This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0260
Council Decision (CFSP) 2023/260 of 6 February 2023 extending the mandate of the European Union Special Representative for Central Asia and amending Decision (CFSP) 2021/1013
Cinneadh (CBES) 2023/260 ón gComhairle an 6 Feabhra 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1013
Cinneadh (CBES) 2023/260 ón gComhairle an 6 Feabhra 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1013
ST/16118/2022/INIT
IO L 35, 7.2.2023, pp. 25–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2025
|
7.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 35/25 |
CINNEADH (CBES) 2023/260 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Feabhra 2023
lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1013
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 13 Meitheamh 2005, d’aontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir a cheapadh. |
|
(2) |
An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1013 (1) lena gceaptar Terhi HAKALA mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir. Tá sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le dul in éag an 28 Feabhra 2023. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh 24 mhí breise a chur le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025. |
|
(4) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/1013 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Cuirfidh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1013 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal l Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh Cuirtear síneadh go dtí an 28 Feabhra 2025 le sainordú Terhi HAKALA mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.” |
|
(2) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an mhír seo a leanas leis: “EUR 2 665 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025 a chumhdach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara abairt de mhír 1: “Cuirfidh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 30 Samhain 2024.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (CBES) 2021/1013 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 222, 22.6.2021, lch. 33).