This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0743
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2023/743 of 4 April 2023 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation in the Mediterranean (EUNAVFOR MED IRINI) and repealing Decision (CFSP) 2022/1681 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2023)
Cinneadh (CBES) 2023/743 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Aibreán 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1681 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2023)
Cinneadh (CBES) 2023/743 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Aibreán 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1681 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2023)
ST/7561/2023/INIT
IO L 98, 11.4.2023, p. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/09/2023; Arna aisghairm le 32023D2078
11.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 98/6 |
CINNEADH (CBES) 2023/743 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 4 Aibreán 2023
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1681 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2023)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, rud a bhunaigh agus a sheol oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI). |
(2) |
De bhun Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) cinntí a ghlacadh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar EUNAVFOR MED IRINI. |
(3) |
An 27 Meán Fómhair 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1681 (2) lena gceaptar an Seachaimiréal Stylianos DIMOPOULOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar EUNAVFOR MED IRINI ón 1 Deireadh Fómhair 2022. |
(4) |
An 24 Feabhra 2023, mhol na húdaráis mhíleata Iodálacha go ndéanfaí an Seachaimiréal (Cabhlach) Valentino RINALDI a cheapadh i gcomharbas ar an Seachaimiréal Stylianos DIMOPOULOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar EUNAVFOR MED IRINI ón 1 Aibreán 2023. Thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán sin a moladh. |
(5) |
An 3 Márta 2023, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh a rinne na húdaráis mhíleata Iodálacha. |
(6) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Valentino RINALDI a cheapadh. |
(7) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/1681 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal Valentino RINALDI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI).
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/1681 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2022) a aisghairm.
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Aibreán 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1681 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Meán Fómhair 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/513 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2022) (IO L 252, 30.9.2022, lch. 74).