EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0408

Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/6380/2023/INIT

IO L 56I, 23.2.2023, p. 4–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/408/oj

23.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 56/4


CINNEADH (CBES) 2023/408 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Feabhra 2023

lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1).

(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta. Cuireann crith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023 a thuilleadh le fulaingt mhuintir na Siria.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, rinne an Chomhairle Eorpach comhbhrón ó chroí le híospartaigh an chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, agus chuir sí a dlúthpháirtíocht le muintir na Tuirce agus na Siria in iúl. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas faoi réir le tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil a áirithiú ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, a áirithiú go gcuirfear cabhair ar fáil go tapa.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021, maidir leis an “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna”, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta a sheachaint agus a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin.

(5)

Meabhraítear don Chomhairle nach bhfuil sé i gceist le bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, go gcuirfí isteach ar sholáthar na cabhrach daonnúla, lena n-áirítear cúnamh leighis, ná bac a chur ar an soláthar sin. Níl na bearta sriantacha a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria dírithe ar fhormhór na n-earnálacha — ina measc bia, cógais agus trealamh leighis. Ina theannta sin, maidir le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm cheana lenar féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach d’aon toisc chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

(6)

I bhfianaise thromchúis na géarchéime daonnúla sa tSiria, rud atá éirithe níos measa de dheasca an chreatha talún, agus d’fhonn seachadadh pras na cabhrach a éascú, is iomchuí díolúine a thabhairt isteach maidir le sócmhainní daoine agus eintiteas nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe a reo agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus catagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin ar feadh tréimhse tosaigh sé mhí agus ní gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

(7)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28a de Chinneadh 2013/255/CBES:

“Airteagal 28a

1.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach in Airteagail 28(1), (2) agus (5) go dtí an 24 Lúnasa maidir le soláthar, próiseáil ná íoc cistí, sócmhainní airgeadais eile ná acmhainní eacnamaíocha eile ná le soláthar earraí agus seirbhísí, atá riachtanach chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha dhaonna i gcás inarb iad seo a leanas a thugann an cúnamh sin agus a dhéanann gníomhaíochtaí eile:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha do Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

comhlachtaí poiblí nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann cistiú poiblí ón Aontas nó ó na Ballstáit chun a áirithiú go dtugtar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine don phobal sibhialta sa tSiria;

(f)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus ar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais leo, comhaontú a ngníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais ar a bhonn;

(g)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(h)

gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát; nó

(i)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (h) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 28(5) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a chuirtear ar fáil do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ná do na heintitis a liostaítearr in Iarscríbhinní I agus II ag comhlachtaí poiblí, ná ag daoine dlítheanacha nó eintitis a fhaigheann cistiú poiblí chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria ná chun cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta sa tSiria, i gcás ina mbeidh soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin i gcomhréir le hAirteagal 5(3).

3.   I gcásanna nach gcumhdaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus de mhaolú ar Airteagal 28(5), féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit a údarú cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil faoi na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann a chur ar fáil chun fóirithint dhaonnúil a sholáthar sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria, agus chun na gcríoch sin amháin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 28(5) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chuirfidh misin taidhleoireachta nó chonsalacha ar fáil do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó do na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II i gcás ina mbeidh soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

5.   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo agus de mhaolú ar Airteagail 28(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh faoi na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann siad a bheith iomchuí tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann chun críche fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria agus chun na críche sin amháin. Scaoilfear na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chuig na Náisiúin Aontaithe chun an cúnamh a sheachadadh sa tSiria nó chun seachadadh an chúnaimh sa tSiria a éascú i gcomhréir le Plean Freagartha Daonnúla na Siria nó le haon phlean a thiocfaidh ina dhiaidh agus a chomhordóidh na Náisiúin Aontaithe.

6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 3 agus 5 laistigh de 2 sheachtain faoi aon údarú arna dheonú.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).


Top