Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0748

Cinneadh (AE) 2023/748 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha riaracháin

C/2023/2288

IO L 99, 12.4.2023, pp. 23–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/748/oj

12.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/23


CINNEADH (AE) 2023/748 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Aibreán 2023

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha riaracháin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 11(2) agus 11a(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, leagtar síos rialacha chun forálacha Choinbhinsiún Aarhus a chur i bhfeidhm laistigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais.

(2)

Le Teideal IV den Rialachán sin, leagtar amach forálacha maidir le hathbhreithniú inmheánach ar ghníomhartha agus neamhghníomhartha riaracháin.

(3)

Le hAirteagal 11(1) agus 11(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, leagtar amach na critéir agus na coinníollacha maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus baill eile den phobal a bheith i dteideal, ar leibhéal an Aontais, athbhreithniú inmheánach a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 10 de, ar gá, chun iad a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach comhsheasmhach, rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfianaise a sholáthar leis na hiarrataí, ríomh na dteorainneacha ama chun freagra a thabhairt ar iarrataí agus maidir leis an gcomhar idir institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 11a, mír (2), de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, ar mhaithe le trédhearcacht agus láimhseáil éifeachtach cásanna, tá córas ar líne bunaithe ag an gCoimisiún agus é mar chuspóir aige gur tríd an gcóras sin a thíolacfar na hiarrataí uile a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin. Tá sin gan dochar d’aon chinneadh a dhéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais amach anseo agus féadfaidh siad córais ar líne a bhunú freisin chun iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a fháil amach anseo.

(5)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Cinneadh seo á chur i bhfeidhm. Is iomchuí a shoiléiriú go measfar gurb é an Coimisiún an rialaitheoir sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil san ardán ar líne.

(6)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla uaidh an 17 Feabhra 2023.

(7)

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 le Rialachán (AE) 2021/1767 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá feidhm ag leasuithe ar Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ón 29 Aibreán 2023. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo amhail ón dáta céanna.

(8)

Ós rud é go leagtar síos leis an gCinneadh seo forálacha nua chun cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 arna leasú le Rialachán (AE) 2021/1767 a áirithiú, ba cheart Cinneadh 2008/50/CE (4) ón gCoimisiún a aisghairm le héifeacht ar an dáta céanna.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar iarrata ar athbhreithniú inmheánach

1.   Maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomh nó neamhghníomh riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, déanfar na nithe seo a leanas inti:

(a)

an gníomh nó neamhghníomh riaracháin a bhfuil athbhreithniú á lorg ina leith agus forálacha den dlí comhshaoil a líomhnaítear gur sáraíodh iad a shonrú;

(b)

na forais ar a bhfuil an iarraidh á déanamh a lua;

(c)

faisnéis agus doiciméadacht ábhartha a thacaíonn leis na forais sin a sholáthar, fíorais nó argóintí dlíthiúla a chur ar aghaidh a bhfuil substaint leordhóthanach iontu chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh maidir leis an measúnú a rinne institiúid nó comhlacht an Aontais;

(d)

ainm agus sonraí teagmhála an duine a bhfuil sé de chumhacht aige ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí iarrthach vis-à-vis tríú páirtithe a shonrú chun críche an athbhreithnithe inmheánaigh sa chás i gceist;

(e)

fianaise a sholáthar maidir le teidlíocht an pháirtí iarrthaigh an iarraidh a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006.

2.   Ní rachaidh an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach thar 50 leathanach (gan doiciméid d’fhianaise a áireamh a chomhlíonann na critéir incháilitheachta faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus iarscríbhinní eile chun tacú leis an iarraidh), mura rud é, de bharr chastacht na saincheisteanna a ardaíodh san iarraidh, go measann seirbhísí an Choimisiúin go bhfuil údar maith leis an uasmhéid sin a shárú.

3.   Chun críche phointe (d) den chéad mhír, i gcás ina ndéanfaidh roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha nó baill eile den phobal iarraidh chomhpháirteach, ainmneofar pointe teagmhála amháin.

Airteagal 2

Critéir maidir le teidlíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha athbhreithniú inmheánach a iarraidh

1.   Aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomh nó neamhghníomh riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, cuirfidh sí fianaise ar fáil, i bhfoirm na ndoiciméad a liostaítear i mír 5 den Airteagal seo, go gcomhlíonann an iarraidh na critéir a leagtar amach in Airteagal 11(1) den Rialachán sin.

2.   I gcás nach féidir aon cheann de na doiciméid sin a sholáthar ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith na heagraíochta neamhrialtasaí, féadfaidh an eagraíocht sin fianaise a sholáthar i bhfoirm aon doiciméid choibhéisigh eile.

3.   I gcás nach léir ó na doiciméid go bhfuil an eagraíocht neamhrialtasach neamhspleách agus neamhbhrabúsach, cuirfidh an eagraíocht sin isteach dearbhú chuige sin, arna shíniú ag duine a bhfuil sé de chumhacht aige déanamh amhlaidh laistigh den eagraíocht neamhrialtasach.

4.   I gcás nach léir ó na doiciméid gurb é príomhchuspóir sonraithe na heagraíochta neamhrialtasaí cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn i gcomhthéacs dhlí an chomhshaoil, go raibh sé ann le breis agus 2 bhliain agus go bhfuil an cuspóir sin á shaothrú go gníomhach aici, nó go bhfuil an t-ábhar ar ina leith a dhéantar an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach cumhdaithe ag cuspóirí agus gníomhaíochtaí na heagraíochtaí neamhrialtasaí, cuirfidh an eagraíocht sin isteach aon doiciméad eile ina dtabharfar fianaise go bhfuil an critéar sin á chomhlíonadh.

5.   Liosta na ndoiciméad atá le soláthar faoi mhír 1:

(a)

reacht nó fodhlíthe na heagraíochta neamhrialtasaí, nó aon doiciméad eile a chomhlíonann an ról céanna faoin gcleachtas náisiúnta, i leith na mBallstát sin de chuid an Aontais nach gceanglaítear iontu, nó nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta, d’eagraíocht neamhrialtasach reacht nó fodhlíthe a ghlacadh;

(b)

tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta neamhrialtasaí le 2 bhliain anuas;

(c)

maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha atá bunaithe i dtíortha ina bhfuil comhlíonadh na nósanna imeachta sin ina réamhriachtanas d’eagraíocht neamhrialtasach pearsantacht dhlítheanach a fháil, cóip den chlárú dlíthiúil leis na húdaráis náisiúnta;

(d)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis agus doiciméadacht gur thug institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais aitheantas roimhe sin don eagraíocht neamhrialtasach gur eagraíocht neamhrialtasach í a bhí i dteideal athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar ghníomh nó neamhghníomh riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006; agus dearbhú ón eagraíocht neamhrialtasach go bhfuil na coinníollacha incháilitheachta á gcomhlíonadh i gcónaí.

Airteagal 3

Coinníollacha a leagtar amach faoi Airteagal 11(1a), an chéad fhomhír, pointe b, de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006

1.   Baill den phobal atá i dteideal iarraidh a chur isteach ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomh nó neamhghníomh riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, soláthróidh siad liosta na ndoiciméad faoi mhír (2) chun tacú le comhlíonadh na gcritéar agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(1a), an chéad fhomhír, pointe b, den Rialachán sin.

2.   Liosta na ndoiciméad atá le soláthar:

(a)

tuairisc achomair ar an leas poiblí leordhóthanach atá i gceist;

(b)

tuairisc ar an modh inar bailíodh an tacaíocht ón bpobal. I gcás feachtas chun sínithe a bhailiú ar líne, soláthrófar sonraí an ardáin agus na modhanna chun a áirithiú go bhfuil na torthaí dáiríre. Le haon mhodh bailiúcháin, áiritheofar go ndéanfar iontrálacha dúblacha nó bréagacha a eisiamh, go ndéanfar sonraí ó bhaill den phobal nach bhfuil cónaí orthu nó nach bhfuil bunaithe san Aontas a eisiamh, agus go gcuirfear miondealú de réir Bhallstáit ar fáil. Míneofar sa tuairisc freisin cén fhianaise a measadh chun barántúlacht na ndoiciméad agus na sonraí a tíolacadh a mheas;

(c)

tuairisc achomair ar mhéid na tacaíochta poiblí maidir leis an iarraidh, lena n-áirítear, go sonrach, líon na ndaoine a thacaíonn léi, le miondealú de réir Ballstáit, lena léirítear go bhfuil tacaíocht ag an iarraidh ó 4 000 ball ar a laghad den phobal a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe in 5 Bhallstát ar a laghad, agus gur as gach ceann de na Ballstáit sin 250 duine ar a laghad den phobal.

3.   Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil maidir le gach sínitheoir ar duine nádúrtha é:

(a)

cruthúnas ar shíniú;

(b)

céadainm agus sloinne;

(c)

seoladh agus an Ballstát cónaithe;

(d)

deimhniú go gcomhlíontar an ceanglas aoise íosta (ag brath ar cheanglais an Bhallstáit chónaithe maidir le cearta vótála a fheidhmiú ag toghcháin Pharlaimint na hEorpa).

4.   Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil maidir le gach sínitheoir ar eagraíocht é:

(a)

cruthúnas ar shíniú;

(b)

ainm na heagraíochta;

(c)

seoladh agus an Ballstát bunaithe;

(d)

cláruimhir náisiúnta;

(e)

céadainm agus sloinne an ionadaí agus a theideal.

5.   Ní dhéanfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid na sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 a úsáid ach amháin chun a fhíorú an gcomhlíonann na páirtithe iarrthacha na critéir agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal11(1a), an chéad fhomhír, pointe b, de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, agus scriosfaidh siad na sonraí sin 1 bhliain tar éis thíolacadh na hiarrata, ach amháin má tá díospóid ann maidir le comhlíonadh na gcritéar incháilitheachta, agus sa chás sin féadfar na sonraí pearsanta a choinneáil go dtí go réiteofar díospóid den sórt sin.

Airteagal 4

Ionadaíocht ó eagraíocht neamhrialtasach nó ó dhlíodóir

1.   I gcás ina ndéanann eagraíocht neamhrialtasach ionadaíocht ar eagraíochtaí neamhrialtasacha nó baill eile den phobal, beidh feidhm ag Airteagal 2 den Chinneadh seo.

2.   I gcás ina ndéanann dlíodóir ionadaíocht ar eagraíochtaí neamhrialtasacha nó baill eile den phobal, áireofar san iarraidh doiciméid agus sonraí lena gcruthaítear go bhfuil an dlíodóir údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte Ballstáit. Féadfar a áireamh sna doiciméid sin deimhniú arna eisiúint ag comhlachas barra i mBallstát nó aon doiciméad eile a chomhlíonann an ról céanna faoin gcleachtas náisiúnta. Soláthróidh an dlíodóir cumhacht aturnae freisin lena bhfianófar go bhfuil sé i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar a chliaint.

Airteagal 5

Measúnú ar an teidlíocht chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh

1.   Fíoróidh institiúid nó comhlacht an Aontais lena mbaineann go gcomhlíonann na daoine a chuir isteach an iarraidh agus a n-ionadaithe na critéir nó na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus 11(1d) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 trí mheasúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

2.   I gcás, ar bhonn na faisnéise arna soláthar i gcomhréir leis an gCinneadh seo, nach féidir le hinstitiúid nó le comhlacht an Aontais lena mbaineann a mheas go hiomlán an bhfuil na critéir/agus nó na coinníollacha á gcomhlíonadh, iarrfaidh sé doiciméadacht bhreise nó faisnéis bhreise ar an bpáirtí iarrthach, laistigh de thréimhse réasúnta a shonróidh institiúid nó comhlacht an Aontais lena mbaineann de chuid, ar tréimhse nach faide ná 30 lá. Le linn na tréimhse sin, cuirfear na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ar fionraí.

3.   I gcás inarb ábhartha, féadfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais lena mbaineann dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta ábhartha in aon Bhallstát de chuid an Aontais chun an fhaisnéis a chuireann an eagraíocht neamhrialtasach nó an dlíodóir lena mbaineann ar fáil maidir leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a fhíorú agus a mheasúnú. Le linn na tréimhse comhairliúcháin sin, tréimhse nach faide ná 30 lá, cuirfear na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ar fionraí.

Airteagal 6

Comhar riaracháin

Comhoibreoidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais eatarthu féin chun cur i bhfeidhm trédhearcach agus comhsheasmhach an Chinnidh seo a áirithiú.

Airteagal 7

Iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a chur faoi bhráid an Choimisiúin

1.   Ní dhéanfar iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar ghníomh nó neamhghníomh riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 atá dírithe chuig an gCoimisiún a chur isteach ach amháin tríd an gcóras ar líne chun iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a fháil, ar córas é a bhfuil rochtain ag an bpobal air ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

2.   Maidir le hiarrataí ar athbhreithniú atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 11(1a), an chéad fhomhír, pointe b, den Rialachán sin, baileofar na sínithe trí chóras ar líne a chuirfidh an Coimisiún ar fáil (EU-Survey), de réir na treorach agus na modheolaíochta arna soláthar ag an gCoimisiún. Tá sin gan dochar don deis atá ag an bpáirtí iarrthach sínithe lámhscríofa a bhailiú. Sa chás sin, déanfaidh an páirtí iarrthach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 3, an tríú agus an ceathrú mír den Chinneadh seo a dhigitiú agus déanfaidh sé iad sin a chur isteach tríd an gcóras ar líne lena bhfaightear iarrataí ar athbhreithniú inmheánach.

Airteagal 8

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2008/50/CE.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 29 Aibreán 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 264, 25.9.2006, lch. 13

(2)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(3)   IO L 356, 8.10.2021, lch. 1.

(4)   IO L 13, 16.1.2008, lch. 24.


Top