Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0133

Cinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939

ST/14627/2022/INIT

IO L 17, 19.1.2023, pp. 90–91 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 04/06/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/133/oj

19.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 17/90


CINNEADH (AE) 2023/133 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Eanáir 2023

lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (1), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a cheapfaidh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach as measc iarrthóirí arna roghnú ag an bpainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (“an painéal roghnúcháin”). Is í an Chomhairle a cheapfaidh na hIonchúisitheoirí Eorpacha as measc triúr iarrthóirí cáilithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát tar éis don Chomhairle tuairim réasúnaithe a fháil ón bpainéal roghnúcháin.

(2)

De bhun Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle (2), mairfidh téarma oifige na nIonchúisitheoirí Eorpacha ó ocht mBallstát, arna chinneadh trí chrannchur, 3 bliana agus ní fhéadfar é a athnuachan. Rachaidh téarma oifige na nIonchúisitheoirí Eorpacha sin in éag i mí Iúil 2023.

(3)

De bhun Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle (3), chuaigh sainordú chomhaltaí reatha an phainéil roghnúcháin in éag an 9 Deireadh Fómhair 2022,. Dá bhrí sin, ba cheart comhaltaí nua a cheapadh.

(4)

De bhun Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, is 12 dhuine a bheidh ar an bpainéal roghnúcháin, daoine a roghnófar as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Iniúchóirí, iarchomhaltaí náisiúnta Eurojust, comhaltaí na gcúirteanna uachtaracha náisiúnta, ionchúisitheoirí ardleibhéil agus dlíodóirí a bhfuil inniúlacht aitheanta acu.

(5)

Duine amháin de chomhaltaí an phainéil roghnúcháin, ní mór é a bheith molta ag Parlaimint na hEorpa. An 7 Meitheamh 2022, d’ainmnigh Parlaimint na hEorpa Margreet FRÖBERG mar chomhalta an phainéil roghnúcháin atá le moladh aici.

(6)

Chuir an Coimisiún san áireamh, maidir le comhaltas an phainéil roghnúcháin, an gá atá le cothromaíocht gheografach, cothromaíocht inscne agus ionadaíocht chuí ar chórais dlí na mBallstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú.

(7)

I measc an 11 duine a mhol an Coimisiún, tá iarchomhalta amháin den Chúirt Bhreithiúnais, iarchomhalta amháin den Chúirt Iniúchóirí, iarchomhalta náisiúnta amháin de Eurojust, seisear ionchúisitheoirí ardleibhéil agus beirt chomhaltaí ó chúirteanna uachtaracha náisiúnta, agus tá seisear fear agus cúigear ban ina measc.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, comhaltaí an phainéil roghnúcháin a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ar feadh tréimhse 4 bliana ón 20 Eanáir 2023, ceaptar na daoine seo a leanas mar chomhaltaí den phainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939:

 

Jean-François BOHNERT

 

Vítor Manuel DA SILVA CALDEIRA

 

Peter FRANK

 

Margreet FRÖBERG

 

Ulrike HABERL-SCHWARZ

 

María Ángeles GARRIDO LORENZO

 

Saale LAOS

 

Ján MAZÁK

 

Marin MRČELA

 

Lorenzo SALAZAR

 

Martine SOLOVIEFF

 

Tuire TAMMINIEMI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 maidir leis na rialacha idirthréimhseacha i dtaca le ceapachán Ionchúisitheoirí Eorpacha don chéad tréimhse den sainordú agus le linn na tréimhse sin, dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939 (IO L 103, 12.4.2019, lch. 29).

(3)  Cinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, (IO L 238, 21.9.2018, lgh. 92).


Top