Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0920

Cinneadh (CBES) 2023/920 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

ST/6722/2023/INIT

IO L 119, 5.5.2023, pp. 169–172 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/920/oj

5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/169


CINNEADH (CBES) 2023/920 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, amhail, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí i Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh neartú na slándála agus na cosanta, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na Stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna, oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo, agus an rialachas domhanda a atreisiú ar bhonn an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an tAontas an Compás Straitéiseach agus é mar chuspóir aige soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh den Aontas, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(4)

Tá an tAontas tiomanta do dhlúthchaidreamh chun tacú leis an tSeoirsia a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus tá sé tiomanta comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus, ag an am céanna, tacaíocht dhaingean á tabhairt do shláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta. De bhun Airteagal 5 den Chomhaontú Comhlachais, tá an tAontas agus an tSeoirsia lena n-idirphlé agus a gcomhar a threisiú agus cóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus tabharfaidh siad aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(5)

Aithníonn an tAontas rannchuidiú tábhachtach na Seoirsia i ndáil le CBSC an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú leanúnach na Seoirsia le misin bainistithe géarchéime faoi stiúir CBSC i bPoblacht na hAfraice Láir agus i bPoblacht Mhailí.

(6)

Leis na Cinntí seo, cuirtear le Cinntí (CBES) 2021/2134 (3) agus (CBES) 2022/2352 (4) ón gComhairle maidir le tiomantas leanúnach an Aontais tacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Cosanta na Seoirsia sna réimsí tosaíochta is práinní a neartú.

(7)

An 8 Feabhra 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) iarraidh ón tSeoirsia go gcuideodh an tAontas le Fórsaí Cosanta na Seoirsia príomhthrealamh a fháil chun acmhainneachtaí na n-aonad innealtóireachta, ceannasaíochta agus rialaithe, leighis, cibearchosanta agus lóistíochta a neartú.

(8)

Táthar chun bearta cúnaimh a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (5), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Seoirsia (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh rannchuidiú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Cosanta na Seoirsia a neartú chun an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht náisiúnta a fheabhsú in earnáil na cosanta, i gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais i leith na Seoirsia. Ag cur leis an tacaíocht a thug an tSaoráid Eorpach Síochána roimhe seo, is é is aidhm don bheart cúnaimh a chur ar chumas Fhórsaí Cosanta na Seoirsia an éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú, dlús a chur le comhlíonadh chaighdeáin agus idir-inoibritheacht an Aontais agus, ar an gcaoi sin, an pobal sibhialta a chosaint ar bhealach níos fearr le linn géarchéimeanna agus i gcásanna éigeandála. Ina theannta sin, neartófar acmhainneachtaí na Seoirsia maidir lena rannpháirtíocht i misin agus in oibríochtaí míleata CBSC an Aontais Eorpaigh.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, soláthairtí agus seirbhísí seo a leanas, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás ina n-iarrfar sin, ar mhaithe leis na haonaid sin de chuid Fhórsaí Talún na Seoirsia lena dtacaítear faoin mbeart cúnaimh:

a)

trealamh innealtóireachta;

b)

trealamh soghluaisteachta don bhrainse airtléire;

c)

trealamh leighis;

d)

trealamh cibearchosanta;

e)

trealamh lóistíochta.

4.   Ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chéad chonartha idir an Riarthóir um Bearta Cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an beart cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 30 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Cosanta na Seoirsia an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is iad seo a leanas a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3):

a)

an Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal maidir le hAirteagal 1(3), pointí (a), (b), (c) agus (e); agus

b)

an tAcadamh r-Rialachais maidir le hAirteagal 1(3), pointe (d).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán seo, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid de chuid Fhórsaí Cosanta na Seoirsia dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, leis na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína ndéanfaidh an tairbhí tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-earraí ainmnithe a sholáthar, go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

c)

cigireachtaí ar an láthair, ar tríothu a dheonóidh an tairbhí don Ardionadaí rochtain chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh tráth a thabharfar an beart cúnaimh chun críche chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta maidir le chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2134 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia (IO L 432, 3.12.2021, lch. 55).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/2352 ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia (IO L 311, 2.12.2022, lch. 145).

(5)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


Top