1).

    (16)  Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).

    (17)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

    (18)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 35.

    (19)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 1.


    Top