Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0810

Cinneadh (CBES) 2023/810 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

ST/7342/2023/REV/1

IO L 101, 14.4.2023, p. 64–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/810/oj

14.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 101/64


CINNEADH (CBES) 2023/810 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, a chumhdach (‘an méid tagartha airgeadais’).

(2)

An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/471 (2), lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 900 000 000.

(3)

An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/636 (3), lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 350 000 000.

(4)

An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/809 (4), lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 840 000 000.

(5)

An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1285 (5), lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 2 330 000 000.

(6)

An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1971 (6), lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 2 820 000 000.

(7)

An 2 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/230 (7), lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 3 120 000 000.

(8)

I gcomhréir le riachtanais phráinneacha na hÚcráine a pléadh go háirithe ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, agus bunaithe ar an gcinneadh a rinne an Chomhairle an 20 Márta 2023, ba cheart EUR 1 000 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais.

(9)

An 20 Márta 2023, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige trí rian darb aidhm, go háirithe, dlús a chur leis an seachadadh agus leis an soláthar comhpháirteach lena ndírítear ar mhilliún urchar armlóin airtléire don Úcráin mar iarracht chomhpháirteach laistigh den 12 mhí seo romhainn, agus d’iarr sí go gcuirfí na trí rian sin chun feidhme go pras, ar rianta iad atá idirnasctha agus ar gá iad a shaothrú go comhthreomhar agus ar bhealach comhordaithe. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit armlón talamh go talamh agus airtléire a sheachadadh go práinneach chuig an Úcráin agus, má iarrtar iad, diúracáin. Gheobhaidh an Chomhairle nuashonruithe rialta míosúla maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an aidhm 1 mhilliún urchar armlóin airtléire a chur ar fáil don Úcráin. A mhéid a bhaineann leis an tríú rian, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún freisin tograí nithiúla a thíolacadh chun tacú go práinneach le hacmhainneachtaí monaraíochta thionscal cosanta na hEorpa a mhéadú, slabhraí soláthair a dhaingniú, nósanna imeachta éifeachtúla soláthair a éascú, aghaidh a thabhairt ar easnaimh in acmhainneachtaí táirgeachta, agus infheistíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhuiséad an Aontais a shlógadh.

(10)

Eagrófar freisin cruinnithe rialta ar leibhéal na Stiúrthóirí Armála Náisiúnta leis an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta (an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint) chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais agus ar na cumais thionsclaíocha agus chun an dlúthchomhar riachtanach a áirithiú, go háirithe maidir le soláthar ó stoic, athbheartú tosaíochtaí i leith orduithe atá ann cheana agus na tionscadail éagsúla fála comhpháirtí, chun cur chun feidhme leordhóthanach na dtrí rian éagsúla a áirithiú.

(11)

Déanfaidh Coiste na mBuanionadaithe faireachán ar chur chun feidhme comhordaithe comhthreomhar an chur chuige trí rian.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 4 120 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 4 120 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 sna buiséid ghaolmhara leasaitheacha agus bhliantúla a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.

4.   Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme incháilithe ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle:

(a)

Is é EUR 450 000 000 a bheidh san uaschaiteachas incháilithe arna thabhú roimh an 11 Márta 2022.

(b)

Is é EUR 1 390 000 000 a bheidh san uasmhéid incháilithe don tréimhse ón 11 Márta 2022 go dtí an 20 Iúil 2022.

(c)

Is é EUR 677 420 154,06 a bheidh san uasmhéid incháilithe don tréimhse idir an 21 Iúil 2022 agus an 30 Samhain 2022.

(d)

Beidh EUR 1 602 579 845,94 incháilithe ón 1 Nollaig 2022. Beidh EUR 1 000 000 000 den mhéid sin incháilithe ón 9 Feabhra 2023 go dtí an 31 Bealtaine 2023 chun maoiniú a dhéanamh ar aisíocaíocht na n-ábhar a deonaíodh ó stoic atá ann cheana nó ó athbheartú tosaíochtaí i leith orduithe atá ann cheana a sheachadtar le linn na tréimhse sin, maidir le harmlón talamh go talamh agus armlón airtléire, agus, má iarrtar iad, diúracáin. Úsáidfear aon chistí nár úsáideadh ón méid deireanach sin chun go n-aisíocfar an trealamh marfach uile atá incháilithe faoin mbeart cúnaimh seo ón 1 Nollaig 2022, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach i liosta ceanglas na hÚcráine.

(e)

Beidh caiteachas a bhaineann le cothabháil agus deisiú incháilithe ón 17 Deireadh Fómhair 2022, agus beidh caiteachas a bhaineann le hathfheistiú incháilithe ón 2 Feabhra 2023.”.

(2)

in Airteagal 4(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

Aireacht Cosanta Phoblacht na Seice”;

(3)

in Airteagal 4, mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o):

“(o)

Aireacht Cosanta Náisiúnta na Liotuáine”;

(4)

in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Tuairisceoidh an tArdionadaí go rialta agus go míosúil don Chomhairle maidir le cur chun feidhme Airteagal 2(4), pointe (d), i ndáil le líon na seachadtaí armlóin airtléire, agus, má iarrtar sin, diúracáin, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 96, 24.3.2022, lch. 43).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/636 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 117, 19.4.2022, lch. 34).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/809 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 145, 24.5.2022, lch. 40).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/1285 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 195, 22.7.2022, lch. 93).

(6)  Cinneadh (CBES) 2022/1971 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 270, 18.10.2022, lch. 95).

(7)  Cinneadh (CBES) 2023/230 ón gComhairle an 2 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 32, 3.2.2023, lch. 62).


Top