Šis dokumentas gautas iš interneto svetainės „EUR-Lex“
Dokumentas 32023D0815
Decision (EU) 2023/815 of the European Central Bank of 28 March 2023 amending Decision ECB/2010/4 concerning the management of pooled bilateral loans for the benefit of the Hellenic Republic (ECB/2023/7)
Cinneadh (AE) 2023/815 ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/4 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach (BCE/2023/7)
Cinneadh (AE) 2023/815 ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/4 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach (BCE/2023/7)
ECB/2023/7
IO L 102, 17.4.2023, p. 20—21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Galioja
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/20 |
CINNEADH (AE) 2023/815 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 28 Márta 2023
lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/4 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe ar mhaithe leis an bPoblacht Heilléanach (BCE/2023/7)
TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 132 de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagail 17 agus 21 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 8 Meán Fómhair 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe luach saothair na dtaiscí atá i seilbh an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a choigeartú go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (1) agus le hAirteagal 5 de Chinneadh BCE/2010/4 ón mBanc Ceannais Eorpach (2). Le Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30), cuireadh an creat sealadach sin (3) chun feidhme trí luach saothair na dtaiscí sin a shocrú ar an ráta saoráide taisce nó ar an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is ísle. Fanfaidh Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) i bhfeidhm go dtí an 30 Aibreán 2023. |
(2) |
An 6 Feabhra 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe go socrófar luach saothair na dtaiscí sin ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe ón 1 Bealtaine 2023. Tá an ráta luacha saothair sin ailínithe leis an uasteorainn luacha saothair is infheidhme maidir le taiscí rialtais atá i seilbh bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, mar a shonraítear i dTreoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (4), a shocrófar freisin ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe ón 1 Bealtaine 2023. |
(3) |
Áirítear i gCinneadh BCE/2010/4 foráil maidir le luach saothair, ar cheart í a ailíniú leis an luach saothair a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir le luach saothair taiscí inchomparáide ar fud an Eurochórais. Ar mhaithe le trédhearcacht agus comhsheasmhacht, ba cheart tagairt shainráite don fhoráil sin a chur san áireamh i gCinneadh BCE/2010/4. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh BCE/2010/4 a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh BCE/2010/4:
“Airteagal 5
Luach saothair
Íocfar an cuntas a choimeádtar le BCE in ainm na nIasachtóirí i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (*1).
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2023.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 28 Márta 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le híocaíocht i leith sealúchais cúlchistí farasbairr agus i leith taiscí áirithe (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).
(2) Cinneadh BCE/2010/4 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe chun sochair don Phoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7 (IO L 119, 13.5.2010, lch. 24).
(3) Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2022 maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí áirithe beartais neamhairgeadaíochta arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (IO L 236 I, 13.9.2022, lch. 1).
(4) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).