This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0870
Council Decision (EU) 2023/870 of 25 April 2023 on the application of the provisions of the Schengen acquis relating to the Schengen Information System in the Republic of Cyprus
Cinneadh (AE) 2023/870 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir le forálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire
Cinneadh (AE) 2023/870 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir le forálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire
ST/7194/2023/INIT
IO L 113, 28.4.2023, pp. 44–47
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
28.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 113/44 |
CINNEADH (AE) 2023/870 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Aibreán 2023
maidir le forálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe Airteagal 3(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, maidir leis na forálacha de acquis Schengen nach dtagraítear dóibh in Airteagal 3(1) den Ionstraim sin, nach bhfuil feidhm le bheith ag na forálacha sin sa Chipir ach de bhun cinneadh ón gComhairle chuige sin, tar éis fíorú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme, go bhfuil na coinníollacha riachtanacha chun gach cuid den acquis ábhartha a chur i bhfeidhm comhlíonta sa Chipir. |
|
(2) |
Leagtar amach na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme i Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle (2), a cuireadh in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (3). Tá imthosca speisialta na Cipire, mar a aithnítear i bPrótacal Uimh. 10 d’Ionstraim Aontachais 2003 iad, le cur san áireamh i meastóireacht a dhéantar i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin, áfach. Sa dearbhú faoina hullmhacht, d’athdhearbhaigh an Chipir go bhfuil sí tiomanta, a luaithe is a thabharfar meastóireacht den sórt sin chun críche, chun dul faoi meastóireachtaí rialta Schengen uirthi i ndáil leis na gnéithe de acquis Schengen a chuir an Chomhairle i bhfeidhm. |
|
(3) |
I mí na Samhna 2019, rinneadh meastóireacht Schengen sa Chipir maidir le cosaint sonraí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme an tráth sin, a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013. I dtuarascáil mheastóireachta a glacadh trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)8150 ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, dearbhaíodh gur comhlíonadh sa Chipir na coinníollacha ba ghá chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/450 ón gCoimisiún (4), fíoraíodh, ó thaobh na teicneolaíochta de, go bhfuil córas náisiúnta na Cipire réidh lena chomhtháthú le Córas Faisnéise Schengen (CFS). |
|
(5) |
Toisc go bhfuil na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá déanta ag an gCipir chun sonraí CFS a phróiseáil agus faisnéis bhreise a mhalartú, is féidir leis an gComhairle anois an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm ag acquis Schengen a bhaineann le CFS sa Chipir. |
|
(6) |
Ba cheart go gceadófaí leis an gCinneadh seo sonraí CFS a aistriú go dtí an Chipir. Ba cheart go gcuirfeadh úsáid nithiúil na sonraí sin ar chumas an Choimisiúin a fhíorú go bhfuil na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le CFS á gcur i bhfeidhm i gceart sa Chipir. A luaithe a fhíoraítear go bhfuil na coinníollacha is gá chun gach cuid de acquis Schengen a chur i bhfeidhm comhlíonta sa Chipir, ba cheart don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir le deireadh a chur le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha leis an gCipir. |
|
(7) |
Ba cheart don Chomhairle cinneadh ar leith a ghlacadh lena socraítear dáta chun deireadh a chur le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha leis an gCipir. Ba cheart srianta áirithe a fhorchur ar úsáid CFS sa Chipir go dtí an dáta sin. |
|
(8) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
|
(9) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8) agus Airteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (9). |
|
(10) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (11) agus Airteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (12), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear san Airteagal seo, ón 25 Iúil 2023, beidh feidhm ag na forálacha sin de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen (CFS), a leagtar amach san Iarscríbhinn, maidir le Poblacht na Cipire ina caidreamh leis na tíortha seo a leanas:
|
(a) |
Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Cróite, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne. |
|
(b) |
Éire, maidir leis na forálacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus maidir leis na folálacha sin amháin; agus |
|
(c) |
Poblacht na hÍoslainne, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua agus Cónaidhm na hEilvéise. |
2. Ón 13 Meitheamh 2023, féadfar na foláirimh, an fhaisnéis fhorlíontach agus na sonraí breise seo a leanas a chur ar fáil don Chipir i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1860 (14), (AE) 2018/1861 (15) agus (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle:
|
(a) |
foláirimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2018/1860, Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2018/1862; |
|
(b) |
an fhaisnéis fhorlíontach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2018/1860, Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 3, pointí (2) agus (3), de Rialachán (AE) 2018/1862, a bhaineann leis na foláirimh dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo. |
|
(c) |
sonraí breise mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2018/1861 agus in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2018/1862 a bhaineann leis na foláirimh dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo. |
3. Ón 25 Iúil 2023, beidh an Chipir in ann foláirimh agus sonraí breise a iontráil i CFS, sonraí CFS a úsáid agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú, faoi réir mhír 4.
4. Go dtí go gcuirfear deireadh leis na seiceálacha inmheánacha leis an gCipir:
|
(a) |
ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gCipir cead isteach nó fanacht ar a chríoch a dhiúltú do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil foláireamh eisithe ag Ballstát eile ina leith chun cead isteach nó fanacht a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1861; agus |
|
(b) |
staonfaidh an Chipir ó fholáirimh agus sonraí breise a iontráil i CFS agus ó fhaisnéis fhorlíontach maidir le náisiúnaigh tríú tír a mhalartú, chun cead isteach nó fanacht a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1861. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) IO C 465, 6.12.2022, lch. 210.
(2) Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013, lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/450 ón gCoimisiún an 16 Márta 2015 lena leagtar síos ceanglais um thástáil do Bhallstáit atá ag lánpháirtiú sa dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) nó atá ag athrú go mór a gcórais náisiúnta a bhaineann go díreach leis (IO L 74, 18.3.2015, lch. 31).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(10) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(11) Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
(12) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(13) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).
(14) Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
IARSCRÍBHINN
Liosta d’fhorálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen dá dtagraítear in Airteagal 1(1)
1.
Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (1);
2.
Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (2);
3.
Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (3).
(1) IO L 312, 7.12.2018, lch. 1.