Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0855

Cinneadh (CBES) 2023/855 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova)

ST/7418/2023/INIT

IO L 110, 25.4.2023, pp. 30–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/05/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/855/oj

25.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 110/30


CINNEADH (CBES) 2023/855 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2023

maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (EUPM Moldova)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 24 Meitheamh 2022, d’aithin an Chomhairle Eorpach an peirspictíocht Eorpach atá ag Poblacht na Moldóive, i measc nithe eile, dhearbhaigh sí gur laistigh den Aontas Eorpach atá todhchaí Phoblacht na Moldóive agus todhchaí a saoránach, agus chinn sí, in éineacht leis an Úcráin, stádas mar thír is iarrthóir a dheonú di.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 15 Nollaig 2022, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go leanfaidh an tAontas de gach tacaíocht ábhartha a thabhairt do Phoblacht na Moldóive agus í ag ag déileáil leis an tionchar ilghnéitheach atá ag cogadh foghach na Rúise i goinne na hÚcráine.

(3)

I litir dar dáta an 28 Eanáir 2023 arna seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, d’iarr Príomh-Aire Phoblacht na Moldóive ar an Aontas Misean sibhialtach a imscaradh i bPoblacht na Moldóive faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC).

(4)

An 31 Eanáir 2023, d’fhormhuinigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála Creat Polaitiúil maidir le Bainistiú Géarchéime i bPoblacht na Moldóive.

(5)

An ...5 Aibreán 2023, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime do mhisean sibhialtach CBSC a d’fhéadfaí a dhéanamh i bPoblacht na Moldóive. Ba cheart, dá bhrí sin, an misean sin a bhunú.

(6)

Cuirfear an misean CBSC i bPoblacht na Moldóive i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Misean

Bunaíonn an tAontas, leis seo, Misean Comhpháirtíochta sibhialtach de chuid an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na Moldóive (EUPM Moldova) faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta.

Airteagal 2

Sainordú

1.   Rannchuideoidh EUPM Moldova le feabhas a chur ar athléimneacht earnáil slándála Phoblacht na Moldóive i réimsí an bhainistithe géarchéime agus na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear an chibearshlándáil, agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a chomhrac.

2.   Chuige sin, déanfaidh EUPM Moldova an méid seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le struchtúir bainistithe géarchéime na Moldóive a neartú lena ndírítear ar an earnáil slándála tríd an méid seo a leanas:

(i)

riachtanais eagrúcháin, oiliúna agus trealaimh a shainaithint;

(ii)

gníomhaíochtaí beartaithe agus réitigh shainaitheanta a chur chun feidhme de réir a chéile;

(b)

cuidiú le hathléimneacht i gcoinne bagairtí hibrideacha a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

comhairle a thabhairt ar an leibhéal straitéiseach maidir le straitéisí agus beartais a fhorbairt chun bagairtí hibrideacha mar aon le hionramháil agus cur isteach eactrach ar fháisnéis a chomhrac, lena n-áirítear bréagaisnéis, chun an chibearshlándáil a fheabhsú, agus chun faisnéis rúnaicmithe a chosaint;

(ii)

na riachtanais le haghaidh fothú acmhainneachta a shainaithint san earnáil slándála maidir le luathrabhadh, brath, sainaithint, sannadh bagairtí agus freagairt ar na bagairtí sin;

(iii)

rannchuidiú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí beartaithe agus na réiteach sainaitheanta;

(c)

tacú le cur chun feidhme na gcúraimí thuasluaite trí bhíthin aonad tionscadail lena dtugtar tacaíocht oibríochtúil spriocdhírithe, de réir mar is gá, i gcomhréir leis an gCur Chuige Comhtháite agus, a mhéid is féidir, i ndlúthchomhar le gníomhaithe eile.

3.   Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine agus prionsabal an chomhionannais inscne, cosaint na sibhialtach agus na cláir oibre faoi Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, Rún 2250 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil agus Rún 1612 (2005) maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha a chomhtháthú go hiomlán agus a phríomhshruthú go réamhghníomhach i bpleanáil straitéiseach agus oibríochtúil, i ngníomhaíochtaí agus i dtuairisciú EUPM Moldova.

Airteagal 3

Slabhra ceannais agus struchtúr

1.   Beidh slabhra ceannais aontaithe ag EUPM Moldova ós oibríocht bainistithe géarchéime é.

2.   Is i bPoblacht na Moldóive a bheidh ceanncheathrú EUPM Moldova.

3.   Déanfar EUPM Moldova a struchtúrú i gcomhréir lena dhoiciméid phleanála.

Airteagal 4

Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha

1.   Is é an Stiúrthóir Bainistíochta an Chumais Sibhialtaigh Pleanála agus Seolta (CPCC) a bheidh ina Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ar EUPM Moldova. Beidh an CPCC ar fáil don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha chun EUPM Moldova a phleanáil agus a stiúradh.

2.   Is é Ceannasaí na hOibríochtaí Sibhialtacha, faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála (PSC) agus údarás foriomlán an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), a bheidh i gceannas ar EUPM Moldova agus a rialóidh é ar an leibhéal straitéiseach.

3.   Áiritheoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha go gcuirfear cinntí na Comhairle agus an Choiste Polaitiúil agus Slándála chun feidhme go cuí agus go héifeachtach maidir le hoibríochtaí a chur i gcrích, lena n-áirítear trí threoracha a eisiúint ar an leibhéal straitéiseach de réir mar a cheanglaítear agus trí chomhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil don Cheann Misin.

4.   Tuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha don Chomhairle tríd an Ardionadaí.

5.   Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht, fanfaidh sí, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, faoi cheannas iomlán údaráis náisiúnta an Stáit tionscnaimh faoi institiúidí de chuid an Aontais lena mbaineann nó faoi na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), faoi seach. Aistreoidh na húdaráis sin Rialú Oibríochtúil a bhfoirne chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha.

6.   Beidh sé de fhreagracht fhoriomlán ar an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha a áirithiú go gcomhlíonfar dualgas cúraim an Aontais mar is gceart.

7.   Rachaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht na Moldóive i gcomhairle le chéile de réir mar is gá.

Airteagal 5

Ceann Misin

1.   Glacfaidh an Ceann Misin freagracht as EUPM Moldova agus beidh sé i gceannas air agus rialóidh sé é, ar leibhéal láthair na n-oibríochtaí. Beidh an Ceann Misin freagrach go díreach don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus gníomhóidh an duine sin i gcomhréir leis na treoracha a fhaightear.

2.   Is é an Ceann Misin ionadaí EUPM Moldova ina réimse freagrachta.

3.   Is ar an gCeann Misin a bheidh freagracht riaracháin agus lóistíochta EUPM Moldova, lena n-áirítear freagracht as na sócmhainní, na hacmhainní agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil do EUPM Moldova. Féadfaidh an Ceann Misin cúraimí bainistíochta maidir le cúrsaí foirne agus airgeadais a tharmligean chuig baill foirne EUPM Moldova, faoina fhreagracht fhoriomlán féin.

4.   Is é an Ceann Misin a bheidh freagrach as rialú araíonachta ar fhoireann EUPM Moldova. Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht, is iad údaráis náisiúnta an Stáit tionscnaimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann, nó SEGS, faoi seach, a thionscnóidh caingean araíonachta.

5.   Áiritheoidh an Ceann Misin infheictheacht iomchuí EUPM Moldova.

6.   Gan dochar don slabhra ceannais, gheobhaidh an Ceann Misin treoir pholaitiúil áitiúil ó Cheann Thoscaireacht an Aontais chuig Poblacht na Moldóive.

Airteagal 6

Foireann

1.   Is foireann ar iasacht ó na Ballstáit, ó institiúidí an Aontais nó ó SEGS a bheidh go príomha i bhfoireann EUPM Moldova. Íocfaidh na Ballstáit, na hinstitiúidí de chuid an Aontais agus SEGS na costais a bhaineann le haon duine den fhoireann a bheidh ar iasacht acu, lena n-áirítear speansais taistil chuig áit an imscartha agus uaithi, tuarastail, cumhdach leighis agus liúntais seachas na liúntais laethúla is infheidhme.

2.   Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais, nó SEGS faoi seach a bheidh freagrach as aon éilimh a fhreagairt a bhaineann leis an iasacht ó na comhaltaí foirne a thug siad ar iasacht nó a bhaineann leo, agus as aon chaingean a thionscnamh i gcoinne na ndaoine sin.

3.   Féadfaidh EUPM Moldova baill foirne idirnáisiúnta agus áitiúla a earcú ar bhonn conarthach mura féidir le pearsanra ar iasacht ó na Ballstáit na feidhmeanna is gá a chur ar fáil. Go heisceachtúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, nuair nach bhfuil aon iarratasóirí cáilithe ó na Ballstáit ar fáil, féadfar náisiúnaigh ó thríú Stáit rannpháirteacha a earcú ar bhonn conarthach, mar is iomchuí.

4.   Leagfar síos coinníollacha fostaíochta agus cearta agus oibleagáidí na foirne idirnáisiúnta agus áitiúla sna conarthaí idir EUPM Moldova agus an ball foirne lena mbaineann.

Airteagal 7

Stádas EUPM Moldova agus a fhoirne

Beidh stádas EUPM Moldova agus a fhoirne, lena n-áirítear na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá chun EUPM Moldova a chomhlánú agus a fheidhmiú go rianúil, ina n-ábhar do chomhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach

1.   Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil ar EUPM Moldova agus tabharfaidh sé treoir straitéiseach dó faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh chun na críche sin i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 CAE. Áireofar san údarú sin na cumhachtaí chun Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ón Ardionadaí, agus an Plean Oibríochtaí (OPLAN) a leasú. Leanfaidh na cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus foirceannadh EUPM Moldova de bheith dílsithe don Chomhairle. Foilseofar na cinntí a dhéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála maidir le ceapadh an Chinn Misin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.

3.   Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, ar bhonn rialta agus de réir mar is gá, tuarascálacha ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus ón gCeann Misin maidir le saincheisteanna laistigh dá réimsí freagrachta.

Airteagal 9

Rannpháirtíocht tríú Stáit

1.   Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais agus dá chreat institiúideach aonair, féadfar a iarraidh ar thríú Stáit rannchuidiú le EUPM Moldova, ar choinníoll go seasfaidh siad costas na foirne a thabharfaidh siad ar iasacht, lena n-áirítear tuarastail, gach cumhdach árachais riosca, gach liúntas cothaithe laethúil agus gach speansas taistil chuig Poblacht na Moldóive agus uaithi, agus go rannchuideoidh siad le costais reatha EUPM Moldova, de réir mar is iomchuí.

2.   Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ó thaobh bhainistiú laethúil EUPM Moldova ag tríú Stáit a rannchuidíonn leis an misean sin agus atá ag na Ballstáit.

3.   Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir leis na ranníocaíochtaí beartaithe a ghlacadh agus Coiste Ranncuiditheoirí a bhunú.

4.   Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 37 CAE agus le socruithe teicniúla breise de réir mar is gá. I gcás ina dtabharfaidh an tAontas agus tríú Stát comhaontú i gcrích lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát sin in oibríochtaí bainistithe géarchéime de chuid an Aontais, nó i gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích acu cheana, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe sin i gcomhthéacs EUPM Moldova.

Airteagal 10

An tslándáil

1.   Stiúrfaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an phleanáil arna déanamh ag an gCeann Misin maidir le bearta slándála agus áiritheoidh sé go gcuirfidh EUPM Moldovana bearta sin chun feidhme go cuí agus go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 4.

2.   Beidh an Ceann Misin freagrach as slándáil EUPM Moldova agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais slándála is infheidhme maidir leis an misean sin, i gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V CAE, agus i gcomhréir le hionstraimí tacaíochta an bheartais sin.

3.   Tabharfaidh Oifigeach Slándála Misin cúnamh don Cheann Misin, agus tabharfaidh an t-oifigeach sin tuairisc don Cheann Misin agus beidh dlúthchaidreamh feidhmiúil aige le SEGS.

4.   Cuirfear oiliúint slándála éigeantach ar fhoireann EUPM Moldova sula rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas, i gcomhréir le OPLAN. Gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta ar láthair na n-oibríochtaí freisin, rud a eagróidh an tOifigeach Slándála Misin.

5.   Áiritheoidh an Ceann Misin go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1).

Airteagal 11

Cumas Faire

Déanfar an Cumas Faire a ghníomhachtú le haghaidh EUPM Moldova.

Airteagal 12

Socruithe dlíthiúla

Beidh sé d’acmhainn ag EUPM Moldova seirbhísí agus soláthairtí a fháil, conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh, foireann a fhostú, cuntais bhainc a shealbhú, sócmhainní a fháil agus a dhiúscairt agus a dhliteanais a urscaoileadh, agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

Airteagal 13

Socruithe airgeadais

1.   EUR 3 529 889,20 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le EUPM Moldova a chumhdach ar feadh ceithre mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d’aon tréimhse ina dhiaidh sin.

2.   Bainisteofar an caiteachas uile i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Beidh rannpháirtíocht daoine nádúrtha agus dlítheanacha i ndámhachtain conarthaí soláthair ag EUPM Moldovaar oscailt gan teorainneacha. Thairis sin, ní bheidh feidhm ag aon riail tionscnaimh maidir leis na hearraí arna gceannach ag EUPM Moldova. Faoi réir fhormheas an Choimisiúin, féadfaidh EUPM Moldova socruithe teicniúla a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit, leis an Stát óstach, le tríú Stáit rannpháirteacha agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile maidir le trealamh, seirbhísí agus áitribh a sholáthar do EUPM Moldova.

3.   Beidh EUPM Moldova freagrach as a bhuiséad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, síneoidh EUPM Moldova comhaontú leis an gCoimisiún. Urramóidh na socruithe airgeadais an slabhra ceannais dá bhforáiltear in Airteagail 3, 4 agus 5 agus riachtanais oibríochtúla EUPM Moldova.

4.   Tuairisceoidh EUPM Moldova go hiomlán don Choimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún maoirseacht air, maidir leis na gníomhaíochtaí airgeadais arna ndéanamh faoi chuimsiú an comhaontaithe dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh an caiteachas a bhaineann le EUPM Moldova incháilithe amhail ón dáta a nglacfar an Cinneadh seo.

Airteagal 14

Aonad tionscadail

1.   Beidh Aonad Tionscadail ag an Misean chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le EUPM Moldova, déanfaidh EUPM Moldova na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.

2.   Faoi réir mhír 3, údarófar EUPM Moldova dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó na tríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme a shainaithnítear mar thionscadail lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile EUPM Moldova ar bhealach comhsheasmhach, más fíor an méid seo a leanas:

(a)

go bhforáiltear do na tionscadail sa ráiteas airgeadais a bhaineann leis an gCinneadh seo; nó

(b)

go ndéantar na tionscadail a chomhtháthú le linn an tsainordaithe trí bhíthin leasú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais arna iarraidh ag an gCeann Misin.

Tabharfaidh EUPM Moldova socrú i gcrích leis na Stáit sin is ranníocóirí iad, socrú lena gcumhdófar na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe maidir le damáiste arna dhéanamh mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid EUPM Moldova maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin. In imthosca ar bith, ní chuirfidh na Stáit is ranníocóirí iad an tAontas ná an tArdionadaí faoi dhliteanas as gníomhartha nó as neamhghníomhartha arna ndéanamh ag EUPM Moldova agus na cistí arna soláthar ag na Stáit sin á n-úsáid acu.

3.   Is faoi réir ghlacadh an Choiste Pholaitiúil agus Slándála a thabharfaidh an tAontas, na Ballstáit, nó tríú Stáit ranníocaíochtaí airgeadais don Aonad Tionscadail.

Airteagal 15

Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí comhsheasmhacht chur chun feidhme an Chinnidh seo le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ina hiomláine, lena n-áirítear cláir chúnaimh an Aontais.

2.   Gan dochar don slabhra ceannais, déanfaidh Ceann Thoscaireacht an Aontais chuig Poblacht na Moldóive treoir pholaitiúil áitiúil a chur ar fáil don Cheann Misin.

3.   Áiritheoidh an Ceann Misin an dlúthchomhar le hionadaithe na mBallstát agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leo i bPoblacht na Moldóive.

Airteagal 16

Scaoileadh faisnéise

1.   Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí faisnéis rúnaicmithe AE suas go leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL”, arna giniúint chun críocha EUPM Moldova, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais EUPM Moldova, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE.

2.   I gcás ina mbeidh gá oibríochtúil sonrach agus láithreach ann, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon fhaisnéis rúnaicmithe AE suas go dtí an leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED”, arna giniúint chun críocha EUPM Moldova, a scaoileadh chuig an Stát óstach i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar socruithe idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla an Stáit óstaigh a tharraingt suas chun na críche sin.

3.   Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil le EUPM Moldova agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a scaoileadh le tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo (2).

4.   Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, agus an cumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích a tharmligean chuig daoine a chuirtear faoina údarás nó faoina húdarás, chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus chuig an gCeann Misin, i gcomhréir le Roinn VII d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.

Airteagal 17

Seoladh EUPM Moldova

1.   Seolfar EUPM Moldova le Cinneadh ón gComhairle an dáta a mholfaidh Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha EUPM Moldova a luaithe a bheidh a chumas oibriúcháin tosaigh bainte amach aige.

2.   Déanfaidh foireann lárnach EUPM Moldova na hullmhúcháin is gá chun go mbeidh an misean sin in ann cumas oibriúcháin tosaigh a bhaint amach.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus fad

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta a sheolfar EUPM Moldova.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


Top