This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0676
Council Decision (EU) 2023/676 of 20 March 2023 on the signing, on behalf of the Union, of the Agreement between the European Union and the Republic of Chile pursuant to Article XXVIII of the General Agreement on Tariffs and Trade (GATT) 1994 relating to the modification of concessions on all the tariff rate quotas included in the EU Schedule CLXXV as a consequence of the United Kingdom’s withdrawal from the European Union
Cinneadh (AE) 2023/676 ón gComhairle an 20 Márta 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
Cinneadh (AE) 2023/676 ón gComhairle an 20 Márta 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
ST/6617/2023/INIT
IO L 86, 24.3.2023, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 86/1 |
CINNEADH (AE) 2023/676 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Márta 2023
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Meitheamh 2018 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 maidir le coinroinnt na gcuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais, mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. |
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht le Poblacht na Sile i gcrích agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 1 Nollaig 2022. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar síniú thar ceann an Aontais an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, a údarú, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.