EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0600

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/600 ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le téitheoirí seomra, fearais solais d’uisceadáin, scoradáin chiorcaid agus triomadóirí rothlaim (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1599

IO L 79, 17.3.2023, p. 171–175 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 12/12/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023D2723

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/600/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/171


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/600 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le téitheoirí seomra, fearais solais d’uisceadáin, scoradáin chiorcaid agus triomadóirí rothlaim

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Le litir M/511 an 8 Samhain 2012, d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) an chéad liosta iomlán de theidil caighdeán comhchuibhithe a sholáthar, agus caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin den sórt sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE (“an iarraidh”). Na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, is cuspóirí iad nár tháinig athrú orthu ó cuireadh an iarraidh faoi bhráid CEN, Cenelec agus ETSI.

(3)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus Cenelec leasú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-11:2010, arna leasú le EN 60335-2-11:2010/A1:2015 agus EN 60335-2-11:2010/A11:2012, maidir le triomadóirí rothlaim, caighdeán ar foilsíodh na tagairtí dó le Teachtaireacht 2018/C 326/02 ón gCoimisiún (3). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60335-2-11:2022 agus an leasú air, EN IEC 60335-2-11:2022/A11:2022.

(4)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú agus leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún (4): EN 60335-2- 30:2009, arna leasú le EN 60335-2-30:2009/A11:2012, EN 60335-2-30:2009/A1:2020 agus EN 60335-2-30:2009/A12:2020 agus arna cheartú le EN 60335-2-30:2009/AC:2010 agus EN 60335-2-30:2009/AC:2014, maidir le téitheoirí seomra; agus EN 62423:2012, arna leasú le EN 62423:2012/A11:2021, maidir le scoradáin chiorcaid. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na leasuithe seo a leanas: EN 60335-2-30:2009/A2:2022 agus EN 60335-2-30:2009/A13:2002; agus EN 62423:2012/A12:2022.

(5)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus Cenelec leasú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60598-2-11:2013 maidir le fearais solais d’uisceadáin, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Teachtaireacht 2018/C 326/02. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe leasaitheach EN 60598-2-11:2013/A1:2022.

(6)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin agus na leasuithe atá déanta orthu an iarraidh.

(7)

Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas na ceanglais sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE: EN IEC 60335-2-11:2022, arna leasú le EN IEC 60335-2-11:2022/A11:2022; EN 60335-2-30:2009, arna leasú le EN 60335-2-30:2009/A11:2012, EN 60335-2-30:2009/A1:2020, EN 60335-2-30:2009/A12:2020, EN 60335-2-30:2009/A2:2022 agus EN 60335-2-30:2009/A13:2022 agus arna leasú le EN 60335-2-30:2009/AC:2010 agus EN 60335-2-30:2009/AC:2014; EN 62423:2012, arna leasú le EN 62423:2012/A11:2021 agus EN 62423:2012/A12:2022; agus EN 60598-2-11:2013, arna leasú le EN 60598-2-11:2013/A1:2022. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin agus na leasuithe orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Cuirtear ar fáil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/35/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh d’fhonn tacú le Treoir 2014/35/AE, ba cheart na tagairtí do na caighdeáin sin agus na leasuithe orthu a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(9)

Is gá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-2-30:2009 agus EN 62423:2012, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo, a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur athbhreithníodh nó gur leasaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956.

(10)

Is gá freisin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-2-11:2010 agus EN 60598-2-11:2013, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo, a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin, ós rud é gur athbhreithníodh iad. In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(11)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí le haghaidh a dtrealamh leictreach a oiriúnú, trealamh a chumhdaítear le caighdeáin comhchuibhithe EN 60335-2-11:2010, arna leasú le EN 60335-2-11:2010/A1:2015 agus EN 60335-2-11:2010/A11:2012; EN 60335-2-30:2009, arna leasú le EN 60335-2-30:2009/A1:2020, EN 60335-2-30:2009/A11:2012 agus EN 60335-2-30:2009/A12:2020 agus arna cheartú le EN 60335-2-30:2009/AC:2010 agus EN 60335-2-30:2009/AC:2014; EN 62423:2012, arna leasú le EN 62423:2012/A11:2021; agus EN 60598-2-11:2013, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a leasú dá réir.

(13)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 17 Mean Fómhair 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(3)  Commission Communication (2018/C 326/02) in the framework of the implementation of Directive 2014/35/EU of the European Parliament and of the Council on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of electrical equipment designed for use within certain voltage limits [Teachtaireacht (2018/C 326/02) ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais] (IO C 326, 14.9.2018, lch. 4).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 306, 27.11.2019, lch. 26).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

scriostar rónna 78 agus 92;

(2)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

“78a.

EN 60335-2-30:2009

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-30: Ceanglais ar leith maidir le téitheoirí seomra

EN 60335-2-30:2009/A1:2020

EN 60335-2-30:2009/A11:2012

EN 60335-2-30:2009/A12:2020

EN 60335-2-30:2009/A13:2022

EN 60335-2-30:2009/A2:2022

EN 60335-2-30:2009/AC:2010

EN 60335-2-30:2009/AC:2014”;

“92a.

EN 62423:2012

Scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth de chineál F agus de chineál B le agus gan cosaint forshrutha chomhtháite d’úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla

EN 62423:2012/A11:2021

EN 62423:2012/A12:2022”;

(3)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

“131.

EN IEC 60335-2-11:2022

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-11: Ceanglais ar leith maidir le triomadóirí rothlaim

EN IEC 60335-2-11:2022/A11:2022

132.

EN 60598-2-11:2013

Fearais solais - Cuid 2-11: Ceanglais ar leith - Fearais solais d’uisceadáin

EN 60598-2-11:2013/A1:2022”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“120.

EN 60335-2-11:2010

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-11: Ceanglais ar leith maidir le triomadóirí rothlaim

EN 60335-2-11:2010/A11:2012

EN 60335-2-11:2010/A1:2015

17.9.2024

121.

EN 60598-2-11:2013

Fearais solais - Cuid 2-11: Ceanglais ar leith - Fearais solais d’uisceadáin

17.9.2024”.


Top