This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0508
Council Decision (EU) 2023/508 of 2 March 2023 appointing an alternate member, proposed by the Republic of Estonia, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2023/508 ón gComhairle an 2 Márta 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2023/508 ón gComhairle an 2 Márta 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
ST/6106/2023/INIT
IO L 70, 8.3.2023, pp. 49–50
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025
|
8.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 70/49 |
CINNEADH (AE) 2023/508 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Márta 2023
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 25 Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/84 (2), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Varje TIPP a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na hEastóine Tiit TERIK, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Tallinna Linnavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Cathrach Thaillinn), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Tiit TERIK, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, Tallinna Linnavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Cathrach Thaillinn), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 2 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2021/84 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L 29, 28.1.2021, lch. 25).