Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0569

Cinneadh (AE) 2023/569 ón gComhairle an 9 Márta 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I go III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an chomhshaoil

ST/6534/2023/INIT

IO L 74, 13.3.2023, pp. 61–62 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/569/oj

13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 74/61


CINNEADH (AE) 2023/569 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I go III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an chomhshaoil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)

Is Stáit Chonarthacha de Choinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit go léir, agus is comhaltaí de ICAO iad, os a choinne sin tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta (SARPanna) a ghlacadh.

(4)

Ghlac Comhairle ICAO SARPanna maidir le cosaint an chomhshaoil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, in Imleabhair I go IV.

(5)

Tá Comhairle ICAO, le linn a 228ú Seisiún a bheidh ar siúl an 13 go dtí an 31 Márta 2023, le roinnt leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I go III, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO a bhunú ós rud é go bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag na leasuithe atá beartaithe, ó tharla go bhfuil siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 (2) ón gCoimisiún.

(7)

Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis na leasuithe ar Imleabhair I go III.

(8)

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh ata le glacadh thar ceann an Aontais a chur in iúl.

(9)

Maidir le seasamh an Aontais tar éis do Chomhairle ICAO leasuithe ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I go III a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a ghlacadh, seasamh atá le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litreach Stáit de chuid ICAO, ba cheart gurb é seasamh an Aontais gan míshástacht a chlárú agus fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh na mbeart sin. I gcás ina mbeadh dlí an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis dáta beartaithe chur i bhfeidhm na SARPanna sin a, ba cheart fógra a thabhairt do ICAO i leith aon difríocht leis na SARPanna áirithe sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 228ú Seisiún de Chomhairle ICAO, nó in aon cheann de na seisiún a beidh aici ina dhiaidh sin, i leith tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn 16, ImleabhairI go III, a ghabhann leis an Coinbhinsiún Chicago, a bhaineann leis na Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an comhshaoil tacaíocht a thabhairt do na leasuithe atá beartaithe ina n-iomláine.

2.   Ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 16, Imleabhair I go III a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan aon athrú suntasach, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan míshástacht a chlárú, agus fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh an bhirt ghlactha mar fhreagra ar Litir Stáit ICAO faoi seach. I gcás ina mbeadh dlí an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta atá beartaithe chun na caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta (SARPanna) sin a chur i bhfeidhm, tabharfar fógra do ICAO i leith difríocht leis na SARPanna áirithe sin. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, ar doiciméad é lena leagtar amach na difríochtaí mionsonraithe ar ina leith a thabharfaidh na Ballstáit fógra do ICAO thar ceann an Aontais agus cuirfidh an Coimisiún an doiciméad sin faoi bhráid na Comhairle, in am trátha agus ar a laghad dhá mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le fógra a thabhairt i leith difríochtaí.

Airteagal 2

Déanfaidh Ballstáit an Aontais archomhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur in iúl.

Déanfaidh Ballstáit uile an Aontais, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. STRÖMMER


(1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 an 3 Lúnasa 2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d’aerárthaí agus de tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d’eagraíochtaí deartha agus Uimh. 3922/91 (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).


Top