Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0926

    Cinneadh (AE) 2023/926 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (EU-OSHA) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    ST/7768/2023/INIT

    IO L 123, 8.5.2023, p. 22–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/926/oj

    8.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 123/22


    CINNEADH (AE) 2023/926 ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Aibreán 2023

    maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (EU-OSHA)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

    (2)

    De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, inter alia, a leasú.

    (3)

    Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go bhféadfaidh an comhar leathnaithe sin a bheith ann ón 1 Eanáir 2023.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, a bhaineann le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

    (2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (3)  Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 58).


    IARSCRÍBHINN

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …

    an …

    lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1) a chumhdach.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2019/126, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go bhféadfaidh an comhar leathnaithe sin a bheith ann ón 1 Eanáir 2023,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs mhír 11 d’Airteagal 5 de Phrótacal 31:

    ‘(a)

    Beidh Stáit CSTE rannpháirteach go hiomlán sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), dá ngairtear an ‘Ghníomhaireacht’ anseo feasta, arna bunú leis an ngníomh seo a leanas de chuid an Aontais:

    32019 R 0126: Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 58).

    (b)

    Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíochtaí airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus le Prótacal 32 a ghabhann leis an gComhaontú.

    (c)

    Beidh Stáit CSTE rannpháirteach go hiomlán sa Bhord Bainistíochta agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.

    (d)

    Na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus téarmaí eile, lena dtagraítear dá n-eintitis phoiblí, atá in Airteagal 12 den Rialachán, tuigfear gur téarmaí iad lena gcuimsítear Stáit CSTE agus a n-eintitis phoiblí siúd, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.

    (e)

    Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht. Beidh aici, i stáit uile na bPáirtithe Conarthacha, an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe.

    (f)

    Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Ghníomhaireacht agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo sin atá i bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

    (g)

    De mhaolú ar Airteagail 12(2)(a) agus 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta iad a fhostú faoi chonradh.

    (h)

    De mhaolú ar Airteagail 12(2)(e), 82(3)(e) agus 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) den Chomhaontú, measfaidh an Ghníomhaireacht gur teangacha de chuid an Aontais iad dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i ndáil lena baill foirne.

    (i)

    De bhua Airteagal 79(3) den Chomhaontú, beidh feidhm ag Cuid VII (Forálacha Institiúideacha) den Chomhaontú maidir leis an mír seo.

    (j)

    Maidir le Rialachán (AE) 2019/126 a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (3) i ndáil le haon doiciméad de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann le Stáit CSTE freisin.’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*).

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

    Airteagal 3

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, ....

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Rúnaithe

    Chomhchoiste LEE


    (1)  IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.

    (2)  IO L 216, 20.8.1994, lch. 1.

    (3)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

    (*)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


    Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha

    i gCinneadh Uimh…/... lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Aithníonn na páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.


    Top