Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0756

    Cinneadh (CBES) 2023/756 ón gComhairle an 13 Aibrean 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/7712/2023/INIT

    IO L 100I, 13.4.2023, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/756/oj

    13.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 100/4


    CINNEADH (CBES) 2023/756 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Aibrean 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí go géar cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí coinneáil leis an mbrú comhchoiteann ar an Rúis agus an brú sin a mhéadú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí bhearta sriantacha breise a thabhairt isteach.

    (4)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 2 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

    (5)

    Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 13 Aibreán 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “210.

    Grúpa Wagner

    (Rúisis: Группа Вагнера)

    ar a dtugtar freisin

    Grúpa Vagner

    PMC Wagner

    Liga

    League

    Daoine aonair comhlachaithe: Dimitriy Utkin; Yevgeniy Prigozhin

    Is eintiteas míleata neamhchorpraithe príobháideach atá bunaithe sa Rúis é an Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Dimitriy Utkin agus maoinithe ag Yevgeniy Prigozhin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann an Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí. Is é an Grúpa Wagner a bhí i gceannas ar na hionsaithe ar bhailte Soledar agus Bakhmut san Úcráin i mí Eanáir 2023 agus tá ról ghníomhach aige i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Grúpa Wagner freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    13.4.2023

    211.

    RIA FAN

    ar a dtugtar freisin

    FNA

    Federal News Agency LLC

    RIA FNA

    Áit chlárúcháin: Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise

    Dáta clárúcháin: an 11.5.2014

    Suíomh gréasáin:

    www.riafan.ru

    Duine aonaoir comhlachaithe: Yevgeniy Priogzhin

    Eintitis comhlachaithe: Patriot Media Group, an Grúpa Wagner

    Tá RIA FAN mar chuid de Patriot Media Group (Grúpa Meán Patriot), eagraíocht meán de chuid na Rúise agus is é Yevgeniy Prigozhin atá i gceannas ar Bhoird na nIontaobhaithe. Tá RIA FAN rannpháirteach i mbolscaireacht ar son an rialtais agus bréagaisnéis maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Déanann RIA FAN cur síos ar chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar mhisean chun stop a chur le ‘Naitsithe Úcráineacha’ agus cuireann sé gníomhaíochtaí a rinne an Grúpa Wagner chun cinn. Dá bhrí sin, tugann RIA FAN tacaíocht ábharach do ghníomhaíochtaí agus bearta lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint ag RIA FAN freisin leis annGrúpa Meán Patriot.

    13.4.2023”


    Top