Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0176

    Cinneadh (AE) 2023/176 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Fhrainc isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9230) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/9230

    IO L 25, 27.1.2023, p. 70–78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/176/oj

    27.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 25/70


    CINNEADH (AE) 2023/176 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Nollaig 2022

    maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Fhrainc isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9230)

    (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

    Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    BREITHNITHE GINEARÁLTA

    (1)

    De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le pleananna feidhmíochta a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, agus ní mór spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a bheith iontu i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Tá na spriocanna feidhmíochta sin le bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais a ghlac an Coimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann.

    (2)

    Leagadh síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2019, ós rud é go ndearnadh iad a tharraingt suas sular tharla ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú suntasach a tháinig ar an aerthrácht mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

    (3)

    Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla i leith an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). An 2 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) ón gCoimisiún lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i leith TT3. Ar an mbonn sin, i mí Dheireadh Fómhair 2021 chuir na Ballstáit dréachtphleananna feidhmíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus spriocanna áitiúla feidhmíochta athbhreithnithe iontu i leith TT3.

    (4)

    An 13 Aibreán 2022 ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún (6) a bhí dírithe chuig an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin, agus an tSualainn. Leagadh amach sa Chinneadh sin, maidir leis an dréachtphlean feidhmíochta a bhunaigh Poblacht na Fraince (‘an Fhrainc’) ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i gcomhar leis an mBeilg, leis an nGearmáin, le Lucsamburg, agus leis an Ísiltír (‘dréachtphlean feidhmíochta FABEC’), go bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta faoi bhealach i leith limistéar muirearaithe na Beilge agus Lucsamburg ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus eisíodh moltaí ann maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin. Ní raibh aon toradh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 maidir leis na spriocanna feidhmíochta is infheidhme i leith seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear in aerspás na Fraince.

    (5)

    Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha forchurtha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht nó atá cairtfhostaithe, nó faoi rialú ar shlí eile, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt nó éirí de thalamh i gcríoch an Aontais nó eitilt thairsti. Mar thoradh ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a ghlac an Rúis, tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa. Rinne an laghdú mór ar líon na dtraseitiltí san aerspás atá faoi chúram Ballstát áirithe difear an-mhór do na Ballstáit sin. Mar sin féin, ar an leibhéal uile-Aontais, ní fhacthas ach tionchar teoranta ó na bearta sin ar líon na n-eitiltí, rud atá i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

    (6)

    An 13 Iúil 2022, chuir an Fhrainc, i gcomhar leis an mBeilg, leis an nGearmáin, le Lucsamburg, agus leis an Ísiltír, dréachtphlean feidhmíochta FABEC athbhreithnithe i leith TT3 faoi bhráid an Choimisiúin.

    (7)

    An 24 Deireadh Fómhair 2022 chinn an Coimisiún gurbh ann fós d’ábhar amhrais maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe a bhí beartaithe le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg, a mhéid a bhaineann lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún tús leis an mionscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith na spriocanna feidhmíochta sin a bhí sa dhréachtphlean feidhmíochta FABEC athbhreithnithe a cuireadh faoina bhráid an 13 Iúil 2022. Thug an Coimisiún fógra faoin méid sin don Bheilg, don Ghearmáin, don Fhrainc, do Lucsamburg agus don Ísiltír le Cinneadh (AE) 2022/2255 uaidh (7).

    (8)

    An 28 Deireadh Fómhair 2022 chuir an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas gur tharraing sí siar ón dréachtphlean feidhmíochta FABEC athbhreithnithe, agus chuir dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i leith an tríú tréimhse thagartha, arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta (an ‘dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe’), faoi bhráid an Choimisiúin. Sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe coinnítear na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear in aerspás na Fraince ar an leibhéal a socraíodh sa dréachtphlean feidhmíochta FABEC athbhreithnithe a cuireadh isteach an 13 Iúil 2022. Is amhlaidh nárbh ann d’aon tairbhe feidhmíochta ná sineirge bhreise le haghaidh na Fraince de bhua an dréachtphlean feidhmíochta FABEC athbhreithnithe. Sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe ní liostaítear aon tionchar diúltach de thoradh deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí pleanála feidhmíochta agus socraithe spriocanna ar leibhéal FABEC.

    (9)

    An comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina leagtar amach a mheasúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe.

    (10)

    I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú, agus na himthosca áitiúla á gcur san áireamh aige, ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe na Fraince ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. I ndáil le gach príomhréimse feidhmíochta agus leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún an measúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (11)

    I réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (‘STATFOR’) a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022 cuirtear san áireamh an t-athrú ar na himthosca i ndáil leis an aerthrácht san aerspás Eorpach de dheasca chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ar bhonn na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire go meastar nach rachaidh mórathruithe ar shreabha aerthráchta i bhfeidhm ar an bhFrainc i gcaitheamh TT3 mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, an t-athrú sin ar na himthosca, níl tionchar díreach aige ar na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe ná ar mheasúnú an Choimisiúin ar na spriocanna sin i leith a gcomhsheasmhachta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    (12)

    Aontaíonn an Fhrainc go heisceachtúil lena cearta de bhun Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán 1/1958 (8), a tharscaoileadh agus le go nglacfar an Cinneadh seo, agus go dtabharfar fógra faoi, as Béarla.

    MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

    (13)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe arna chur faoina bhráid ag an bhFrainc maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe na seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, measúnú arna bhunú i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (14)

    Is iad seo a leanas na spriocanna áitiúla feidhmíochta sábháilteachta a mholann an Fhrainc i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme:

    An Fhrainc

    Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (‘EASA’)

    An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

    An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna uile-Aontais

    (2024)

    DSNA

    Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Bainistíocht riosca sábháilteachta

    D

    D

    D

    D

    Dearbhú sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Cur chun cinn na sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Cultúr sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    (15)

    Na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mholann an Fhrainc i leith an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, mar atá, Direction des Services de la Navigation Aérienne (‘DSNA’), tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    (16)

    Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach, sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe, bearta le haghaidh DSNA chun na spriocanna áitiúla sábháilteachta a bhaint amach, amhail gníomhaíochtaí a thacóidh le cultúr na sábháilteachta, próisis nuashonruithe chun guaiseacha a shainaithint agus a anailísiú, agus feabhsuithe ar bhainistíocht na rioscaí sábháilteachta.

    (17)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise aithrisí (14), (15) agus (16), agus ós rud é go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 le baint amach faoi bhliain deiridh an tríú tréimhse thagartha, eadhon 2024, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i leith phríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta atá sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

    (18)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Fhrainc isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a moladh sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil i mí an Mheithimh 2021, an dáta a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3.

    (19)

    I gcás na bliana 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 roimh ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh an sprioc curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an mbealach céanna, ní féidir modhnú cúlghabhálach a dhéanamh sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe ar na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil le haghaidh 2021 a shocraigh na Ballstáit sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais comhfhreagracha, ba cheart é a dhéanamh i leith 2022, 2023 agus 2024.

    (20)

    Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Fhrainc, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

    An Fhrainc

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    2,83  %

    2,83  %

    2,83  %

    Luachanna tagartha

    2,83  %

    2,83  %

    2,83  %

    (21)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gur comhionann na spriocanna feidhmíochta comhshaoil a mholann an Fhrainc leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach ceann de na blianta 2022, 2023 agus 2024.

    (22)

    Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an bhFrainc ina dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear feabhas a chur ar an bhfáil ar bhealaí, loingseoireacht bunaithe ar an bhfeidhmíocht agus oibríochtaí íslithe leanúnaigh a chur chun úsáide, feabhas a chur ar úsáid sholúbtha an aerspáis, agus an t-aerspás saorbhealaigh a chur chun feidhme freisin. Iarrann an Coimisiún ar an bhFrainc, ina theannta sin, na bearta ar fad a moladh i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a chur chun feidhme chun na ruthaig faoi bhealach a fheabhsú.

    (23)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise aithrisí 20, 21 agus 22, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i leith phríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil atá sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

    (24)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Fhrainc isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, i gcomhréir le pointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021, an dáta a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3.

    (25)

    I gcás na bliana 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 roimh ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh an sprioc curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an mbealach céanna, ní féidir modhnú cúlghabhálach a dhéanamh sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe ar na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta le haghaidh 2021 a shocraigh na Ballstáit sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais comhfhreagracha, ba cheart é a dhéanamh i leith 2022, 2023 agus 2024.

    (26)

    Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a mholann an Fhrainc i leith TT3, arna sloinneadh i nóiméid moille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Líonra:

    An Fhrainc

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh i nóiméid moille ATFM in aghaidh na heitilte

    0,25

    0,25

    0,25

    Luachanna tagartha

    0,25

    0,25

    0,25

    (27)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gur comhionann na spriocanna acmhainneachta a mholann an Fhrainc leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach ceann de na blianta 2022, 2023 agus 2024.

    (28)

    Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an bhFrainc sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin nuachóiriú na gcóras agus na n-uirlisí bainistíochta aerthráchta, méadú ar an líon coibhéiseach lánaimseartha de rialtóirí aerthráchta, feabhsuithe ar eagrú na hoiliúna le haghaidh rialtóirí aerthráchta, agus solúbthacht mhéadaithe maidir le huaireanta oibre na rialtóirí aerthráchta.

    (29)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise aithrisí 26, 27 agus 28, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i leith phríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta atá sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    Athbhreithniú ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

    (30)

    Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas amach nach raibh aon údar imní sna spriocanna sin maidir leis an bhFrainc.

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

    (31)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta a mholtar sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe i gcomhréir le pointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (32)

    Is iad seo a leanas na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach a mholann an Fhrainc i leith TT3:

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Fraince

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020-2021

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

    65,24 EUR

    59,43 EUR

    132,06 EUR

    76,14 EUR

    62,09 EUR

    58,56 EUR

    (33)

    Maidir le pointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht an chostais aonaid arna shuí (‘CAAS’) ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -0,4 % le linn TT3, ná an treocht ar fud an Aontais, mar atá, +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

    (34)

    Maidir le pointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach an CAAS faoi bhealach ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn an dara tréimhse thagartha (‘TT2’) agus TT3, mar atá, -1,2 %, ná an treocht fhadtéarmach uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %.

    (35)

    Maidir le pointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Fraince arna shloinneadh i bpraghsanna 2017 (‘EUR2017’), mar atá, EUR 59,43, 1,8 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 60,53 in EUR2017.

    (36)

    Is léir gur fearr treocht CAAS na Fraince le linn TT3 ná an treocht chomhfhreagrach uile-Aontais agus go bhfuil luach bonnlíne na Fraince i leith 2019 faoi bhun mheán an ghrúpa comparáide. Thairis sin, léiríonn an Fhrainc laghdú suntasach CAAS le linn TT2 agus TT3. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, maidir leis an bhFrainc, nach bac é an miondiall ón treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais dá dtagraítear in aithris (34) ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith na costéifeachtúlachta.

    (37)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise aithrisí 32 go 36, ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna i leith phríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta atá sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

    Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

    (38)

    Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas amach nach raibh aon údar imní sna spriocanna sin maidir leis an bhFrainc.

    Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na spriocanna acmhainneachta

    (39)

    I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta le hathbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na scéimeanna dreasachta atá beartaithe na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (40)

    Chinn an Coimisiún, i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, go bhfuil an Fhrainc le hathbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí i gcomhair bhaint amach na spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus acmhainneachta faoi bhealach ionas go socrófar an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal ar a mbeadh tionchar ábhartha aige ar an ioncam atá i mbaol. Tugann an Coimisiún dá aire, ámh, nach ndearna an Fhrainc aon athrú ar na scéimeanna dreasachtaí sin le hais an dréachtphlean feidhmíochta FABEC a cuireadh isteach in 2021 agus an dréachtphlean feidhmíochta FABEC athbhreithnithe a cuireadh isteach an 13 Iúil 2022.

    (41)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise aithris 40, cinneann an Coimisiún go bhfuil údar imní fós sna scéimeanna dreasachtaí a leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe. Athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim, dá bhrí sin, gur cheart don Fhrainc, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach agus acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí a eascraíonn as na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal ar a mbeidh tionchar ábhartha acu ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach le hAirteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é tuairim an Choimisiúin é gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is comhionann le 1 % de na costais arna suí nó is airde ná sin.

    CONCLÚIDÍ

    (42)

    Ar bhonn a luaitear thuas, is é cinneadh an Coimisiúin é go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Fhrainc isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Fhrainc isteach an 28 Deireadh Fómhair 2022 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

    Airteagal 2

    Is chuig Poblacht na Fraince a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina-Ioana VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

    (2)  IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).

    (7)  Cinneadh (AE) 2022/2255 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le tús a chur le mionscrúdú ar spriocanna feidhmíochta áirithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a chuir an Bheilg, an Ghearmáin an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír isteach ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 297, 17.11.2022, lgh. 71).

    (8)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lgh. 385-58).


    IARSCRÍBHINN

    Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Fhrainc isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, faoinar cinneadh go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA

    Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

    An Fhrainc

    Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA‘EASA’)

    An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

    An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

    2022

    2023

    2024

    DSNA

    Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

    C

    C

    C

    Bainistíocht riosca sábháilteachta

    D

    D

    D

    Dearbhú sábháilteachta

    C

    C

    C

    Cur chun cinn na sábháilteachta

    C

    C

    C

    Cultúr sábháilteachta

    C

    C

    C

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

    Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    An Fhrainc

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    2,83  %

    2,83  %

    2,83  %

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

    Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte

    An Fhrainc

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh i nóiméid moille ATFM in aghaidh na heitilte

    0,25

    0,25

    0,25

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

    Costas aonaid arna shuí le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Fraince

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020-2021

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuí (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

    65,24 EUR

    59,43 EUR

    132,06 EUR

    76,14 EUR

    62,09 EUR

    58,56 EUR


    Top