EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0496

Cinneadh (AE) 2023/496 ón gComhairle an 2 Márta 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13-H, 30, 48, 51, 53, 67, 78, 105, 110, 116, 117, 121, 125, 131, 138, 140, 148, 149, 150, 152, 157 agus 164 ó na Náisiúin Aontaithe agus i leith togra le haghaidh leasú ar Rún Comhdhlúite R.E.5

ST/6182/2023/INIT

IO L 69, 7.3.2023, p. 6–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/496/oj

7.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 69/6


CINNEADH (AE) 2023/496 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Márta 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13-H, 30, 48, 51, 53, 67, 78, 105, 110, 116, 117, 121, 125, 131, 138, 140, 148, 149, 150, 152, 157 agus 164 ó na Náisiúin Aontaithe agus i leith togra le haghaidh leasú ar Rún Comhdhlúite R.E.5

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a bhaineann le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunúi gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe agus tograí le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 UNECE tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síntí a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Ón 7 go dtí an 9 Márta 2023, le linn an 189ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13-H, 30, 48, 51, 53, 67, 78, 105, 110, 116, 117, 121, 125, 131, 138, 140, 148, 149, 150, 152, 157 agus 164 ó na Náisiúin Aontaithe; mar aon le togra le haghaidh leasú ar rún comhdhlúite R.E.5.

(6)

Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún comhdhlúite R.E.5, imreoidh siad tionchar cinntitheach ar inneachar dhlí an Aontais i réimse chineálcheadú na bhfeithiclí. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos maidir le glacadh na dtograí sin.

(7)

Chun forbairtí teicniúla agus taithí a chur san áireamh, na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 13-H, 30, 48, 51, 53, 67, 78, 105, 110, 116, 117, 121, 125, 131, 138, 140, 148, 149, 150, 152, 157 agus 164 ó na Náisiúin Aontaithe agus leis an rún comhdhlúite R.E.5, is gá iad a leasú nó a fhorlíonadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 189ú seisiún a thionólfar idir an 7 agus an 9 Márta 2023, vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhrusséil, an 2 Márta 2023

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontódh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a bhaineann le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1);


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal mhír an chláir oibre

Cód tagartha an doiciméid (1)

13-H

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 17 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisteán paisinéirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 100, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/5, arna leasú le GRVVA-14-55/Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2023/9

30

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 25 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 30 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 14, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/21)

ECE/TRANS/WP.29/2023/4

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/87, mír. 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/20)

ECE/TRANS/WP.29/2023/25

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 22 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil fesití soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/87, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/20)

ECE/TRANS/WP.29/2023/26

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 17 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/87, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/20)

ECE/TRANS/WP.29/2023/27

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, míreanna 17, 18, 20, agus 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/17 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/18 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/20 agus doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87-18)

ECE/TRANS/WP.29/2023/28

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, míreanna 17, 18, 20, 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/17 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/18 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/20 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/24 agus doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87-18)

ECE/TRANS/WP.29/2023/29

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, míreanna 17, 18, 20, agus 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/17 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/18 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/20 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/24 agus le doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87-18)

ECE/TRANS/WP.29/2023/30

51

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh 51 ó na Náisiúin Aontaithe (Torann ó fheithiclí i gcatagóirí M agus N)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, míreanna 3-6, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/16 arna leasú le le doiciméad neamhfhoirmiúil GRBP-76-09 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/13)

ECE/TRANS/WP.29/2023/2

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 24 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistís soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta i gcás feithiclí )

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/23)

ECE/TRANS/WP.29/2023/31

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta i gcás feithiclí L3)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/23)

ECE/TRANS/WP.29/2023/32

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta i gcás feithiclí L3)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 30 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/23)

ECE/TRANS/WP.29/2023/33

67

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh 67 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí GPL)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/103, míreanna 18 agus 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/21, nár leasaíodh, agus ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/22, arna leasú le mír 19 den tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/18

67

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh 67 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí GPL)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/103, míreanna 18 agus 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/21, nár leasaíodh, agus ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/22, arna leasú le mír 19 den tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/19

78

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh 78 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisrothar)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 109, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/26)

ECE/TRANS/WP.29/2023/10

105

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh 105 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí á úsáidtear chunearraí contúirteacha a iompar)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/103, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/29, arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/20

110

Togra le haghaidh sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh 110 ó na Náisiúin Aontaithe (feithiclí gáis nádúrtha chomhbhrúite (GNC) agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL))

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/103, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/23, ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/24 agus ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/25, arna leasú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/24

116

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasaithe 01 ar Rialachán Uimh 116 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais frithghadaíochta agus aláraim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/103, mír 44, bunaithe ar GRSG-124-23 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/23

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 15 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, míreanna 18, 25 agus 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/14, arna leasú le GRBP-76-35, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/19, arna leasú le GRBP-76-21, agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/20, arna leasú le GRBP-76-22)

ECE/TRANS/WP.29/2023/5

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/74, míreanna 21 agus 26, bunaithe ar

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/22, arna leasú le GRBP-76-05 agus GRBP-76-34, agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/18)

ECE/TRANS/WP.29/2023/6

117

Togra le haghaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, míreanna 16, 22, 23 agus 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/12, arna leasú le GRBP-76-23 agus GRBP-76-32, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/23, arna leasú le GRBP-76-02, GRBP-76-33-Rev.1 agus GRBP-76-24-Rev.1, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/17, arna leasú le GRBP-76-31, agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/18)

ECE/TRANS/WP.29/2023/8

121

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 121 ó na Náisiúin Aontaithe (Sainaithint rialaitheoirí, nodchomharthaí agus táscairí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/103, mír 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/26, arna leasú le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/21

125

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh 125 ó na Náisiúin Aontaithe (Réimse radhairc chun tosaigh na dtiománaithe)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/103, mír 28, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/27, arna leasú le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2023/22

131

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 131 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchórais coscánaithe éigeandála)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 84, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/23, arna leasú le GRVA-14-57)

ECE/TRANS/WP.29/2023/11

131

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh 131 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchórais coscánaithe éigeandála)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 83, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/22, arna leasú le GRVA-14-47)

ECE/TRANS/WP.29/2023/12

138

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 138 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí ciúine iompair ar bhóthar)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 11, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/15)

ECE/TRANS/WP.29/2023/3

140

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe ar Rialachán Uimh 140 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais rialaithe leictreonacha cobhsaíochta (ESC))

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 99, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/25)

ECE/TRANS/WP.29/2023/13

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 10, bunaithe ar doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87- 24-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2023/35

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistísolaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, bunaithe ar doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87- 24-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2023/36

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí soilsiúcháin bóthair)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, bunaithe ar doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87- 24-Rev.1, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/22)

ECE/TRANS/WP.29/2023/37

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí soilsiúcháin bóthair)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, bunaithe ar doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87- 24-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2023/38

150

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh 150 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí ais-fhrithchaiteacha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 10 bunaithe ar doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-87- 24-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2023/39

150

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 150 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí ais-fhrithchaiteacha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 10, bunaithe ar GRE-87- 24-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2023/40

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le téacs bunaidh Rialachán Uimh 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchórais coscánaithe éigeandála le haghaidh feithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 79, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/19, arna leasú le GRVA-14-48)

ECE/TRANS/WP.29/2023/14

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchórais coscánaithe éigeandála le haghaidh feithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 80, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/20, arna leasú le GRVA-14-49)

ECE/TRANS/WP.29/2023/15

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchórais coscánaithe éigeandála le haghaidh feithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 81, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/21, arna leasú le GRVA-14-50)

ECE/TRANS/WP.29/2023/16

157

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh 157 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais uathoibrithe coimeádta lána)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/14, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/16, arna leasú le GRVA-14-43)

ECE/TRANS/WP.29/2023/17

164

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le Rialachán Uimh 164 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn bhocóideacha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 31, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2022/11)

ECE/TRANS/WP.29/2023/7


Ilghnéitheach

Teideal mhír an chláir oibre

Cód tagartha an doiciméid

Rún comhdhlúite

Togra le haghaidh leasú 9 ar an Rún Comhdhlúite maidir le sonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais (R.E.5)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/87, mír 14 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2022/26)

ECE/TRANS/WP.29/2023/41

Fardal

Fardal maidir le dea-chleachtais stórála le haghaidh córais tiomána uathoibrithe (ADS) (Athbhreithniú ar na gníomhaíochtaí náisiúnta/réigiúnacha atá ar bun faoi láthair agus bealach chun cinn a mholtar maidir le córais stórála sonraí le haghaidh na tiomána uathoibrithe (DSSAD))

ECE/TRANS/WP.29/2023/42

Creat-doiciméad

Togra le haghaidh nuashonrú ar Thábla 1 sa Chreat-doiciméad maidir le feithiclí uathoibrithe/uathrialaitheacha

ECE/TRANS/WP.29/2023/43


(1)  Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: (WP.29) An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán (189ú seisiún) |Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE)


Top