EUR-Lex Euroopan unionin oikeus ulottuvillasi

Takaisin EUR-Lexin etusivulle

Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta

Asiakirja 32023D0423

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/423 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 maidir le treoirthionscadal chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a bhaineann le gairmeacha rialaithe a leagtar amach i dTreoracha (AE) 2005/36/CE agus (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus chun bunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe a chomhtháthú sa chóras sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1202

IO L 61, 27.2.2023, s. 62—67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Asiakirjan oikeudellinen asema Voimassa

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/423/oj

27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 61/62


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/423 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2023

maidir le treoirthionscadal chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a bhaineann le gairmeacha rialaithe a leagtar amach i dTreoracha (AE) 2005/36/CE agus (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus chun bunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe a chomhtháthú sa chóras sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, feidhmchlár bogearraí ar líne a d’fhorbair an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, chun cabhrú leis na Ballstáit na ceanglais maidir le malartú faisnéise a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais a chomhlíonadh trí shásra cumarsáide láraithe a sholáthar lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise agus cúnamh frithpháirteach.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, is féidir leis an gCoimisiún treoirthionscadail a dhéanamh chun a mheas an uirlis éifeachtach a bheadh in IMI chun forálacha maidir le comhar riaracháin a chur chun feidhme, forálacha a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar foráil maidir le haitheantas uathoibríoch do cháilíochtaí gairmiúla líon teoranta gairmeacha bunaithe ar choinníollacha oiliúna íosta comhchuibhithe, agus aitheantas uathoibríoch do cháilíochtaí gairmiúla líon teoranta gairmeacha i gceardaíocht, i dtrádáil agus i dtionscal ar bhonn taithí ghairmiúil, agus córas ginearálta chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le seirbhísí a sholáthar saor in aisce ar bhonn sealadach agus ócáideach. I gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Threoir 2005/36/CE, tá an Coimisiún le bunachar sonraí de ghairmeacha rialaithe atá ar fáil go poiblí a chur ar bun agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach gairm rialaithe.

(4)

Le hAirteagal 59(1) de Threoir 2005/36/CE foráiltear go dtabharfadh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 18 Eanáir 2016 maidir le liosta de na gairmeacha rialaithe atá ann cheana, ina sonraítear na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach gairm; liosta oideachais agus oiliúna rialaithe; agus oiliúint a bhfuil struchtúr speisialta ag baint léi, ar chríoch an Bhallstáit sin. Ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt freisin faoi aon athrú ar na liostaí sin gan moill mhíchuí.

(5)

Le hAirteagal 59(2) de Threoir 2005/36/CE foráiltear go raibh na Ballstáit le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin 18 Eanáir 2016 maidir le liosta na ngairmeacha a bhfuil réamhsheiceálacha ar cháilíochtaí riachtanach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Treoir sin.

(6)

De bhun Airteagal 59(3) agus (5) de Threoir 2005/36/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh an bhfuil na ceanglais atá acu cheana maidir le gairmeacha rialaithe comhoiriúnach le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, agus faoin 18 Eanáir 2016 bhí ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na ceanglais sin agus maidir leis na cúiseanna lena mheas go raibh na ceanglais sin neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Laistigh de 6 mhí ó ghlacadh birt lena dtugtar isteach ceanglas nua ina dhiaidh sin nó lena ndéantar athruithe ar na ceanglais atá ann cheana, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin faisnéis a chur ar fáil maidir leis na ceanglais agus maidir leis na cúiseanna lena mheas go bhfuil na ceanglais sin neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.

(7)

Le hAirteagal 59(6) foráiltear nach mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 2 bhliain maidir leis na ceanglais a baineadh nó nach bhfuil chomh dian céanna agus a bhí. Sa chéad abairt d’Airteagal 59(7), foráiltear go dtíolacfaidh na Ballstáit a gcuid barúlacha maidir le tuarascálacha na mBallstát eile laistigh de 6 mhí tar éis dóibh iad a fháil ón gCoimisiún.

(8)

Le Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaítear rialacha maidir le measúnaithe comhréireachta a dhéanann na Ballstáit sula dtugtar isteach rialacha nua nó sula leasaítear rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialaithe nó le saothrú na ngairmeacha sin. Le hAirteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958 foráiltear go bhfuil na Ballstáit le cur in iúl don Choimisiún, de bhun Airteagal 59(5) de Threoir 2005/36/CE, na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2018/958, agus na cúiseanna atá acu lena mheas go bhfuil údar leis na forálacha sin agus go bhfuil siad comhréireach. Déanfaidh na Ballstáit na teachtaireachtaí sin a thaifeadadh i mbunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Threoir 2005/36/CE agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí iad.

(9)

Le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2018/958 ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun spreagadh a thabhairt do malartú faisnéise maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Treoir sin, agus maidir leis an mbealach ar leith a rialaíonn siad gairmeacha, agus maidir le héifeachtaí na rialála sin. Tá an Coimisiún chun na malartuithe faisnéise sin a éascú.

(10)

Le hAirteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha a chur chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin, lena n-áirítear barúlacha ginearálta, achoimre staidrimh ar chinntí aitheantais a rinneadh agus tuairisc ar na príomhfhadhbanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm na Treorach sin.

(11)

Más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, is iomchuí córais éagsúla TF de chuid an Choimisiúin a chomhtháthú in aon chóras amháin. Tacaíonn IMI cheana féin le comhar riaracháin i réimsí an aitheantais do cháilíochtaí gairmiúla maidir leis an iarraidh ar fhaisnéis ar chúnamh frithpháirteach de bhun Airteagal 56(2a) de Threoir 2005/36/CE agus maidir le foláirimh a sheoladh de bhun Airteagal 56a den Treoir sin, chomh maith le nós imeachta an Chárta Eorpaigh Ghairmiúil a leagtar amach in Airteagail 4a go 4e de Threoir 2005/36/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, comhtháthú bhunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe in IMI a bheith faoi réir treoirthionscadail.

(12)

D’fhéadfadh IMI a bheith ina uirlis éifeachtach chun bunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe a chomhtháthú, chun soláthar faisnéise agus tuairisciú ag na Ballstáit maidir le gairmeacha rialaithe a éascú agus chun oibleagáidí trédhearcachta na mBallstát a leagtar síos in Airteagal 59(1), (2), (5) agus (6), Airteagal 59(7), an chéad abairt, agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE a chur chun feidhme, chomh maith leis na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha sin a bheith faoi réir treoirthionscadail de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

(13)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí trédhearcachta faoi Threoracha 2005/36/CE agus (AE) 2018/958, ba cheart dóibh údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as fógra a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 59(1), (2), (5) agus (6), Airteagal 59(7), an chéad abairt, agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE, agus Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958. Leis sin ní chuirtear bac ar Bhallstáit na húdaráis a ainmniú chun na críche sin, údaráis dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (d), agus Airteagal 56(3) de Threoir 2005/36/CE, agus na hionaid chúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 57b den Treoir.

(14)

Is nósanna imeachta dhá chéim iad fógraí in IMI. Ar an gcéad dul síos, tionscnaíonn údaráis inniúla fógra agus cuireann siad faoi bhráid a gcomhordaitheora ina mBallstát féin é. Ar an dara dul síos, ní mór do chomhordaitheoirí sna Ballstáit fógraí a fhormheas sula gcuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit comhordaitheoirí a ainmniú in IMI. Chun an tsolúbthacht is gá a áirithiú, ba cheart go bhféadfaí cúraimí na gcomhordaitheoirí a shannadh do na húdaráis inniúla freisin.

(15)

Ní mór rialáil gairmeacha ag na Ballstáit a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, agus ní mór faisnéis atá cothrom le dáta maidir le gairmeacha rialaithe a bheith ar fáil go poiblí agus in IMI chun aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a éascú. San am céanna, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann a n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh go leictreonach trí IMI a úsáid, agus ba cheart an fheidhmiúlacht theicniúil uile is gá a bheith á sholáthar ag IMI chun na críche sin.

(16)

Chun an trédhearcacht a fheabhsú agus chun aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a éascú, ba cheart an fheidhmiúlacht theicniúil a bheith á sholáthar ag IMI chun faisnéis maidir le gairmeacha rialaithe a tharchur chuig an suíomh gréasáin poiblí atá tiomnaithe do ghairmeacha rialaithe, lena n-áirítear toradh na tástála comhréireachta; sonraí teagmhála na dteagmhálaithe, na n-údarás inniúil agus na n-ionad cúnaimh; agus staitisticí agus tuarascálacha.

(17)

Chun cumarsáid maidir le gairmeacha rialaithe a éascú, ba cheart an fheidhmiúlacht theicniúil a bheith á sholáthar ag IMI chun sonraí pearsanta theagmhálaithe na n-údarás inniúil atá freagrach as gairmeacha rialaithe sna Ballstáit a thaifeadadh. Ba cheart do na teagmhálaithe toiliú a thabhairt ar dtús lena sonraí pearsanta a phróiseáil trí bhíthin foirm toilithe. Ba cheart do ghníomhaithe IMI na sonraí teagmhála agus an fhoirm toilithe atá sínithe ag na teagmhálaithe a thaifeadadh in IMI.

(18)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, tá an Coimisiún chun meastóireacht ar thoradh an treoirthionscadail a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Is iomchuí an dáta a shonrú faoinar cheart an mheastóireacht sin a chur isteach. Na dátaí faoina gcuirfear isteach na chéad tuarascálacha eile faoi Airteagal 60(2) de Threoir 2005/36/CE agus faoi Airteagal 12 de Threoir (AE) 2018/958, bheadh na dátaí sin ró-luath chun meastóireacht a dhéanamh ar thoradh an treoirthionscadail. Is iomchuí, dá bhrí sin, an 31 Nollaig 2025 a shocrú mar an spriocdháta don tuarascáil mheastóireachta ar thoradh an treoirthionscadail.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus thug sé a thuairim uaidh an 12 Nollaig 2022.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal (24)1 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An treoirthionscadal

1.   Déanfar treoirthionscadal chun a mheas an uirlis éifeachtach a bheadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) chun na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a chur chun feidhme, oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 59(1), (2), (5) agus (6), Airteagal 59(7), an chéad abairt, agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE, agus in Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958, agus chun bunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Threoir 2005/36/CE a chomhtháthú in IMI.

2.   Chun críocha an Chinnidh seo, is mar “fógraí” a dhéanfar tagairt do thuairisciú, do chumarsáid, do thaifeadadh agus do sholáthar faisnéise de bhun Airteagal 59(1), (5) agus (6), Airteagal 59(7), an chéad abairt, agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE, agus Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958.

Airteagal 2

Údaráis inniúla

1.   Déanfaidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as fógra a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 59(1), (2), (5) agus (6), Airteagal 59(7), an chéad abairt, agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE, agus Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958.

2.   Na húdaráis arna n-ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur údaráis inniúla iad de réir bhrí Airteagal 5, an dara mír, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

Airteagal 3

Comhordaitheoirí

1.   An cúram maidir le fógraí a chomhordú, sannfaidh gach Ballstát an cúram sin d’údarás inniúil amháin nó níos mó (“comhordaitheoirí”).

2.   Áiritheoidh na comhordaitheoirí go ndéanfar fógraí a fhormheas agus a chur chuig an gCoimisiún gan moill mhíchuí.

3.   Údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 2, féadfar an t-údarás inniúil sin a ainmniú mar chomhordaitheoir freisin.

Airteagal 4

Comhar riaracháin

Chun críocha Airteagal 59(1), (2), (5) agus (6), Airteagal 59(7), an chéad abairt, agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE, agus Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2018/958, cuirfidh IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla seo a leanas ar a laghad ar fáil:

(a)

fógra a thabhairt maidir le faisnéis i ndáil le gairmeacha rialaithe, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach gairm, an t-oideachas agus an oiliúint rialaithe, agus an oiliúint le struchtúr speisialta, agus aon athrú ar an bhfaisnéis sin;

(b)

fógra a thabhairt maidir leis na ceanglais atá ann cheana lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialaithe nó le saothrú na ngairmeacha sin agus maidir leis na cúiseanna lena mheas go gcomhlíonann na ceanglais sin Airteagal 59(3) de Threoir 2005/36/CE, agus maidir le haon athrú ar na ceanglais sin;

(c)

fógra a thabhairt maidir le ceanglais nua nó ceanglais leasaithe lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairm rialaithe nó le saothrú na gairme sin, mar aon leis na forálacha lena dtugtar isteach na ceanglais nó lena leasaítear na ceanglais sin, ceanglais a ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/958, na cúiseanna lena mheas go bhfuil údar leis na forálacha sin agus go bhfuil siad comhréireach, agus aon athrú ar na ceanglais sin;

(d)

tuairisciú ar cheanglais a baineadh nó nach bhfuil chomh dian céanna agus a bhí de bhun Airteagal 59(6) de Threoir 2005/36/CE;

(e)

trácht a dhéanamh ar na fógraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);

(f)

fógraí dá dtagraíonn comhordaitheoir an Bhallstáit i bpointí (a) go (d) a fhormheas agus na fógraí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún;

(g)

éascú a dhéanamh ar mheastóireacht agus ar ghlacadh gníomhaíochtaí nós imeachta ag an gCoimisiún maidir leis na fógraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);

(h)

freagra a thabhairt ón mBallstát a thugann fógra ar ghníomhaíochtaí nós imeachta an Choimisiúin dá dtagraítear i bpointe (g);

(i)

taifeadadh a dhéanamh ar na leaganacha éagsúla d’fhógraí a leagtar amach i bpointí (a) go (d);

(j)

taifeadadh a dhéanamh ar na sonraí staidrimh bunaithe ar chinntí aitheantais na mBallstát maidir le gairmithe atá ag iarraidh a bheith bunaithe thar lear nó ag iarraidh seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach agus ócáideach, chun ullmhú na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE a éascú;

(k)

foirm toilithe a sholáthar don teagmhálaí a ndéanfar a chuid sonraí pearsanta a thaifeadadh in IMI agus a tharchur chuig an suíomh gréasáin poiblí;

(l)

na fógraí a choinneáil cothrom le dáta;

(m)

stór a chur ar fáil le haghaidh na faisnéise ar tugadh fógra fúithi maidir le gairmeacha rialaithe chun a áirithiú i dtaca leis na húdaráis inniúla ainmnithe uile atá cláraithe in IMI le haghaidh modúil a bhaineann le haitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, gur féidir leis na húdaráis sin na ceanglais do ghairmeacha rialaithe a sheiceáil go díreach in IMI;

(n)

stór lárnach a chur ar fáil d’fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi maidir le húdaráis inniúla, lárionaid chúnaimh agus tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 59(2), (5) agus (6), agus in Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE;

(o)

an méid seo a leanas a tharchur chuig an suíomh gréasáin poiblí:

(i)

eolas maidir le gairmeacha rialaithe, lena n-áirítear torthaí na measúnuithe comhréireachta;

(ii)

sonraí teagmhála na dteagmhálaithe, na n-údarás inniúil agus na lárionad cúnaimh;

(iii)

sonraí le haghaidh staidrimh maidir le cinntí aitheantais a bhaineann le gairmithe atá ag iarraidh iad féin a bhunú thar lear nó atá ag iarraidh seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach agus ócáideach;

(iv)

tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 59(2), (5) agus (6) agus Airteagal 60(1) de Threoir 2005/36/CE.

Airteagal 5

Cosaint sonraí

1.   Aon fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta a thaifeadtar in IMI nó a mhalartaítear trí IMI, déanfar í a phróiseáil in IMI i gcomhréir le hAirteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), féadfaidh na Ballstáit, le linn dóibh cúram a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, cinneadh a dhéanamh sonraí teagmhála a sholáthar ina mbeidh sonraí pearsanta teagmhálaí chun críoch na feidhmiúlachta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (o), den Chinneadh seo,

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit sonraí pearsanta an teagmhálaí a sholáthar, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh agus a tharchur chuig an suíomh gréasáin poiblí atá tiomnaithe do ghairmeacha rialaithe:

(i)

céadainm;

(ii)

sloinne;

(iii)

seoladh ríomhphoist;

(iv)

uimhir ghutháin;

(v)

ainm an údaráis inniúil a n-oibríonn an duine dó;

(vi)

teangacha labhartha.

3.   Na teagmhálaithe a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a thaifeadadh agus a tharchur de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh siad toiliú sainráite a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil trí bhíthin na foirme toilithe, sonraí pearsanta a uaslódálfar in IMI.

Airteagal 6

Meastóireacht

Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht ar thoradh an treoirthionscadail faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 faoin 31 Nollaig 2025.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(3)  Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


Alkuun