Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0380

    Cinneadh (CBES) 2023/380 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

    ST/5978/2023/INIT

    IO L 51I, 20.2.2023, p. 27–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/380/oj

    20.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 51/27


    CINNEADH (CBES) 2023/380 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Feabhra 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1).

    (2)

    An 25 Iúil 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go láidir bású ceannairí a bhí ar son an daonlathais agus ceannairí ón bhfreasúra polaitiúil i Maenmar/Burma. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin gur céim eile iad na básuithe sin i dtreo dhíchóimeáil iomlán an smachta reachta agus gur sampla eile iad de sháruithe follasacha chearta an duine i Maenmar/Burma.

    (3)

    Is cúis mhór imní don Aontas go bhfuil an foréigean ag dul in olcas i gcónaí agus go bhfuil coinbhleacht fhadtréimhseach a mbeidh impleachtaí réigiúnacha aici ag teacht chun cinn. Cáineann an tAontas na sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar chearta an duine a rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), lena n-áirítear céasadh, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, géarleanúint leanúnach na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine agus iriseoirí, agus ionsaithe ar an bpobal sibhialtach, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha.

    (4)

    In éagmais aon dul chun cinn gasta sa staid i Maenmar/Burma, chuir an tAontas in iúl roinnt uaireanta go raibh sé faoi réir bearta sriantacha breise a ghlacadh ina gcoinne siúd atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

    (5)

    I bhfianaise na staide tromchúisí atá fós ann i Maenmar/Burma, ba cheart naonúr agus 7 n-eintiteas a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta dar teideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 5(1) agus 6(1)”:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Ráiteas ar chúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “85.

    Aung Hlaing Oo

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Dáta breithe: 11.6.1977;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Uimhir an phas: 12/LaMaTa(Nine)025897

    Bhí Aung Hlaing Oo ina Chathaoirleach ar Myanmar Chemical and Machinery (MCM) Company Limited agus ar fhochuideachtaí eile ó bhunaigh sé an cuideachta in 2001.

    Bhain sé úsáid as a sheasamh tráchtála agus pearsanta chun tacú leis an bhforéigean a rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) i gcoinne a bpobail féin ina ról mar allmhaireoir agus mar bhróicéir arm agus earraí dé-úsáide. Agus é mar chathaoirleacht ar MCM, feidhmíonn sé mar phríomhfhoinse arm agus tacaíochta tráchtála don junta, lena n-áirítear trína dhlúthcheangal polaitiúil/tráchtála le cuideachtaí éagsúla in earnáil an trealaimh mhíleata, in 2019 agus 2020 freisin. Ghlac sé páirt i dtoscaireachtaí chun airm a sholáthar d’arm Mhaenmar freisin, lena n-áirítear i mí an Mheithimh 2021. Úsáidtear ábhair den sórt sin, lena n-áirítear héileacaptair agus páirteanna spártha d’aerárthaí, chun buamáil a dhéanamh ar shibhialtaigh i roinnt Stát agus réigiún.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Aung Hlaing Oo le hearraí srianta agus/nó teicneolaíocht shrianta, agus earraí dé-úsáide, a sholáthar, agus rinneadh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine mar thoradh air sin. Mar Chathaoirleach ar MCM, thacaigh Aung Hlaing Oo leis an Tatmadaw sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine in Maenmar/Burma, lena n-áirítear i stát Rakhine. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é a mbaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Thairis sin, tá baint ag Aung Hlaing Oo leis an arm trí na naisc fhairsinge atá aige leis na seanchórais junta agus leis na cinn atá ann faoi láthair.

    20.2.2023

    86.

    Sit Taing Aung

    (ar a dtugtar freisin Sitt Taing Aung)

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Dáta breithe: 13.11.1971;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Uimhir an phas: 12/YaKaNa(n)006213

    Bhí Sit Taing Aung mar Stiúrthóir ar Yatanarpon Aviation Support Company agus ar Suntac Group of Companies idir an tráth ar bunaíodh na cuideachtaí sin agus an tráth ar díscaoileadh iad i mí na Samhna 2021. Lean Sit Taing Aung dá chuid gníomhaíochtaí tar éis an coup in 2021.

    Bhain sé úsáid as a sheasamh tráchtála agus pearsanta, chomh maith lena ról mar allmhaireoir agus mar bhróicéir arm agus earraí dé-úsáide chun tacú leis an bhforéigean a rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) i gcoinne sibhialtach, buamáil scoileanna san áireamh. Agus é mar stiúrthóir ar Yatanarpon Aviation Support Company atá díscaoilte anois, d’fheidhmigh an chuideachta sin mar phríomhfhoinse arm agus tacaíochta tráchtála don junta, lena n-áirítear trína dhlúthcheangal polaitiúil/tráchtála le cuideachtaí éagsúla in earnáil an trealaimh mhíleata.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Sit Taing Aung le hearraí srianta agus/nó teicneolaíocht shrianta, agus earraí dé-úsáide, a sholáthar d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar agus tá baol ann go leanfaidh sé de bheith ag déanamh amhlaidh amach anseo. Mar Stiúrthóir ar Yatanarpon Aviation Support, thacaigh Sit Taing Aung leis an Tatmadaw sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine in Maenmar/Burma agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Thairis sin, tá baint ag Sit Taing Aung leis an arm trí na naisc fhairsinge atá aige leis na seanchórais junta agus leis na córais atá ann faoi láthair.

    20.2.2023

    87.

    Kyaw Min Oo

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Dáta breithe: 18.1.1982;

    Inscne: fireann;

    Uimhir an phas: 14/MaMaKa(N)140703

    Tá Kyaw Min Oo mar Stiúrthóir ar Sky Aviator ó 2014 i leith nuair a bhunaigh sé an chuideachta. Bhí sí gabháil do ghníomhaíochtí tar éis an coup in 2021.

    Mar gheall ar a sheasamh tráchtála agus pearsanta, thacaigh sé leis an bhforéigean a rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) ina ról mar allmhaireoir agus mar bhróicéir arm agus earraí dé-úsáide. Agus Sky Aviator faoina stiúir, feidhmíonn sé mar phríomhfhoinse arm agus tacaíochta tráchtála don junta, lena n-áirítear trína dhlúthcheangal polaitiúil/tráchtála le cuideachtaí éagsúla in earnáil an trealaimh mhíleata, lena n-áirítear páirteanna spártha lena gcumasaítear úsáid aerárthaí míleata in oibríochtaí ina ndírítear ar limistéir ina bhfuil sibhialtaigh ag maireachtáil.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Kyaw Min Oo le hearraí srianta agus/nó teicneolaíocht shrianta, agus earraí dé-úsáide, a sholáthar chun sáruithe a dhéanamh ar chearta an duine. Mar Stiúrthóir ar Sky Aviation, thacaigh Kyaw Min Oo le Tatmadaw sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine in Maenmar/Burma agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Thairis sin, tá baint ag Kyaw Min Oo leis an arm trí na naisc fhairsinge atá aige leis na seanchórais junta agus leis na córais atá ann faoi láthair, lena n-áirítear le hArdcheannasaí Fhórsaí Armtha Mhaenmar, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing, atá ar liosta an Aontais.

    20.2.2023

    88.

    Moe Aung

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Grád: Aimiréil

    Is é an tAimiréal Moe Aung Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar. Tá sé ar cheann de hoifigigh is airde céim i bhFórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), agus tá dlúthbhaint aige le réimeas an State Administrative Council (SAC), lena n-áirítear an tArdcheannasaí, Min Aung Hlaing agus an Leas-Ardcheannasaí Soe Win agus an Rialtas.

    Glacann Moe Aung páirt i rialachas MEHL eintiteas atá ar liosta an Aontais Eorpaigh, ilchuideachta atá faoi úinéireacht mhíleata agus a chuireann acmhainní eacnamaíocha agus ábhartha ar fáil don arm lena n-éascaítear a ngníomhaíochtaí. Faoina údarás agus i gcomhar leis an Aireacht Iompair agus Cumarsáide, iompraíodh saighdiúirí agus airm de bháid nó de longa go dtí an chuid thuaidh den tír ar uiscebhealaí.

    Dá bhrí sin, mar bhall ardchéime den réimeas míleata, is duine nádúrtha Moe Aung a mbaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Tá sé freagrach as an iliomad sáruithe ar chearta an duine freisin.

    20.2.2023

    89.

    Maung Maung Aye

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Grád: Ginearál

    Tá an Ginearál Maung Maung Aye ina Cheann ar Fhoireann Ghinearálta arm, cabhlach agus aerfhórsa Mhaenmar. Tá an tríú ról is sinsearaí in arm Mhaenmar aige. Sa phost sin, tá Maung Maung Aye mar chuid den réimeas, a d’urghabh cumhacht agus a dhíbir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma i mí Feabhra 2021.

    Tá ról gníomhach aige i ndáil le harm a cheannach ón Rúis. Thairis sin, cuidíonn sé freisin chun seasamh idirnáisiúnta Fhórsaí Armtha Mhaenmar a neartú trí chruinnithe le comhpháirtithe ó thíortha eile.

    Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é a mbaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Tá sé freagrach as an iliomad sáruithe ar chearta an duine freisin.

    20.2.2023

    90.

    Myo Myint Aung

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Grád: Leifteanantchoirnéal

    Is Aire Gnóthaí Eacnamaíocha an State Administration Council (SAC) Réigiún Yangon é an Leifteanantchoirnéal Myo Myint Aung ón 2 Meán Fómhair 2022 i leith. Mar Aire Réigiún Yangon, tá baint dhíreach aige le cinnteoireacht maidir le réigiún Yangon agus tá sé freagrach as an gcinnteoireacht sin.

    Ina theannta sin, ba Cheannasaí Earcaíochta Míleata Yangon agus Breitheamh Míleata é roimhe sin ó bunaíodh na cúirteanna míleata go dtí Meán Fómhair 2022.

    Sa cháil sin, líomhnaíodh go raibh baint aige le daoradh agus cur chun báis ceathrar gníomhaithe daonlathais i mí Iúil 2022. Le linn a thréimhse mar Bhreitheamh Míleata, daoradh cuid mhór de chomhaltaí den fhreasúra chun báis agus gearradh téarmaí príosúin acu.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ón uair a bhí coup sa SAC in 2021 agus mar Cheannasaí Earcaíochta Míleata agus mar Bhreitheamh Míleata.

    20.2.2023

    91.

    Zin Min Htet

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Grád: Maorghinearál

    Is é an Maor-Ghinearál Zin Min Htet an Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar. Bhí baint dhíreach aige le cinnteoireacht maidir le réigiún Yangon agus bhí sé freagrach as an gcinnteoireacht sin.

    Tháinig Zin Min Htet i gcomharbas ar Than Hlaing an 2 Bealtaine 2022 mar Cheann Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar. Ba Ard-Chongantóir Comhpháirteach an airm é roimhe sin (2019-2022). Bhí sé mar cheannaire ar Ollscoil Ríomhaireachta agus Teicneolaíochta na Seirbhísí Cosanta freisin.

    Dá bhrí sin, mar Leas-Aire Gnóthaí Baile agus mar Cheann Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar, is duine nádúrtha a mbaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Ina theannta sin, tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí póilíneachta agus srian á chur ar shaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, le gabhálacha treallacha agus le ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Zin Min Htet freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

    20.2.2023

    92.

    Ko Ko Maung

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann;

    Grád: Maorghinearál

    Is é an Maor-Ghinearál Ko Ko Maung an Ceannasaí Míleata Réigiúnach i Stát Kachin sa chuid thuaidh den tír. Ba Cheannasaí Míleata Réigiúnach sa Deisceart é roimhe seo agus aistríodh chuig an Northern Command é i mí Lúnasa 2022.

    Mar Cheannasaí Míleata Réigiúnach, déanann Ko Ko Maung maoirseacht ar aer-ionsaithe, sléachtanna, ruathair, coirloscadh agus ar dhaoine a bheith á n-úsáid mar sciatha mar a rinne an t-arm in Kachin.

    Dá bhrí sin, tá Ko Ko Maung freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

    20.2.2023

    93.

    Myo Myint Oo

    Náisiúntacht: Myanmar/Burma;

    Áit bhreithe: Myanmar/Burma;

    Inscne: fireann

    Is é Myo Myint Oo Aire Fuinnimh an Aontais ón 5 Lúnasa 2022 i leith. Mar Aire Rialtais, tá sé mar chuid de réimeas míleata.

    Faoina údarás, cruthaíonn Myanmar Oil and Gas Enterprise (MOGE) eintiteas atá ar liosta an Aontais Eorpaigh ioncam do State Administration Council (SAC) eintiteas atá ar liosta an Aontais Eorpaigh agus do Myanmar Petroleum Enterprise, a bhfuil comhfhiontar acu le Puma Energy (ar a dtugtar NEPAS). Bíonn sé ag gabháil do bhreosla eitlíochta a allmhairiú agus a dháileadh, lena n-áirítear le haghaidh aerárthaí troda agus aerárthaí míleata eile.

    Mar Aire Fuinnimh, tá sé i gceannas ar infheistíocht agus ar chomhar a eagrú le comhpháirtithe eachtracha sna hearnálacha ola agus gáis, rud a chruthaíonn ioncam do SAC, agus ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a chinntiú agus le breosla eitlíochta a allmhairiú don arm, agus mar gheall air sin, is féidir aerionsaithe míleata a dhéanamh i gcoinne sibhialtach.

    Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é a mbaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

    20.2.2023”;

    (2)

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta dar teideal “B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)”:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Ráiteas ar chúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “12.

    Myanmar Office of the Quarter Master General (Oifig an Mháistir Ceathrún Ghinearálta i Maenmar)

    Seoladh: Ministry of Defence, Building 24, Naypyitaw, Myanmar;

    An cineál eintitis: poiblí;

    Áit chláraithe: Myanmar;

    Daoine aonair comhlachaithe: Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha Mhaenmar, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing;

    An tAire Cosanta, an Ginearál Mya Htun Oo;

    Eintitis chomhlachaithe eile: Myanmar’s Ministry of Defense;

    Myanmar Economic Corporation (MEC)

    Is Roinn faoi dhlínse na hAireachta Cosanta é Oifig an Mháistir Ceathrún Ghinearálta i Maenmar a bhfuil baint aici le soláthar arm agus trealaimh mhíleata d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

    Mar sin, tá Oifig an Mháistir Ceathrún Ghinearálta i Maenmar faoi smacht Fhórsaí Armtha Mhaenmar, ó bhí coup an 1 Feabhra 2021 ann i leith san áireamh. Feidhmíonn sé mar phríomhchumasóir an fhoréigin agus na sáruithe ar chearta an duine atá déanta ag arm Mhaenmar ar shibhialtaigh Mhaenmar agus, dá bhrí sin, chuidigh sé leis an bhforéigean atá go forleathan i Maenmar/Burma ó bhí an coup ann in 2021.

    Tá oifig Mháistir na Ceathrún Ginearálta páirteach freisin i mbainistiú sócmhainní eacnamaíocha a théann chun tairbhe an junta.

    Tá oifig Mháistir na Ceathrún Ginearálta nasctha le roinnt figiúirí agus eintiteas atá liostaithe ag an Aontas, lena n-áirítear an t-ardcheannasaí, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing agus Myanmar Economic Corporation (MEC).

    20.2.2023

    13.

    Myanmar Directorate of Defense Industries (Stiúrthóireacht Thionscail Cosanta Mhaenmar)

    Seoladh: Shwedagon Pagoda Road, Yangon, Myanmar;

    Cineál an eintitis: fiontar faoi úinéireacht stáit;

    Áit chláraithe: Myanmar;

    Daoine aonair comhlachaithe: Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha Mhaenmar, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing;

    An Leifteanant-Ghinearál, Thein Htay;

    An tAire Cosanta, an Ginearál Mya Htun Oo;

    Eintitis chomhlachaithe eile: Myanmar’s Ministry of Defense

    Is fiontar faoi úinéireacht stáit é Stiúrthóireacht Thionscail Cosanta Mhaenmar a thagann faoi dhlínse na hAireachta Cosanta agus a fheidhmíonn mar an t-aon eintiteas i Maenmar atá i gceannas ar airm a tháirgeadh d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) freisin.

    Is é an Leifteanant-Ghinearál, Thein Htay, comhalta d’arm Mhaenmar. atá i gceannas ar Stiúrthóireacht na dTionscal Cosanta. Tagann an Stiúrthóireacht faoi údarás Ardcheannasaí Tatmadaw, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing atá ar liosta an Aontais, agus a bhfuil ceangal aige le roinnt pearsana éagsúla a bhfuil baint acu leis an arm nó a ceapadh san arm, mar shampla, an t-ardcheannasaí agus a ionadaí.

    Mar sin, tá Stiúrthóireacht Thionscail Cosanta Mhaenmar faoi smacht Fhórsaí Armtha Mhaenmar, ó bhí coup an 1 Feabhra 2021 ann san áireamh. Cuireann sí ar chumas arm Mhaenmar gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanamh i gcoinne shibhialtaigh Mhaenmar agus, dá bhrí sin, tá ról lárnach aici ó thaobh an fhoréigin atá go forleathan i Maenmar ó bhí an coup ann a ghríosú.

    20.2.2023

    14.

    Myanmar Directorate of Defense Procurement (Stiúrthóireacht um Sholáthar Cosanta Mhaenmar)

    Seoladh: Nay Pyi Taw, Myanmar;

    An cineál eintitis: roinn riaracháin;

    Áit chláraithe: Myanmar;

    Daoine aonair comhlachaithe: Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha Mhaenmar, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing;

    An Leifteanant-Ghinearál, Thein Htay;

    An tAire Cosanta, an Ginearál Mya Htun Oo;

    Eintitis chomhlachaithe eile: Myanmar’s Ministry of Defense

    Is Roinn faoi dhlínse na hAireachta Cosanta í Stiúrthóireacht um Sholáthar Cosanta Mhaenmar a fheidhmíonn freisin mar eintiteas atá i gceannas ar airm agus trealamh míleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

    Tagann an Stiúrthóireacht um Sholáthar Cosanta faoi údarás Ardcheannasaí Tatmadaw, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing, agus dá bhrí sin, tá baint aige le roinn daoine aonair agus le heintitis atá ar liosta an Aontais, lena n-áirítear an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing.

    Mar sin, tá an Stiúrthóireacht um Sholáthar Cosanta faoi smacht Fhórsaí Armtha Mhaenmar, ó bhí coup an 1 Feabhra 2021 ann san áireamh. Cuireann sí ar chumas arm Mhaenmar gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanamh i gcoinne shibhialtaigh Mhaenmar agus, dá bhrí sin, tá ról lárnach aici ó thaobh an fhoréigin atá go forleathan i Maenmar/Burma ó bhí an coup ann a ghríosú.

    20.2.2023

    15.

    Asia Sun Group

    Eintitis chomhlachaithe eile: Asia Sun Trading; Asia Sun Energy

    Tá baint ag Asia Sun Group leis an slabhra trína soláthraítear breosla eitlíochta don arm. Tá baint ag cuideachtaí Asia Sun Group, trína bhfochuideachtaí, Asia Sun Trading agus Asia Sun Energy, le breosla eitlíochta a allmhairiú. Bhí baint ag Asia Sun Trading le breosla eitlíochta a allmhairiú ón Téalainn, breosla d’Aerfhórsa Mhaenmar, ar a laghad faoi dhó in 2022.

    D’ionsaigh réimeas míleata Mhaenmar targaidí sibhialtach d’aon turas agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach le héileacaptair, aerárthaí troda agus dróin, agus gortaíodh a lán daoine, leanaí san áireamh, go dona i gceantair chónaitheacha. Rinne an junta 268 n-aer-ionsaí ar a laghad, inar díríodh ar an bpobal sibhialtach ar fud Mhaenmar/Burma idir Deireadh Fómhair 2021 agus Meán Fómhair 2022. Maraíodh ar a laghad 155 shibhialtach sna hionsaithe, gortaíodh 190 duine ar a laghad agus scriosadh tithe agus foirgnimh reiligiúnacha.

    Dá bhrí sin, is duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht é Asia Sun Group atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe as Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

    20.2.2023

    16.

    Dynasty International Company Limited

    (ar a dtugtar freisin Dynasty Group of Companies)

    Seoladh: Waizayangdar Rd., no. 15, Ngwe Kyar Yan Quarter, South Okkalapa Township, Yangon Region, Myanmar;

    Áit chláraithe: Myanmar;

    Daoine aonair comhlachaithe: Aung Moe Myint (Úinéir);

    Myo Thitsar (Stiúrthóir);

    R-phost: dynastygroup@myanmar.com.mm

    Is cuideachta Bhurma a bhunaigh an bróicéir arm Aung Moe Myint é Dynasty International Company Limited.

    Baineadh úsáid as an gcuideachta chun margaí arm a éascú thar ceann arm Bhurma, lena n-áirítear páirteanna aerárthaí a allmhairiú chun tacú le haerfhórsa Mhaenmar aer-ruathair a dhéanamh ar shráidbhailte agus ar bhonneagar sibhialtach.

    Dá bhrí sin, is duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht é Dynasty International Company Limited atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe as Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

    20.2.2023

    17.

    International Gateways Group of Company Limited (IGG)

    Seoladh: No. 19, Kyaik Wine Pagoda Road, Myaing Hay Wun Housing, 8-Mile, Mayangone, Yangon;

    Áit chláraithe: Myanmar;

    Duine aonair comhlachaithe: Naing Htut Aung (bunaitheoir);

    Chuir International Gateways Group of Company Limited (IGG) cistí ar fáil d’Fhórsaí Slándála Mhaenmar in 2017, ag imeachtaí tiomsaithe airgid a bhí ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing le haghaidh ‘oibríochtaí imréitigh’ in Rakhine. Chuir IGG acmhainní ar fáil go díreach do Réimeas Mhaenmar nó chun tairbhe an réimis.

    In 2017, rinne Fórsaí Slándála Mhaenmar na mílte Rohingya a dhúnmharú, a éigniú agus a chéasadh le linn na ‘n-oibríochtaí imréitigh’ in Rakhine. Tugadh ar 740 000 Rohingya imeacht thar an teorainn isteach go dtí an Bhanglaidéis. Chomh maith leis sin, rannchuidigh Fórsaí Slándála Mhaenmar le sáruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine agus leis an bpobal sibhialtach i Maenmar/Burma a chur faoi chois. An 1 Feabhra 2021, d’eagraigh arm Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma.

    Is pearsa lárnach é Naing Htut Aung, stiúrthóir IGG, i dtrádáil arm Mhaenmar a éascaíonn conarthaí aerfhórsa agus conarthaí cabhlach le soláthróirí, go háirithe sa tSín. Tá IGG/Naing Htut Aung liostaithe ag an Rialtas Aontachta Náisiúnta ar dhúliosta de ghnólachtaí/úinéirí a líomhnaítear a thacaíonn leis an arm trí thrádáil arm.

    Dá bhrí sin, is duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht é IGG atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe as Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

    20.2.2023

    18.

    Sky Aviator Company Limited

    Seoladh: No.(204/2), (14/1)Ward, Myinthar (11)th Street, Southokkalapa, Yangon, Myanmar;

    Áit chláraithe: Myanmar;

    Duine aonair comhlachaithe: Kyaw Min Oo (Stiúrthóir Bainistíochta)

    Is cuideachta é Sky Aviator Company Limited a bhunaigh Kyaw Min Oo.

    D’éascaigh sé margaí arm thar ceann mhíleata Bhurma, lena n-áirítear allmhairiú páirteanna aerárthaí. Faoi rialú Kyaw Min Oo, is príomhsholáthraí páirteanna aerárthaí míleata é Sky Aviator d’arm Bhurma. Ó bhí an coup ann i mí Feabhra 2021, tá an iliomad lastas arm faighte ag Sky Aviator ó eintitis ar forchuireadh smachtbhannaí orthu.

    Dá bhrí sin, is duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht é Sky Aviator Company Limited atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), nó a ghineann ioncam thar a gceann, a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh, nó a bhaineann tairbhe as Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

    20.2.2023”.


    Top