EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0718

Cinneadh (AE) 2023/718 ón gComhairle an 28 Márta 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear fochoiste um chomhar muirí agus lena nglactar a théarmaí tagartha

ST/7254/2023/INIT

IO L 93, 31.3.2023, p. 103–107 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/718/oj

31.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 93/103


CINNEADH (AE) 2023/718 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Márta 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear fochoiste um chomhar muirí agus lena nglactar a théarmaí tagartha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) agus Airteagail 207 agus 209 de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2017/2414 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2018.

(2)

De bhun Airteagal 48 den Chomhaontú, bunaíodh Comhchoiste agus tá sé de chúram air, inter alia, le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. De bhun Airteagal 48(3) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le fochoistí speisialaithe a chur ar bun ar féidir leo cuidiú leis a chuid cúraimí a dhéanamh. Socraíonn an Comhchoiste comhdhéanamh agus cúraimí na bhfochoistí den sórt sin agus an chaoi a bhfeidhmíonn siad. Chuir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha araon in iúl gur spéis leo fochoiste um chomhar muirí a bhunú chun idirphlé tiomnaithe a éascú maidir le gach gné den chomhar muirí idir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha.

(3)

Tá an Comhchoiste, trí nós imeachta i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 8(2) dá rialacha nós imeachta, le cinneadh a ghlacadh lena gcruthaítear fochoiste um chomhar muirí agus lena nglactar a théarmaí tagartha.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú maidir le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear fochoiste um chomhar muirí agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh, agus a mhéid a bheidh an cinneadh sin ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn an Chomhchoiste arna bhunú de bhun Airteagal 48 den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear Fochoiste AE-na nOileáin Filipíneach um chomhar muirí agus lena nglactar a théarmaí tagartha, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh an Chomhchoiste san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa 28 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  IO L 343, 22.12.2017, lch. 3

(2)  Cinneadh (AE) 2017/2414 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile (IO L 343, 22.12.2017, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. …/2023 Ó CHOMHCHOISTE AE-NA nOILEÁN FILIPÍNEACH

an ...

lena mbunaítear Fochoiste um Chomhar Muirí agus lena nglactar a théarmaí tagartha ábhartha

TÁ COMHCHOISTE AE-OILEÁIN FHILIPÍNEACHA,

Ag féachaint don Chreat-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile, (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) agus go háirithe Airteagal 48(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 48(3) den Chomhaontú go bhfuil an Comhchoiste le fochoistí speisialaithe a chur ar bun ar féidir leo cuidiú leis a chuid cúraimí a dhéanamh. Is féidir leis an gComhchoiste comhdhéanamh agus dualgais na gcoistí nó na gcomhlachtaí sin agus an chaoi a bhfeidhmíonn siad a chinneadh.

(2)

Bhunaigh an Comhchoiste liosta fochoistí agus ghlac sé a dtéarmaí tagartha trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2/2020/02 an 28 Eanáir 2020.

(3)

Le comhaontú breise ó na Páirtithe, is féidir liosta na bhfochoistí agus raon feidhme gach bhfochoiste a leasú.

(4)

Trí fhochoiste speisialaithe nua um chomhar muirí a bhunú, d’éascófaí idirphlé tiomnaithe maidir le gach gné den chomhar muirí idir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha agus dhéanfaí cur chun feidhme éifeachtach na gclár um chomhar muirí idir na hOileáin Fhilipíneacha agus an tAontas a chur chun cinn.

(5)

Na téarmaí tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2020 ón gComhchoiste an 28 Eanáir 2020, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir leis an bhFochoiste um Chomhar Muirí nuair a bhunófar é.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

(7)

Chun go mbeidh an fochoiste um Chomhar Muirí oibríochtúil go tráthúil, is gá an Cinneadh seo a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Fochoiste um Chomhar Muirí a bhunú agus a théarmaí tagartha a ghlacadh

1.   Leis seo, bunaítear an Fochoiste um Chomhar Muirí mar fhochoiste speisialaithe den Chomhchoiste.

2   Na téarmaí tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2020 an 28 Eanáir 2020 ón gComhchoiste, beidh feidhm acu freisin maidir leis an bhFochoiste um Chomhar Muirí.

Airteagal 2

Leasú ar liosta na bhfochoistí

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad liosta na bhfochoistí a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2020 ón gComhchoiste an 28 Eanáir 2020

Arna dhéanamh i/in/sa/san …,

Thar ceann Fhochoiste AE-na nOileán Filipíneach

An Cathaoirleach


IARSCRÍBHINN

Comhchoiste AE-na nOileán Filipíneach

Fochoistí Speisialaithe

An Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt

An Fochoiste um Thrádáil, Infheistíocht agus Comhar Eacnamaíoch

An Fochoiste um Dhea-Rialachas, um an Smacht Reachta agus um Chearta an Duine

An Fochoiste um Chomhar Muirí


Top