Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0384

    Cinneadh (CBES) 2023/384 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hIordáine

    ST/5086/2023/INIT

    IO L 53, 21.2.2023, p. 10–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/384/oj

    21.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 53/10


    CINNEADH (CBES) 2023/384 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Feabhra 2023

    maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hIordáine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

    (2)

    I mí an Mheithimh 2022, ghlac Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) páirt sa 14ú Comhairle AE-an Iordáin ar glacadh na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua lena linn. Trí bhíthin na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta sin, dhearbhaigh an tAontas agus an Iordáin go bhfuil siad toilteanach leanúint de thacaíocht a thabhairt dá gcomhar maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil san Iordáin, agus leanúint den chomhar a neartú maidir le cobhsaíocht agus slándáil réigiúnach, lena n-áirítear maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht.

    (3)

    An 14 Samhain 2022, fuair an t-Ardionadaí iarraidh go dtacódh an tAontas le Fórsaí Armtha na hIordáine (JAF) trí acmhainneachtaí míleata, go háirithe na seirbhísí míleata leighis, na briogáidí innealtóireachta, mar aon leis na haonaid oibríochtúla atá i gceannas ar teorainneacha na hIordáine a dhaingniú.

    (4)

    Táthar chun bearta cúnaimh a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

    (5)

    Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

    1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Ríocht Haisimíteach na hIordáine (“an tairbhí”), agus a bheidh le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

    2.   Is é is cuspóir foriomlán don bheart cúnaimh feabhas a chur ar acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na hIordáine (JAF) chun slándáil agus cobhsaíocht náisiúnta na hIordáine a áirithiú trí feabhas a chur ar a seirbhísí míleata leighis, a briogáidí innealtóireachta, agus a haonaid oibríochtúla atá i gceannas ar a teorainneacha a dhaingniú, agus ar an gcaoi sin cosaint níos fearr a thabhairt do shibhialtaigh i ngéarchéimeanna agus éigeandálaí

    3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:

    (a)

    ospidéal soghluaiste lánfheistithe (Ról 1) chun cóir leighis a chur ar shaighdiúirí gortaithe, arna chomhlánú le hotharcharranna lánfheistithe a bhfuil cumais aslonnaithe leighis acu;

    (b)

    aonaid allamuigh innealtóireachta a bhfuil trealamh acu chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’aonaid imscaraithe, go háirithe feadh na dteorainneacha;

    (c)

    Trealamh oirbheartaíochta (Córais Aerárthaí Gan Foireann (UAS) agus Córais in aghaidh Aerfheithiclí Gan Foireann (C-UAV)), chomh maith le tacaíocht do JAF chun cumas in aghaidh aerfheithiclí gan foireann a fhorbairt.

    4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha arna síniú ag an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509, lena n-áirítear i gcomhthéacs na socruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chinneadh céanna.

    Airteagal 2

    Socruithe airgeadais

    1.   EUR 7 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

    2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

    Airteagal 3

    Socruithe leis an tairbhí

    1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”)na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

    2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    go gcomhlíonfaidh na haonaid JAF dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

    (b)

    go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

    (c)

    go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

    (d)

    nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis eile seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

    3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

    Airteagal 4

    Cur chun feidhme

    1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

    2.   Is é an riarthóir um bearta cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí shocruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

    Airteagal 5

    Faireachán, rialú agus meastóireacht

    1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán maidir leis na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 a bheith á n-urramú ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid JAF dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

    2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

    (a)

    fíorú seachadta, nuair atá deimhnithe seachadta SES le síniú ag na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh, tráth a aistreofar úinéireacht;

    (b)

    tuairisciú, trína bhfuil an tairbhí chun tuairisc bhliantúil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a dhéantar le trealamh a sholáthraítear faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal ar na nithe ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

    (c)

    cigireachtaí ar an láthair, ar tríothu a éascóidh agus a dheonóidh an tairbhí don Ardionadaí rochtain chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

    3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an beart cúnaimh sin leis an cuspóir a luadh in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

    Airteagal 6

    Tuairisciú

    Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

    Airteagal 7

    Fionraí agus foirceannadh

    1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

    2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

    (2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


    Top