EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0841

Cinneadh (AE) 2023/841 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2023 maidir le hionadaithe an Choimisiúin ar an mBord Bainistíochta agus ar Choiste Buiséid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a cheapadh

C/2023/2329

IO L 107, 21.4.2023, p. 39–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/841/oj

21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/39


CINNEADH (AE) 2023/841 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Aibreán 2023

maidir le hionadaithe an Choimisiúin ar an mBord Bainistíochta agus ar Choiste Buiséid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a cheapadh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 154(1) agus Airteagal 171(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Beidh an Bord Bainistíochta agus an Coiste Buiséid araon comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún agus d’ionadaí amháin ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith lena gcomhaltaí malartacha faoi seach.

(2)

Le Cinneadh C(2016) 3228, cheap an Coimisiún a ionadaithe agus a gcomhaltaí malartacha faoi seach ar an mBord Riaracháin agus ar Choiste Buiséid na hOifige.

(3)

Chinn an Coimisiún an fhreagracht as comhalta malartach amháin a aistriú ón Aonad “Rialacha Airgeadais 2 agus Bainistiú Cláir” chuig an Aonad “Beartais Inmheánacha”, atá freagrach as gníomhaireachtaí díláraithe, laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid.

(4)

Gabhann an Cinneadh seo ionad Chinneadh C(2016) 3228 final a aisghairtear dá bhrí sin;

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is iad na daoine seo a leanas a bheidh in ionadaithe an Choimisiúin ar an mBord Bainistíochta agus ar Choiste Buiséid na hOifige:

(a)

leas-Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide atá freagrach as maoin intleachtúil agus as forfheidhmiú na maoine sin, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an ghóchumtha;

(b)

an Stiúrthóir san Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide atá freagrach as maoin intleachtúil agus as forfheidhmiú na maoine sin, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an ghóchumtha.

2.   Is iad na daoine seo a leanas na comhaltaí malartacha:

(a)

an Ceann Aonaid in Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide atá freagrach as maoin intleachtúil agus as forfheidhmiú na maoine sin, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an ghóchumtha;

(b)

an Ceann Aonaid atá freagrach as gníomhaireachtaí díláraithe in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis na daoine a áitíonn, lena n-áirítear ar bhonn sealadach, na poist dá dtagraítear in Airteagal 1 ar dháta glactha an Chinnidh seo, nó maidir le haon chomharba ar na daoine sin sna poist sin.

Airteagal 3

Cuirfidh Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide ainmneacha na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl do Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, do Chathaoirleach an Choiste Buiséid agus do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Aisghairtear Cinneadh C(2016) 3228 final.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 154, 16.6.2017, lch. 1.


Top