This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0431
Council Decision (CFSP) 2023/431 of 25 February 2023 amending Council Decision (CFSP) 2017/1775 concerning restrictive measures in view of the situation in Mali
Cinneadh (CBES) 2023/431 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
Cinneadh (CBES) 2023/431 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
ST/6239/2023/REV/1
IO L 59I, 25.2.2023, pp. 434–436
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
25.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 59/434 |
CINNEADH (CBES) 2023/431 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Feabhra 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí. |
|
(2) |
An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2208 (2), lenar bunaíodh creat nua, lena gceadaítear bearta sriantacha i gcoinne daoine aonair agus eintitis atá freagrach as síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí a chur i mbaol, nó as bac a chur ar a aistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó an bonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe sin. |
|
(3) |
An 24 Eanáir agus an 21 Márta 2022, thug an Chomhairle dá haire gur chinn na hÚdaráis Aistrithe comhoibriú le fórsaí tuarastail an Ghrúpa Wagner atá cleamhnaithe leis an Rúis, ar fórsaí iad a bhain míchlú amach as ainghníomhartha a dhéanamh, go háirithe sáruithe tromchúiseacha chearta an duine san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir, sa tSúdáin, i Mailí agus i Mósaimbíc, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha. Cháin an Chomhairle an Grúpa Wagner as bheith ar an láthair. |
|
(4) |
I bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Mailí, ba cheart duine amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta de dhaoine nádúrtha a leagtar amach faoin gceannteideal “A. Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1a(1)”:
|
|
(2) |
Cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach faoin gceannteideal “B. Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintitis nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2a(1)”:
|