Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0362

    Cinneadh (AE) 2023/362 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí

    ST/16230/2022/INIT

    IO L 50, 17.2.2023, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/362/oj

    17.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 50/1


    CINNEADH (AE) 2023/362 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Feabhra 2023

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 5 Meitheamh 2003, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana.

    (2)

    Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí (“an Comhaontú”) a chaibidil. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 21 Meán Fómhair 2022.

    (3)

    Tá sé de chuspóir ag an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir 13 Bhallstát agus an tSeapáin a chur i gcomhréir le dlí an Aontais.

    (4)

    Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí (“an Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1).

    Airteagal 2

    Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    E. SVANTESSON


    (1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.


    Top