EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0271

Cinneadh (AE) 2023/271 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE (NIS) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ST/16140/2022/INIT

IO L 39, 9.2.2023, p. 41–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/271/oj

9.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 39/41


CINNEADH (AE) 2023/271 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE (NIS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Tá Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Chun go bhfeidhmeoidh Comhaontú LEE go maith, tá Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE le leathnú chun an Grúpa Comhair arna chur ar bun le Treoir (AE) 2016/1148 a chumhdach.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 a bhaineann le bearta chun leibhéal ard comhchoiteann slándála na gcóras gréasán agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. ...

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 a bhaineann le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála líonraí agus córas faisnéise ar fud an Aontais (1) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuilleadh sonraíochta ar na heilimintí atá le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhíse digití chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú agus maidir leis na paraiméadair lena gcinntear an bhfuil tionchar suntasach ag teagmhas (2), le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Chun go bhfeidhmeoidh Comhaontú LEE go maith, tá Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE le leathnú chun go n-áireofar an Grúpa Comhair arna chur ar bun le Treoir (AE) 2016/1148.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5cp (Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

“5cpa.

32016 L 1148: Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 a bhaineann le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú:

Beidh Stáit CSTE iomlán rannpháirteach sa Ghrúpa Comhair agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag na Ballstáit den Aontas, cé is moite den cheart vótála.

5cpaa.

32018 R 0151: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuilleadh sonraíochta ar na heilimintí atá le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhíse digití chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú agus maidir leis na paraiméadair lena gcinntear an bhfuil tionchar suntasach ag teagmhas (IO L 26, 31.1.2018, lch. 48).”

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bPrótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE:

“43.

An Grúpa Comhair (Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 a bhaineann le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais).”.

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Íoslainnise agus Ioruaise Treoir (AE) 2016/1148 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha ina leith (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)  IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.

(2)  IO L 26, 31.1.2018, lch. 48.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


Top