EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0871

Cinneadh (CBES) 2023/871 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Aibreán 2023 maidir le Ceann Misin Mhisean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (EUPM Moldova/1/2023) a cheapadh

ST/8152/2023/INIT

IO L 113, 28.4.2023, p. 48–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/04/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/871/oj

28.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 113/48


CINNEADH (CBES) 2023/871 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 27 Aibreán 2023

maidir le Ceann Misin Mhisean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (EUPM Moldova/1/2023) a cheapadh

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/855 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2023/855, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, na cinntí ábhartha a bhaineann le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach den Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) a dhéanamh, lena n-áirítear na cinntí maidir leis an gCeann Misin a cheapadh.

(2)

An 24 Aibreán 2023, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gceapfaí Cosmin DINESCU mar Cheann Misin EUPM Moldova go dtí an 24 Aibreán 2024.

(3)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCeann Misin EUPM Moldova ón 25 Aibreán 2023 go dtí an 24 Aibreán 2024 a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Cosmin DINESCU ina C(h)eann Misin ar Mhisean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova) ón 25 Aibreán 2023 go dtí an 24 Aibreán 2024.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 25 Aibreán 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 110, 25.4.2023, lch. 30.


Top