Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0728

Cinneadh (CBES) 2023/728 ón gComhairle an 31 Márta 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/7747/2023/INIT

IO L 94, 3.4.2023, p. 65–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/728/oj

3.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 94/65


CINNEADH (CBES) 2023/728 ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Márta 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin (1).

(2)

An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/434 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí – gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe. Leagtar na heagraíochtaí sin amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434. De bhun Airteagal 1, pointe (11), de Chinneadh (CBES) 2023/434, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle.

(3)

Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/434 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 59I, 25.2.2023, lch. 593).


Top