EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0424

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/424 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le gloine leatháin tharraingthe speisialta agus táirgí foirgníochta eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1206

IO L 61, 27.2.2023, p. 68–70 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/424/oj

27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 61/68


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/424 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le gloine leatháin tharraingthe speisialta agus táirgí foirgníochta eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 22 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, úsáidfidh Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil na modhanna agus na critéir a sholáthraítear i nDoiciméid um Measúnú Eorpach, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na doiciméid sin i ndáil lena mbuntréithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ar lorg roinnt iarrataí ó mhonaróirí ar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha, tá 10 nDoiciméad um Measúnú Eorpach tarraingthe suas agus glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil.

(3)

Na Doiciméid um Measúnú Eorpach a tharraing eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil suas agus a ghlac sí, baineann siad leis na táirgí foirgníochta seo a leanas:

gloine leatháin tharraingthe speisialta,

geoighreille dhronuilleogach chun sraitheanna gráinneacha neamhcheangailte a chobhsú faoi ualach arna chur i bhfeidhm,

cláir arna ndéanamh as cartáin dí athchúrsáilte lena n-úsáid san fhoirgníocht,

barraí cruach treisiúcháin a bhfuil ceann orthu (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 160012-00-0301”),

séalaí treáite comhcheangailte le haghaidh maolairí dóiteáin,

gloine, basalt, araimíd, carbón, PBO (beinsibiosocsasóil polaparafeiniléine) agus caisirníní cruach le haghaidh spící daingniúcháin arna dtreisiú le snáithíní,

mata cúir polúireatáin (PU) nó mata snáithín poileistir atá le húsáid chun insliú fuaime tuairte a dhéanamh (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 040049-00-0502”),

táirgí inslithe theirmigh agus/nó fuaime ina bhfuil líonadh scaoilte in-situ arna ndéanamh as snáithíní plandúla agus atá le húsáid i bhfoirgníocht urlár gan struchtúir bhreise ualach-iompartha,

ceanglóir cumhacht-ghníomhraithe i gcoincréit le haghaidh feidhmeanna iomarcacha neamhstruchtúracha (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 330083-02-0601”),

insliú teirmeach agus rindreáil/plástráil ionsúite fuaime.

(4)

Na Doiciméid um Measúnú Eorpach atá tarraingthe suas agus glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil, comhlíonann siad na riachtanais atá le comhlíonadh maidir leis na buncheanglais i ndáil le hoibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na Doiciméid um Measúnú Eorpach sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(5)

Foilsítear liosta na dtagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le táirgí foirgníochta de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún (2). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tagairtí do Dhoiciméid nua um Measúnú Eorpach a chur leis an liosta sin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a leasú dá réir.

(7)

Chun gur féidir na Doiciméid um Measúnú Eorpach a úsáid a luaithe agus is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.

(2)  IO L 77, 20.3.2019, lch. 78.


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450, cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach de réir ord na n-uimhreacha tagartha:

“300010-00-0505

Gloine leatháin tharraingthe speisialta”

“080013-00-0102

Geoighreille dhronuilleogach chun sraitheanna gráinneacha neamhcheangailte a chobhsú faoi ualach arna chur i bhfeidhm”

“210138-00-0504

Cláir arna ndéanamh as cartáin dí athchúrsáilte lena n-úsáid san fhoirgníocht”

“160012-01-0301

Barraí cruach treisiúcháin a bhfuil ceann orthu

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 160012-00-0301’)”

“350454-00-1104-v01

Séalaí treáite comhcheangailte le haghaidh maolairí dóiteáin”

“331668-00-0601

Gloine, basalt, araimíd, carbón, PBO (beinsibiosocsasóil polaparafeiniléine) agus caisirníní cruach le haghaidh spící daingniúcháin arna dtreisiú le snáithíní”

“040049-01-0502

Mata cúir polúireatáin (PU) nó mata snáithín poileistir atá le húsáid chun insliú fuaime tuairte a dhéanamh

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 040049-00-0502’)”

“041125-00-1201

Táirgí inslithe theirmigh agus/nó fuaime ina bhfuil líonadh scaoilte in-situ arna ndéanamh as snáithíní plandúla agus atá le húsáid i bhfoirgníocht urlár gan struchtúir bhreise ualach-iompartha”

“330083-03-0601

Ceanglóir cumhacht-ghníomhraithe i gcoincréit le haghaidh feidhmeanna iomarcacha neamhstruchtúracha

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 330083-02-0601’)”

“041559-00-1201

Insliú teirmeach agus rindreáil/plástráil ionsúite fuaime”.


Top