Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D01608

Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena bhformheastar modheolaíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála a chabhraíonn le táirgí tobac a bhfuil sainbhlas orthu a aithint agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2021/C 89 I/01

C/2023/9092

IO C, C/2023/1608, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1608/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1608/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1608

27.12.2023

CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2023

lena bhformheastar modheolaíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála a chabhraíonn le táirgí tobac a bhfuil sainbhlas orthu a aithint agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2021/C 89 I/01

(C/2023/1608)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/786 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos an nós imeachta maidir le painéal comhairleach neamhspleách a bhunú agus a fheidhmiú a chabhraíonn leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirgí tobac (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuirtear toirmeasc le Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa (2) agus ón gComhairle ar tháirgí tobac áirithe a chur ar an margadh (toitíní, tobac rollta agus táirgí tobac téite) a bhfuil sainbhlasanna orthu.

(2)

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/779 ón gCoimisiún (3) rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na nósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirge tobac.

(3)

I gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/786, tá an painéal comhairleach neamhspleách (‘an painéal’) leis an modheolaíocht a shonrú chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tobac a chuirfidh Ballstát nó an Coimisiún faoina bhráid chun tuairim a fháil i dtaobh an bhfuil sainbhlas orthu nó nach bhfuil (‘táirgí tástála’), agus, de réir mar is iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta í.

(4)

Le Cinneadh 2021/C 89 I/01 ón gCoimisiún (4) an 11 Márta 2021, d’fhormheas an Coimisiún modheolaíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála a chabhraíonn le táirgí tobac a bhfuil sainbhlas orthu a aithint, rud is infheidhme maidir le toitíní agus tobac rollta.

(5)

Tar éis ghlacadh Threoir Tharmligthe 2022/2100 (5) ón gCoimisiún lenar leasaíodh Airteagal 7(12) de Threoir 2014/40/AE chun na díolúintí a tharraingt siar ó na toirmisc ar tháirgí tobac a bhfuil sainbhlas orthu nó a bhfuil blastáin iontu in aon cheann dá gcomhchodanna a chur ar an margadh, amhail scagairí, páipéir, pacáistí, capsúil nó aon ghnéithe teicniúla lena gceadaítear modhnú a dhéanamh ar bholadh nó blas na dtáirgí tobac lena mbaineann nó ar a ndéine deataigh, i gcás táirgí tobac téite, nuashonraigh an painéal an mhodheolaíocht dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2021/C 89 I/01 ón gCoimisiún, lenar leathnaíodh a raon feidhme chuig táirgí tobac téite.

(6)

Dá bhrí sin, an 31 Lúnasa 2023 ghlac an painéal, tar éis nós imeachta i scríbhinn, dréacht-mhodheolaíocht nuashonraithe chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála chun a chinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirgí tobac, dar teideal ‘Modheolaíocht chun tacú leis an gcinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirge tobac. Feidhm maidir le toitíní, tobac rollta agus táirgí tobac téite.’

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/786, tá an mhodheolaíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála d’fhonn a chinneadh an bhfuil sainbhlas ar na táirgí tobac agus aon nuashonrú ina dhiaidh le cur faoi bhráid an Ard-Stiúrthóra lena formheas agus ní bheidh sí infheidhme go dtí go mbeidh an formheas sin tugtha.

(8)

A luaithe a fhormheasfar an mhodheolaíocht nuashonraithe, ba cheart Cinneadh 2021/C 89 I/01 ón gCoimisiún a aisghairm agus a ionadú dá réir sin,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an mhodheolaíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála a chabhraíonn le táirgí tobac a bhfuil sainbhlas orthu a aithint, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh 2021/C 89 I/01 ón gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Sandra GALLINA

Ard-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia


(1)   IO L 131, 20.5.2016, lch. 79.

(2)  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1) arna leasú le Treoir Tharmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí áirithe a tharraingt siar i leith táirgí tobac téite (IO L 283, 3.11.2022, lch. 4).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/779 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na nósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil sainbhlas ag táirge tobac (IO L 131, 20.5.2016, lch. 48).

(4)  Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Márta lena bhformheastar modheolaíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh ar tháirgí tástála a chabhraíonn le táirgí tobac a bhfuil sainbhlas orthu a aithint (2021/C 89 I/01) (IO C 89I, 16.3.2021, lch. 1).

(5)  Treoir Tarmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite (IO L 283, 3.11.2022, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Modheolaíocht chun tacú leis an gcinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirge tobac

Feidhm maidir le toitíní, tobac rollta agus táirgí tobac téite

Arna formheas ag an bPainéal Comhairleach Neamhspleách maidir le sainbhlasanna i dtáirgí tobac an 31 Lúnasa 2023 tar éis an nós imeachta i scríbhinn.

Soláthraítear leis an tuarascáil seo an mhodheolaíocht chun tacú leis an gcinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirge tobac. Tá an mhodheolaíocht infheidhme maidir le toitíní, tobac rollta agus táirgí tobac téite, i gcomhréir le Treoir 2014/40/AE, arna leasú le Treoir Tarmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún.

Is é an Painéal Comhairleach Neamhspleách maidir le sainbhlasanna i dtáirgí tobac an Phainéil Chomhairligh Neamhspleách a ullmhaíonn an mhodheolaíocht sin, a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/786 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos an nós imeachta maidir le Painéal Comhairleach Neamhspleách a bhunú agus a fheidhmiú chun cuidiú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil sainbhlas ar tháirgí tobac, agus ionchur an Ghrúpa Theicniúil (a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/786 ) agus na cleachtais is fearr atá ar fáil sa réimse sin á gcur san áireamh.

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/786, foilseoidh an Coimisiún an mhodheolaíocht ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an Phainéil Chomhairligh Neamhspleách seo a leanas agus cuirfidh sé nasc chuig an suíomh gréasáin seo ar fáil ón gClár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin. Tuilleadh eolais:

 

Suíomh gréasáin an Phainéil Chomhairligh Neamhspleách: https://ec.europa.eu/health/tobacco/products/characterising_flavours/panel_en

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin:

 

https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&groupID=3452

SÉANADH

Le tuarascálacha/tuairimí an Phainéil Chomhairligh Neamhspleách maidir le sainbhlasanna i dtáirgí tobac, cuirtear i láthair tuairimí na n-eolaithe neamhspleácha atá ina mbaill den Phainéal Comhairleach Neamhspleách. Is sa bhunteanga amháin a fhoilsíonn an Coimisiún Eorpach na tuarascálacha/tuairimí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1608/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top