EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0602

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/602 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/245 ón gCoimisiún lena nglactar le tairiscintí gealltanais tar éis dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne

C/2023/1655

IO L 79, 17.3.2023, p. 179–180 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/602/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/179


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/602 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/245 ón gCoimisiún lena nglactar le tairiscintí gealltanais tar éis dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagail 13, 15 agus 24 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún (3), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne (an t-imscrúdú bunaidh).

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/245 ón gCoimisiún (4), glacadh leis na gealltanais a thairg na hocht dtáirgeoir onnmhairiúcháin in éineacht le Comhlachas Bithbhreoslaí na hAirgintíne (CARBIO).

(3)

Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A., cód breise TARIC C497, is cuideachta í atá faoi réir dleachtráta frithchúitimh aonair 25,0 % agus gealltanais, agus chuir sí in iúl don Choimisiún an 23 Bealtaine 2022 gur athraigh sí a hainm go Viterra Argentina S.A.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann dá bharr le grúpaí eile cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu san imscrúdú bunaidh.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/592 ón gCoimisiún (5), leasaigh an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 chun ainm athraithe na cuideachta a léiriú, ainm a sannadh roimhe seo do chód TARIC C497 ón 1 Iúil 2022.

(6)

Ag cur san áireamh go bhfuil éifeacht leis an athrú ainm ón 1 Iúil 2022, gach earra a scaoileadh i saorchúrsaíocht atá díolmhaithe ón dleacht frithchúitimh de réir Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún, a raibh an sonrasc gealltanais ag gabháil leis an dearbhú custaim, sonrasc arna eisiúint ag an gcuideachta faoina hiarainm roimh dháta an athraithe ainm, leanfaidh na hearraí sin de bheith bailí agus díolmhaithe ó bhailiú na ndleachtanna frithchúitimh.

(7)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanann an t-athrú ainm difear don ghealltanas ar ghlac an Coimisiún leis.

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/245 ón gCoimisiún mar a leanas:

“An Airgintín

Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A

Arna tháirgeadh agus arna dhíol ag Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A leis an gcéad chustaiméir neamhspleách san Aontas ag gníomhú dó mar allmhaireoir.

C497”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“An Airgintín

Viterra Argentina S.A.

Arna tháirgeadh agus arna dhíol ag Viterra Argentina S.A. leis an gcéad chustaiméir neamhspleách san Aontas ag gníomhú dó mar allmhaireoir.

C497”.

2.   Beidh feidhm ag cód breise TARIC C497, a bhí sannta do Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A roimhe seo, maidir le Viterra Argentina S.A. ón 1 Iúil 2022. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú agus arna ndíol ag Viterra Argentina S.A. atá faoi réir an ghealltanais a thairg an chuideachta agus ar glacadh leis le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/245 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le Oleaginosa Moreno Hermanos S.A.C.I.F.I. y A, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(3)  IO L 40, 12.2.2019, lch. 1.

(4)  IO L 40, 12.2.2019, lch. 71.

(5)  CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/592 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne. Féach leathanach 51 den Iris Oifigiúil.


Top