EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0686

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/686 ón gCoimisiún an 24 Márta 2023 gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Insecticide Textile Contact” (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1853) (Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)

C/2023/1853

IO L 90, 28.3.2023, p. 42–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/686/oj

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 90/42


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/686 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2023

gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Insecticide Textile Contact”

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1853)

(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Aibreán 2016, chuir DAKEM iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le haghaidh údarú le haghaidh táirge bithicídeach aonair ar a dtugtar “Insecticide Textile Contact” de chineál táirge 18, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé deimhniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Beilge meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-JR023293-31 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is í sármheitrin substaint ghníomhach “Insecticide Textile Contact”, ar substaint í a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirgí 18.

(3)

An 5 Nollaig 2019, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta. Sular cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta é, an 7 Deireadh Fómhair 2019, tugadh an deis do DAKEM barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir leis an tuarascáil mheasúnaithe agus na conclúidí, i gcomhréir le hAirteagal 44(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Thug an t-údarás inniúil meastóireachta aird chuí ar na barúlacha a fuarthas ó DAKEM agus a mheastóireacht á tabhairt chun críche aige. Le linn phróiseas foirmithe tuairimíochta na Gníomhaireachta maidir leis an tuarascáil mheasúnaithe sin, thug an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil sin cothrom le dáta agus, an 25 Bealtaine 2020, tugadh an deis do DAKEM barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe agus an dréacht-tuairim ón nGníomhaireacht sular ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta an tuairim chríochnaitheach an 17 Meitheamh 2020.

(4)

An 2 Iúil 2020, chuir an Ghníomhaireacht a tuairim (2) faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an iarratas ar údarú ón Aontas “Insecticide Textile Contact” i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is é conclúid na Gníomhaireachta sa tuairim sin nach gcomhlíonann an táirge bithicídeach “Insecticide Textile Contact” na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, meastar go n-eascraíonn rioscaí doghlactha i gcás úsáideoirí neamhghairmiúla as úsáid bheartaithe an táirge bhithicídigh “Insecticide Textile Contact”, is é sin le rá, i gcás daoine fásta a leathann an táirge agus i gcás an phobail i gcoitinne atá neamhchosanta ar na hearraí cóireáilte, agus rioscaí doghlactha i gcás an chomhshaoil, is e sin le rá, i gcás uisce dromchla agus dríodar, agus, dá bhrí sin, ní chomhlíonann an táirge na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé nach gcomhlíonann “Insecticide Textile Contact” na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1)(b), pointí (iii) agus (iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, is iomchuí gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh “Insecticide Textile Contact”.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní dheonaítear údarú Aontais do DAKEM chun an táirge bithicídeach aonair “Insecticide Textile Contact” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig DAKEM, 69 rue Victor Hugo, 92400 Courbevoie, an Fhrainc.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1

(2)  Tuairim ECHA an 17 Meitheamh 2020 maidir le húdarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh “Insecticide Textile Contact” (ECHA/BPC/263/2020), https://echa.europa.eu/de/opinions-on-union-authorisation


Top