This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0854
Council Decision (CFSP) 2023/854 of 24 April 2023 amending Decision 2010/413/CFSP concerning restrictive measures against Iran
Cinneadh (CBES) 2023/854 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
Cinneadh (CBES) 2023/854 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
ST/8054/2023/INIT
IO L 110, 25.4.2023, p. 28–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 110/28 |
CINNEADH (CBES) 2023/854 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2023
lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Chinneadh 2010/413/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
(3) |
Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart iontráil amháin atá san áireamh in Iarscríbhinn II a nuashonrú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:
(1) |
scroistear iontráil 10 (a bhaineann le Rostam QASEMI) ón liosta dar teideal “II. Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)”, faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”; |
(2) |
faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na hiontrála comhfhreagraí sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:
|